s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

MÍCHEÁL Ó RUAIRC

 

 

 

Mícheál Ó Ruairc

 

Is ó Bhréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál ó dhúchas ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Tá dhá cheann déag d’úrscéalta agus dhá chnuasach gearrscéalta i gcló aige sa Ghaeilge. Tá trí chnuasach filíochta Gaeilge foilsithe aige agus ceann amháin as Béarla. Tá duaiseanna buaite aige as a chuid filíochta agus foilsíodh dánta dá chuid i ndíolamaí éagsúla. Tá filí clúiteacha aistrithe go Gaeilge aige, ina measc W.H. Auden, W.B. Yeats, Vasko Popa agus Thomas Hardy. Bhuaigh an bailiúchán filíochta is déanaí uaidh, bailiúchán dátheangach, Dambatheanga:Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2014.

 

 

 

 

 

 

An Lampa Briste

 

 

 

An lampa briste.

 

Bheadh sé ina chnámh spairne eadrainn go deo.

 

An chiontacht. An easpa muiníne. An drochamhras. Cé nár labhramar riamh ina thaobh ní fhéadfaí an ruaig a chur air. É i gcónaí leathcheilte ar imeall ár gcoinsiasa. Mar chréacht dholeigheasta ag ábhrú de shíor.

 

Agus an lampa féin? Níor thuigeas riamh an rírá agus an ruaille buaille go léir ina thaobh. Ó mo thaobhsa de ní raibh ann ach lampa. Cén cur amach a bheadh ag buachaill deich mbliana d’aois ar lampaí ar an gcéad dul síos? Conas a d’fhéadfadh sé luach a chur ar lampa ag an aois sin? Go háirithe lampa nach bhfaca sé lasta ná crochta san áit ina mbíodh an teaghlach bailithe de ló is d’oích’.

 

Cuimhne bheag fhánach agam ar é a fheiceáil crochta ó chrúca a bhí dingthe isteach sa bhíoma adhmaid ar an lintéar os cionn fhuinneog na cistine. Ansin is cuimhin liom é a bheith ina sheasamh ar lic na fuinneoige ina dhiaidh sin. Ach níl cuimhne ar bith agam é a fheiceáil ar lasadh. Cad chuige go mbeadh sé ar lasadh ar aon chaoi agus an solas aibhléiseach sa tigh againn i bhfad sular tháinig mise ar an saol?

 

Is cuimhin liom go raibh lampa ola phairifín – laindéar doininne de shórt éigin – ar crochadh ón tsíleáil i dtigh m’aintín. B’shin an t-aon solas a bhí aici sa tigh. Bhíodh mo thuismitheoirí ag séideadh fúithi de shíor agus ag rá go raibh sí ró-sprionlaithe agus ró-sheanaimseartha chun an solas aibhléiseach a thabhairt isteach. Maidir liomsa bhínn faoi gheasa aige. Nuair a bhíodh sé lasta aici bhíodh dordán de chineál éigin ag teacht uaidh agus boladh na hola go láidir san aer. An rud ba mhó a thaitníodh liom ná a bheith ag breathnú ar na scáileanna dorcha ag rince ar na fallaí aoldaite agus mé suite ar chathaoir shúgáin cois na tine.

 

Níorbh ionann an dá lampa. Bhí lampa m’aintín déanta as copar donn ar fad. Fiú amháin an scáthlán. Ní raibh gloine ar bith ann. Bhí an lampa seo ’gainne déanta as gloine ar fad, áfach, cé is moite den fhráma a bhí déanta as miotal. Ag smaoineamh siar air anois lampa álainn ba ea é. Lampa ornáideach. Lampa a bhí déanta as gloine phoircealláin. Lampa ar a raibh dearadh daite de dhragan agus lasracha tine ag brúchtadh amach as a pholláirí. Rósanna damascacha beaga ag ornáidiú an scáthláin. Lampa gleoite. Píosa ealaíne.

