s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

CAITLÍN NIC ÍOMHAIR

 

 

 

 

 

Caitlín Nic Íomhair

Dúnach í Caitlín Nic Íomhair, iníon léinn dochtúireachta i gColáiste na Tríonóide. Scríobhann sí dánta agus scéalta, agus tá úrscéal idir lámha aici. Tá suim aici i gcócaireacht agus tá sí an-cheanúil ar chait.

 

 

 

 

 

 

Méarlorg



Lámhscríbhinn gan bhearnú í

i leabharlann ár leapa

a ceilteacht faoi chlúid braillíní

ag cur faobhair ar m’ampla

is tá fonn aisteach léitheoireachta orm.

 

Sínim romham í, druidim súile,

is téann i muinín mo mhéar.

 

Leanaim ponc.ponc.ponc chnámh a muineáil

méaraím ceannlitreacha a géag

sínte go maorga

ó chnámh dhíreach fleisce.

Cuair na beathaisnéise

faoi chlúid craicinn cailce;

litreacha oghaim ar leathanach beo.

 

Pógaim achan litir,

féile fleisce ar mo bheola

agus i lomlár na hinsinte

crannchnámh a heasnacha

seang agus freangtha

ag síorbhláthú thar a croí.

 

Pógaim easpa Ádhaimh.

Altaím do Dhia.

Agus titim go fonnmhar.

 

©2015 Caitlín Nic Íomhair

 

 

 

 

Author Links

 

Suíomh gréasáin Chaitlín Nic Íomhair

Caitlín Nic Íomhair ag Academia.edu

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15