
GO TO MLC HOMEPAGE

FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2018

Submit to Southword
ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

Chapbooks by Fool for Poetry
Competition Winners 2018
Not in Heaven by Molly Minturn
Bog Arabic by Bernadette McCarthy

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
LOUIS DE PAOR

Foilsíodh Rogha dánta leis sa bhliain 2011, a rogha féin as seacht gcnuasach a d’fhoilsigh Coiscéim as Gaeilge idir 1988 agus 2010. Is é an leabhar dhátheangach The brindled cat and the nightingale’s tongue (Bloodaxe 2014) an leabhar filíochta is déanaí dá chuid.
Photo © Amanda Gentile
Tolláin
Ní cuimhin liom í a chur ann,
mo láimh athardha timpeall ort
is tú go domhain id chodladh
in aice liom, ach tá sí ann
ar a shonsan nuair a dhúisím
is an traein díreach ag teacht
ón dtollán fuar go gcaitheann
gach éinne againn dul tríd
ó am go ham le deimhniú arís
go bhfuil solas fós ar lasadh
ag ceann eile an phoill. Is rófhada
i gcónaí de bheagán an turas sin
aníos ar ais nó go mbraithim
na doirse ag oscailt, an ghrian
ag éirí id shúil chodlatach
is tú ag dúiseacht in aice liom,
mo láimh mharbh timpeall ort
dod tharraingt ón bpoll atá romhat
i gcónaí dem ainneoin lom
is nach cuimhin liom riamh a chur ann.
©2015 Louis De Paor
Author Links
Louis De Paor ag Bloodaxe Books
"Irish language links us back to our roots": Louis de Paor ag Irish Examiner
|