 

Ar an ábhar sin cuireann sé ionadh orm gur cuireadh an lampa isteach leis an treillis breillis go léir a bhí thuas sa lochta. Caithfidh go rabhas-sa ar scoil an lá a cuireadh in airde sa lochta é. Bhí an lochta suite ag bun an tí agus ní fhéadfá dul suas ann gan dréimire a úsáid. Bhínn i gcónaí fiosrach faoin lochta céanna. Bhínn ag tnúth go mór le dreapadh suas agus féachaint ar cad a bhí ann. Ach bhí cosc orm féin agus ar mo dheirfiúr a bhí trí bliana níos sine ná mé é sin a dhéanamh.

 

Dúradh linn go raibh lucha agus ‘damháin alla a bhí chomh mór le portáin’ thuas ann. Mar sin féin bhínn ag faire de shíor ar an deis a fháil geábh a thabhairt ar an áit.

 

Tráthnóna amháin i rith an tsamhraidh bhí m’athair thiar sa mhóinéar ag sábháil an fhéir agus bhí mo mháthair agus mo dheirfiúr, Eibhlín, bailithe leo go dtí an sráidbhaile ag siopadóireacht. Thógas an dréimire ón scioból ar chúl an tí agus thugas isteach sa tigh é. Dhruideas an doras agus chuireas ina sheasamh ag bun na cistine é agus dhreapas suas isteach sa lochta. Ní raibh faitíos dá laghad orm roimh lucha ná damháin alla ach roimh mo mháthair amháin!

 

Cheapas go raibh Tír na nÓg aimsithe agam. Bhí iontaisí an tsaoil romham. Seana-bhábóga agus seana-theach bábóige de chuid Eibhlín, mo dheirfiúr. Bréagáin bhriste de mo chuid féin. Sean-éadaí. Leabhair, Sean-irisí agus sean-nuachtáin. Srathair asail. An bhéalbhach agus an cheanrach a bhíodh ar Black Beauty sular cailleadh é. An bosca saighdiúirí a tugadh dom nuair a dheineas mo chéad Chomaoineach.

 

Bhí trunc mór ag an gcúl ar fad. Istigh ansin bhí hataí, bróga, gúnaí agus criosanna móra le búclaí ornáideacha orthu a thagadh sna parcels móra ó Mheiriceá um Nollaig gach bliain. Thíos ag bun an trunca thángas ar bheart Westerns a tháinig ó Mheiriceá freisin, is dócha. Thógas dhá cheann – ceann le Zane Grey agus pictiúr de chapall ar an gclúdach agus ceann le Louis L’Amour agus beirt bhuachaillí bó ag tabhairt aghaidh ar a chéile i lár na sráide  agus iad réidh lena ngunnaí a tharraingt – agus shás isteach i bpóca mo sheaicéid iad.

 

Ag iompó ón trunc a bhíos nuair a bhuaileas an seastán adhmaid nár thugas faoi deara roimhe sin. Bhí sé ró-dhéanach dom an lampa a bhí ina sheasamh in airde air a shábháil agus rinneadh smidiríní de ar an urlár adhmaid. Ba bheag nár léimeas as mo chraiceann leis an ngeit a baineadh asam. Dheineas iarracht na píosaí beaga gloine a bhailiú agus an rud ar fad a chur ar ais le chéile arís ach bhí sé fánach agam. Bhí an scáthlán ina smidiríní ar fad agus bhí an lampa féin briste chomh maith, an dragan leis an tine ag brúchtadh as a pholláirí scoilte ina dhá leath agus a cheann bainte dá cholainn ar urlár an lochta.

 

Thosnaíos ar ballchrith. Fuaireas sean-nuachtán agus dheineas creatlach an lampa a chartadh isteach ann agus chuireas an t-iomlán i bhfolach sa chúinne dorcha taobh thiar den trunc. As go brách liom ansin ar dalladh anuas an dréimire agus d’iompraíos thar n-ais go dtí an scioból é.

 

Dheineas dearmad ar na Westerns a chur ar ais isteach sa trunc.

 

Chuireas isteach faoin tocht iad i mo sheomra leapa agus d’imíos siar go dtí m’athair sa mhóinéar.

 

Thug mo mháthair faoi deara go rabhas tostach ag an mbord ag am dinnéir.

