s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

"Buachaill Beag an-dathúil is ea Seán Ó Ríordáin!"

 

Léirmheas le Stiofán Ó Cadhla

 

 

 

 

Stiofán Ó CadhlaRugadh Stiofán Ó Cadhla i Rinn Ó gCuanach agus tógadh ansan agus i mBaile an Easpaig ar imeall chathair Chorcaí é. Is ceann é ar Roinn an Bhéaloidis agus na hEitneolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá idir ailt agus leabhair ar ghnéithe den chultúr dúchais scríofa aige, as Béarla agus as Gaeilge. Roghnaigh Cumann Merriman Cá bhFuil Éire? Guth an Ghaisce i bPrós Sheáin Uí Ríordáin (Clóchomhar 1998) mar ‘Leabhar na Bliana’.  D’fhoilsigh The Holy Well Tradition (Four Courts Press 2002),  Civilizing Ireland: Ordnance Survey 1824-42: Ethnography, Cartography, Translation (Irish Academic Press 2007) agus An tSlat Féitheloige:Ealaíona an Dúchais 1800-2000 (Cló Iar-Chonnacht 2011), saothar a bhuaigh an chéad duais do shaothar próis sna comórtais liteartha ag Oireachtas na bliana 2010. Foilíodh dánta leis in Innti. Ba é An Creideamhach Déanach (Coiscéim 2009) an chéad chnuasach filíochta aige. Bronnadh Gradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide air sa bhliain 2012. Foilsíodh an tarna cnuasach Tarraing na Cuirtíní, a Dhochtúir (Coiscéim 2012), bronnadh duais aitheantais sa Chomórtas Filíochta i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2012.

 

 

 

 

 

Anamlón BlianaAnamlón Bliana - ó dhialanna an Ríordánaigh

Tadhg Ó Dúshláine a chuir in eagar

(Cló Iar-Chonnacht, 2014)

Tagairt: 9781784441005

€25

 

Ceannaigh Anamlón Bliana -- ó dhialanna an Ríordánaigh ag Cló Iar-Chonnacht

 

 

Is é an deichiú lá de Bhealtaine 1950 é agus tá file Inis Cara ar chúl an tí i mbun pinn arís, ní filíocht atá ag déanamh tinnis dó an babhta seo ach an dialann, ‘tá fhios agam áit amháin ar an mbith nach dtagann fás ná fairsinge ar aigne an duine agus is é sin Halla na Cathrach i gCorcaigh’ (160). Ar fhianaise an leabhair seo rithfeadh leat gur mhair Seán Ó Ríordáin idir dhá halla mhóra, halla an rince agus Halla na Cathrach. Ar láimh amháin bhí an daoscar, na daoine agus ar láimh eile trealamh agus traipisí an stáit. Is é atá sa leabhar seo ach rogha an eagarthóra de dhialanna Uí Ríordáin a choimeád sé ó 1940 go dtí an bhliain ar cailleadh é, 1977. Ní ó aon bhliain amháin a baineadh na sleachta seo ach as an iomlán. Is geall le haistí cuid des na hiontrálacha agus tá téagar sa leabhar agus é maisithe leis an iliomad líníochtaí de chuid an fhile féin. Tá féinphortráid ar aghaidh an leabhair a léiríonn thar amhras go raibh féith na healaíne sa bhfile seo i dteannta fhéith na filíochta, go deimhin is minic é ag cur is ag cúiteamh cé acu filíocht nó ealaín ‘is dual do’ (51). Éiríonn go maith leis na líníochtaí, an file  ‘ag tarraingt créatúirí ná raibh riamh ann’ (63). Ní foláir nó is léiriú eile ar a chuid suime sa duine iad, iad foirmeálta, greannmhar, ait, dáiríre, sollúnta, earráideach, ar an imeall, ag taibhreamh ar dhomhan eile nó ag gáire faoin saol seo b’fhéidir, cá bhfios?