 

“Tán tú an-chiúin, a Thaidhg,” ar sise liom, “an bhfuil aon rud cearr leat?”

 

Chroitheas mo cheann gan féachaint uirthi.

 

Sula raibh deis ag ceachtar againn labhairt arís, ghearr m’athair isteach orainn agus labhair faoin bhféar agus cé chomh tirim agus a bhí sé agus faoi mar a mbeadh sé á thabhairt isteach an tseachtain dar gcionn dá leanfadh an dea-aimsir. . . . . . . .

 

 

Um Shamhain bhí tráth na gceist againn sa rang. D’éirigh liom naoi gceist as deich gcinn a fhreagairt i gceart agus rugas an chraobh liom. Bairín breac le fáinne agus ceirt istigh ann an duais a bronnadh orm. Seo liom abhaile ar chosa in airde.

 

Nuair a shroicheas lic an dorais oscailte bhí saothar mór orm ó bheith ag rith.

 

“Féachaigí ar a bhfuil buaite agamsa!” a spalpas amach in ard mo chinn is mo ghutha agus an báirín breac ardaithe san aer agam.

 

Thit an lug ar an lag agam láithreach, áfach.

 

Bhí mo mháthair suite cois na tine agus na deora léi. Bhí m’athair suite ag ceann an bhoird agus a cheann faoi aige. Bhí mo dheirfiúr Eibhlín ina seasamh le hais an dreisiúir ag féachaint amach roimpi go gruama.

 

Bhí rud éigin cearr.

 

D’fhanas mar a raibh agam, reoite ar lic an dorais i mo bhalbhán.

 

M’athair ba thúisce a labhair.

 

“An rabhais thuas sa lochta, a Thaidhg?” ar seisean go giorraisc.

 

Níor fhreagraíos. Thóg sé tamaillín orm a thuiscint cad chuige ar chuir sé an cheist sin orm. Bhí dearmad glan déanta agam ar an lampa briste.

 

“Ní rabhas.”

 

D’fhreagraíos go mall, cúthaileach cé gur mhothaíos m’aghaidh ag lasadh go bun na gcluas. Smaoiníos ar an dá Westerns a bhí sáite isteach faoin tocht i mo sheomra leapa agam agus bhí súil le Dia agam nach rabhadar aimsithe acu. Dá mba rud é go raibh bhí mo phort seinnte agus bheadh orm an fhírinne a insint. Bhí siad tógtha amach agam minic go leor chun giotaí a léamh astu agus chun breathnú ar na clúdaigh dhaite ach bhíos nach mór lánchinnte go raibh siad curtha thar n-ais agam arís.

 

Ach b’fhéidir gur tháinig mo mháthair orthu agus í ag cóiriú mo leapa ar maidin? D’fhéachas uirthi. Bhí a haghaidh tógtha suas aici agus í ag breathnú i mo threo. Bheadh orm an fód a sheasamh.

 

“Cén fáth?”

 

D’fhéachadar ó dhuine go duine sular fhreagair m’athair.

 

“Briseadh an lampa ola a bhí in airde ar sheastán thuas ann. Tá a bhfuil fágtha de scuabtha isteach sa chúinne ag duine éicint. Ní fhéadfadh sé dul isteach ann as a stuaim féin . . .”

 

Ghearr mo mháthair isteach air.

 

“. . . agus is cinnte nárbh í Eibhlín a bhris é. Tá sí siúd sceimhlithe ina beatha roimh dhréimirí agus airde.”

 

Níor oscail Eibhlín a béal ach d’fhan mar a raibh aici ag féachaint ar spota éigin a bhí aimsithe aici ar an bhfalla aoldaite trasna uaithi.

 

D’fhanas i mo thost.

 

D’éirigh m’athair ina sheasamh agus d’imigh amach.

 

D’imigh Eibhlín suas staighre go dtí a seomra leapa, a mála scoile á iompar aici.

 

Chuireas féin mo mhála scoile go cúramach ar an gcúits. Ansan chuas chomh fada leis an mbord agus leagas an bairín breac air.