Tá blas an reiligiúin ar an díonbhrollach gairid atá curtha ag an bhfear eagair Tadhg Ó Dúshláine leis an ndíolaim. Ní fheadar an bhfuil aon phráinn an dialann a mhíniú ar shlí ach an chéad rud ná a chéile a fhógraíonn an Ríordánach ná ‘chuireadh an teideal ‘file caitliceach’ nó ‘file’ deargdéistean orm i gcónaí’ (1). Bíonn iarracht den amhras ormsa i gcónaí, ar a shon go ngéillim féin do cheann nó dhó ó am go chéile, maidir le fírinne na lipéadaí coitianta seo. Sa gcéad iontráil tarraingíonn an file ar Johan August Strindberg agus is forógra ar a bhfuil le teacht í. Tugann sé leid dúinn gurb é an uile dhuine an scríbhneoir, súch leis an súch, olc leis an olc, maith leis an maith, fireann, baineann, sean, óg, rí, bacach, tíorán nó reibiliúnaí (1). Is dócha gur cuid de ghalar na haimsire é ach bíonn Ó Ríordáin dian thar fóir air féin. Bíonn sé de shíor ag borradh is ag at is ag coraíocht le seánraí liteartha léannta traidisiúnta spioradálta, á mheas, á shamhlú agus á shearradh féin riamh is choíche. Is dócha gur ábhar suime na gearáin féin faoin dtráth seo, is den aimsir iad, tá ionad acu ar léarscáil rúnda mhorálta chultúrtha na tíre. Inniu ní haon nath a leithéid d’fhaoistin ná d’fháistine, léimíd a leithéid i gcolúnóireacht sheachtainiúil na nuachtán.

Ní mé an gifte Corcaíoch é ach gheofaí cnuasaigh de leathfhocail nó de oneliners an fhile a chur le chéile, ní dócha go bhfuil a shárú le fáilt sa Ghaeilge; ‘Focail! Focail! Focail! Agus foc all iontu’ (177), ‘Pógadh an chinniúint lofa seo ár dtóin!’ (177), ‘Pé mí-ádh atá ort go bhfuil an t-ádh ort nach é mo mhí-ádhsa atá ort!’ (181), ‘Ní maith leo an Ghaeilge a bheith áthasach’ (171), ‘Ní dóigh liom go dtuigeann Dia, an tAthair uilechumhachtach, an Ghaeilge’ (130), ‘A Dhia, cothaigh stailc agus neamhumhlaíocht ionainn ionas go mbeidh de mhaitheas ionainn gabháil de chicanna ort, más gá’ (119), ‘Ní féidir liom an fhírinne a aithint thar an éitheach de dheasca mo ghliocais féin’ (134), ‘Is uafásach an tír í Éire. Ní haon ionadh daoine a d’fháil báis ar a son mar b’fhusa go mór é sin a dhéanamh ná maireachtaint inti’ (110), ‘Deineann buidéal fíona Ibsen de dhuine amháin agus Ataturk de dhuine eile’ (108).

Ní fheadar an ceart an file a chreidiúint go huile is go hiomlán i gcónaí, is cuma an diúltach nó dearfach dó, é sin nó is minic coincheap na teorainne féin ina ábhar suime agus ina fhoinse feasa agus scóip aige. Is minic a scríobhann sé, mar shampla,  ná fuil aon mhaith ann féin, ‘Níl éalú ó aigne na tíre ach ag fíorbheagán, is baol liom, agus nílimse ar an mbeagán sin’ (81). Ba dhóigh liom féin gurb é sin díreach an éacht a dhein Ó Ríordáin. In ainneoin fhoclóir an tsíceolaí, a dtarraingítear air go minic chun cur síos ar an bhfile, tá comharthaí dóchais ann go minic. Sa bhliain 1940, cuireann sé roimhe ‘buachtaint ar an eitinn’ féin (33) nó buachtaint ar ‘eitinn na Gaeilge’, is é sin le rá an Béarla (33). Sa bhliain 1956, arís tá leid ann gur thuig sé féin go maith an teannta inar chuir a chuid drochshláinte é, agus an misneach a bhí aige féin, ‘nár thánag slán as drochbhreoiteacht a sháródh aon duine’ (164). Arís ón mbliain 1960, ‘Tá an samhradh chugainn is bíodh an diabhal ag an ngeimhreadh’ (151).

Is geall le saotharlann dhaonna aige é agus é féin go minic ina bolg i mbun turgnaimh go fuarchúiseach, oibiachtúil, cliniciúil babhtaí, dian diúltach mallachtach babhtaí eile. Is dian nó tá promhadh stíle i gceist is slí oiriúnach á nochtadh aige chun cur síos ar ghnéithe pearsanta, daonna, daonlathacha, daonnachtúla an tsaoil nua-aoisigh. Is dian nó gur éirigh leis stíl phróis lom dhíreach éifeachtúil a fhorbairt i roinnt des na hiontrálacha a bheadh inchurtha le cuid d’úrscéalaithe móra na hEorpa ach forbairt uirthi. Tá sé le tuiscint uaireanta gur as ithir dá leithéid, ithir na dialainne nó ithir na haigne ar an gcéad dul síos is dócha, a éiríonn Féinics na filíochta seo go fírinneach. Is ábhar machnaimh ann féin an misneach a bhí aige réim nua den teanga, den bhfililiúlacht ‘a sholáthar as a aigne féin’ (172). D’éirigh leis leanúint air ag séideadh agus ag análú, scaoil sé gad céadfaíoch na linne, níor lig sé don ‘spídiúcháin’ a thug oitreacháin dó é a chur dá bhuille, is beag amhras orm ach gur éacht liteartha agus daonna é seo. Is cruthaitheacht bhunúil fhírinneach a thagann as an eachtraíocht aonair ó Bhaile Mhúirne go hInis Cara, ós na hUamhanna agus ón Roithleán siar amach go Dún Chaoin.

        Seachas an méid sin tugtar iliomad éachtaintí iontacha dúinn ar shaol laethúil an fhile, idir laethanta sona agus laethanta dona. Bíonn comhartha le gach iontráil geall leis. Seo an Capuchin Annual, Féil-Sgríbhinn Eoin Mhic Néill, Ibsen, Corkery, Conrad, Eliot, Milton, Chesterton, The Bell, The StandardJohn o’London’s Weekly á léamh aige. Seo é míshásta le Gaeilge de Valéra agus Michael O’Hehir nó le Béarla na scoláirí Gaeilge. Seo é ag díol seanbhalcaisí éadaigh i gCorcaigh chun cúpla punt a fháil (208), ina scríobhaí sa seomra ar chúl an tí nó sínte sa leaba ag taibhreamh ar an bPápa (40). Pé rud a bhíonn faoi thrácht bíonn sé i gcónaí eolgaiseach léannta fealsúnta daonna go smior. Cén mhaith aon fhiacail a chur ann, bhí sé ar an daonnaí ba mhó in Éirinn an fhichiú haois. Ag léamh an Examiner dó tugann sé faoi ndeara go bhfuil Miss Walsh, ‘deirfiúr léi is ea máthair Thomáis Mhic Curtáin’, tar éis báis, léiríonn an cur síos ar Miss Walsh an tsuim agus an bhá thar fóir a bhí aige le daoine, ‘chaith sí a saol, airím, ag déanamh cineáltais do dhaoine eile agus ag déanamh faillí san ego’ (56). B’ait an scéal é mara mbeifeá ag súil le greann i gcónaí uaidh, agus nuair a bhuaileann sé le mac driothár den ainm chéanna leis féin is mear uaidh a scríobh ‘Buachaill beag an-dathúil is ea Seán Ó Ríordáin. Ní mór ná go bhfuil sé ar aon chomhrian lena uncail’ (214). Rud amháin ná fuil fíor mar gheall ar na dialanna is ea gur ‘cnáimhseáil ar fad’ iad, rud a thug Ó Ríordáin le fios (357). Ná creid é, is tuilleadh fianaise ar bhua daonna fhile mór na haoise, ‘b’fhéidir muna bhfaighimis ach bia a hullmhaíodh le réasún amháin le caitheamh go mbeadh sé tirim in éagmais an uisce ghoirt, nó in éagmais úruisce an áthais’ (96), an fhírinne ghlan i gcónaí. Tá ár mbuíochas tuillte ag Tadhg Ó Dúshláine as an seod breise seo a chur le carn an Ríordánaigh agus na litríochta Gaeilge tré chéile.

 

 

 ©2015 Stiofán Ó Cadhla

 

Author Links

 

Leabhair le Stíofan Ó Cadhla ag Cló Iar-Chonnacht

Civilising Ireland le Dr. Stíofan Ó Cadhla

The Holy Well Tradition le Dr. Stíofan Ó Cadhla

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15