 

Thóg mo mháthair ciarsúr as póca a naprúin agus thosnaigh ag tabhairt smitíní beaga de dá súile. Go tobann labhair sí.

 

“Mo mháthair a thug an lampa san dom agus mé ag fágaint an bhaile. A seanmháthair siúd a thug di é. Deirtear go raibh sé inár gclann ar feadh seacht nglúine. B’é an t-aon rud luachmhar a thugas go dtí an tigh seo agus anois tá sé briste ina smidiríní.”

 

D’iompaigh sí i dtreo na tine agus lig osna chléibh aisti.

 

Tar éis tamaillín d’éirigh sí ina seasamh, chuaigh go dtí an drisiúr agus d’aimsigh pláta. Bhain sí an pota a bhí crochta os cionn na tine anuas agus chrom ar an bpláta a líonadh ón bpota le liach. Ansan leag sí an bagún agus cabáiste os mo chomhair amach ar an mbord mar aon le prátaí ón sáspan. Líon sí cupán bainne ón gcrúiscín agus chuir le hais an phláta é.

 

Lean sí uirthi ag clamhsán os ard.

 

“Ní féidir leat do dhroim a iompó sa tigh seo gan duine éigin a bheith i mbun diabhlaíochta taobh thiar díot. An bhfuilir cinnte nach rabhais in airde sa lochta i rith an tsamhraidh, a Thaidhg . . . an lá san go rabhas féin agus Eibhlín istigh sa sráidbhaile ag siopadóireacht . . ?”

 

Bhíos ag cur séideog ar an bpláta ag iarraidh a raibh air a fhuarú. Labhras gan féachaint uirthi.

 

“. . . ní rabhas. Bhíos ag lorg nead circe sa raithneach thuas ar thaobh an chnoic nuair a bhí sibh ag imeacht. An cuimhin leat? Nuair nár éirigh liom é a fháil chuas siar go dtí an móinéar ag cabhrú le daid . . .”

 

“. . . caithfidh go bhfuil taibhse sa tigh mar sin! Dúras le d’athair dul suas ann ar maidin agus an lampa a bhreith anuas chugam. Bhíos chun é a chrochadh inár seomra leapa féin mar mhothaíos uaim é ach ní chrochfar riamh is choíche ann anois é. Pé mífhortún a bhí orm a rá leis é a chur suas sa lochta an chéad lá riamh.”

 

“Ach nach féidir é a dheisiú, a mham?”

 

D’fhéach sí orm go cantalach.

 

“É a dheisiú, ab ea? Ní fhéadfadh Gaibhne Geala Oileáin na bhFionn é a dheisiú anois, a bhuachaill. Tá ciolar chiot déanta de ag brealsún éigin. Tá sé ina smidiríní ar fad. Dúras le d’athair é a thógaint agus a chaitheamh isteach i gclaí Gharraí na Driseoige as mo radharc. Ó, Dia go deo linn, nach mé atá dubhach, brónach ina dhiaidh. Lampa álainn mo shin-seanmháthar atá anois ag lobhadh amuigh ar an gclaí. Nach mór an díol trua mé.”

 

D’fhág sí an tigh agus a ceann faoi aici. I gceann tamaillín chonac amuigh sa bhuaile í ag beathú na gcearc le praiseach bhuí, iad ina n-ealta ocrach mórthimpeall uirthi agus í ag dáileadh na praisí orthu as seanmhias a raibh cluas amháin ar iarraidh uirthi . . . . . . . . . 

 

 

Bhí lá a sochraide ar cheann de na laethanta ab fhearr a fhacthas sna bólaí úd leis na cianta. An séú lá déag de Lúnasa 2000.

 

Fuaireas glaoch teileafóin ó Eibhlín agus mé amuigh ag siúl le mo mhadra i Central Park.

 

“Tá sí ag éirí an-lag, a Thaidhg. Ní mór duit teacht abhaile láithreach má theastaíonn uait í a fheiscint ina beatha.”

 

Dheineas rud uirthi.

 

Cailleadh m’athair go tobann deich mbliana roimhe sin. Taom croí. Nuair nach raibh ar chumas mo mháthar déanamh di féin a thuilleadh chuaigh sí chun cónaithe le hEibhlín ag druidim le lár na nóchaidí. Nuair a theip ar a meabhair chinn cuireadh isteach i dtigh altranais í. Nuair a bhíos ina teannta ar mo chuairt ba dhéanaí abhaile um Nollaig bhíos den tuairim go raibh teipthe go tubaisteach uirthi.

 

Agus mé thar n-ais ar na seanfhóid arís chuas caoldíreach go dtí an tigh altranais. Bhí sí ina codladh nuair a shroicheas an áit, cuma chaite, chloíte uirthi agus í ag análú go tochtach, taghdach.

 

Shuíos ina teannta agus an déanaí ag breith ar an dtigh mór iargúlta le hais na farraige. Caithfidh gur thit néal codlata orm mar nuair a dhúisíos bhíomar sa leathdhorchadas. Thugas faoi deara go raibh sí ina dúiseacht agus a súile oscailte aici. Ní rabhas cinnte ar aithin nó nár aithin sí mé.

 

Baineadh stangadh uafásach asam nuair a labhair sí.

 

“An bhfacaís mo lampa breá ola in aon áit, a Thaidhg?” d’fhiafraigh sí díom os íseal agus í ag gliúcaíocht orm ón leaba. Ní raibh ann ach a scáth agus d’fhéadfaí glothar an bháis a chloisteáil ina scornach agus a fheiscint ina súile fiáine.

 

Cé gur tháinig an cheist go hiomlán aniar aduaidh orm, chuireas guaim ar mo chuid mothúchán agus níor ligeas tada orm. Rugas greim daingean ar a láimh chnámhach agus chuimil mé cúl a láimhe lem’ mhéara.

 

“Chrochas ar an bhfuinneog é,” dúras léi go gealgháireach, ag iarraidh í a chur ar a suaimhneas, “bhí sé ar lasadh ar feadh na hoíche sa bhaile agam aréir. B’iontach ar fad an solas a thagann as . . . ”

 

Nílim cinnte ar thuig nó nár thuig sí a raibh ráite agam ach d’iompaigh sí uaim i dtreo an fhalla agus thit a codladh uirthi athuair, codladh corrach, míshuaimhneach, codladh an bháis.

 

D’fhanas i dtigh Eibhlín agus a fir chéile, Muiris, faid a bhíos aige baile.

 

An lá sular fhilleas ar Nua Eabhrac thugas cuairt ar an seanbhaile. Bhí breis agus  cúig bliana imithe ó d’fhág mo mháthair an áit agus bhí a rian sin air. Féar garbh agus fiailí ag gabháil seilbhe ar chlós na feirme. Buacalláin bhuí ag fás ar an gcosán agus ag gobadh amach as na claíocha teorann. An tigh féin ag dreo.

 

Dheineas mo bhealach anuas go dtí Garraí na Driseoige. Bhí na claíocha ansin clúdaithe le driseacha, le neantóga agus le raithneach.

 

D’aimsíos an áit ina raibh creatlach an lampa caite ag m’athair nach mór dhá scór bliain roimhe sin. Dhóigh na neantóga goimhiúla mo mhéara agus chuaigh dealg feochadáin go smior i m’ordóg.

 

Faoi dheireadh d’éirigh liom radharc a fháil air. Bhí an fráma ar fad ídithe ag am agus aimsir ach bhí smionagar an lampa fós ann, scaipthe i measc na gcloch. D’aimsíos blúire beag den scáthlán a raibh rós damascach beag fós greanta go soiléir air. D’fhilleas go cúramach im’ chiarsúr é agus chuireas isteach i bpóca mo chasóige é.

 

Ar mo bhealach aníos thugas cead a gcinn do na deora sní anuas mo leicne isteach im’ bhéal go dtí go bhféadfainn a ngoirte a bhlaiseadh ar mo theanga.

 

 

©2015 Mícheál Ó Ruairc

 

 

Author Links

 

Mícheál Ó Ruairc ag Cois Life

Mícheál Ó Ruairc ag Southword

Ó Ruairc ag Cló Iar-Chonnact

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15