s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

DÚNANN DIA A DHORAS DÉ DOMHNAIGH

le DERRY O'SULLIVAN:

Léirmheas le Máirtín Coilféir

 

 

 

 

Máirtín Coilféir


Is as an Uaimh, Co. na Mí, do Mháirtín. Tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Oibríonn sé in UCD agus is é eagarthóir liteartha na hirise Comhar é. Bíonn sé ag scríobh ar an nualitríocht.

 

 

 

 

 

 

Derry O'SullivanDúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh

Derry O'Sullivan

(Coiscéim, 2014)

Tagairt: 6660012140343

€7.50

 

Ceannaigh Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh ag Coiscéim

 

 

Tá sé de chrann ar Derry O’Sullivan (agus ar mhórán eile) go luaitear é le hidirghlúin filíochta – an dream sin a d’fhás aníos idir an triúr mór nua-aoiseach (Ó Direáin, Ó Ríordáin agus Mhac an tSaoi) agus athghlúin chlúiteach INNTI. Tá sé ina dheilín ag lucht acadúil freisin nach bhfaigheann an idirghlúin chéanna an t-aitheantas atá ag dul dóibh, go bhfuil a saothair faoi urú acu siúd a tháinig rompu agus ina ndiaidh. Ar an mórgóir is fíor, ach le blianta anuas tá níos mó airde á tabhairt anois ar na filí ‘faillithe’ seo agus ní fearr léiriú air sin ná O’Sullivan féin: faoi seo tá dánta leis bailithe i nduanairí móra Gaeilge, Béarla agus Fraincise; in 2012 bronnadh The Times Stephen Spender Prize air; agus, anuraidh, fuair sé beannacht chritice i leabhar le Pádraig de Paor, Áille na hÁille. Má tá an seachtó bliain féin slánaithe aige anois is ag dul i mbisiúlacht atá O’Sullivan, cheapfá; i mbliana a tháinig an cnuasach is deireanaí uaidh, Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh.

 

Tá ceithre dhán is tríocha ar fad sa gcnuasach (tá uimhir ag dul le gach aon cheann acu) agus is é is suntasaí faoi ná leanúnachas nó rialtacht an ábhair ann. Is é sin, tá glac téamaí agus íomhánna á gcíoradh agus á n-athchíoradh ag O’Sullivan go dúthrachtach anseo. Páras, mar shampla – áit a bhfuil cónaí air le fada – tagraítear di i dtuairim is trian de na dánta ann, agus is minic a tharraingíonn sé uirthi le ceisteanna faoin mbaile a bhogadh. Ainneoin go bhfuil aithne na mblianta aige ar an gcathair bíonn míshuaimhneas air nuair a chuimhníonn sé ar cén áit is dual dó dáiríre:

 

Saoránach sealadach mé de náisiún taibhrimh,

Deoraí ar an Mór-Roinn,

Gan chead vótála i mo thír dhúchais shealadach féin,

Ná i mo thír aíochta (‘Saoránach Sealadach’).

 

Ina dhiaidh sin is léir go dtagann cuid mhór de na dánta as turais an fhile timpeall na cathrach céanna, bíodh sé ag taoscadh caife i mbistro beag, ag breathnú ar chló na sráideanna ag claochlú leo, nó ag taiscéaladh na mbealaí cúnga: ‘I gcathair Voltaire is Wilde / Crannlaoch mé i gcúrsaí cosáin, / Ag ól caife is peann i mo láimh, / Ag éisteacht le torann gluaisteán’ (‘Caife Beatha’). Amanta ní socair ar fad é ina thír altrama: ‘Is ionann cathair is uaigneas againn,’ a deir sé in ‘Bláth Reo Ar Shliabh Eargail’. Ach amanta eile athraíonn Páras ina cathair filíochta, áit a dtugtar le chéile Éire agus an imigéin, an aimsir chaite agus an aimsir láithreach, na mairbh agus na beo. Seo ceann de bhéithe O’Sullivan: an caidreamh sin a dhéanann sé lena ‘sheacht sinsear’ Gael agus leis an mbeatha trí chéile nuair a thochlaíonn sé faoi chraiceann tanaí na comhaimsearthachta:

 

Mé i mbéal na sráide i bPáras,

Cupán caife, gloine uisce ar an mbord romham.

A n-anamacha ag imeacht ar malairt tríom,

Gnúis mhalartach m’athar is mo mháthar orthu

Ó chliabhán go cróchar,

Bróga linbh, bróga aosánaigh, bróga pósta

Á gcaitheamh acu arís [...]

Is bisíonn oll-anam ionam (‘Mo Thuismitheoirí Idirnáisiúnta’).

 

Tá a leithéid seo de mhachnamh aige ar imeacht aimsire agus ar an mbás ar an ábhar is coitianta sa leabhar. Gé tá marbh mairfidh a mhuintir, mar dhóigh de, óir bíonn siad fairis de shíor ina chuimhne agus ina chuid dánta. Scríobhann sé faoina ‘dheartháirín’, faoina thuismitheoirí (a athair go háirithe), faoina shinsir agus, ar bhealach níos teibí ná sin, b’fhéidir, faoina óige agus faoi ghluaiseacht an ama gan staonadh. Seo é croílár an tsaothair agus is ar an téama seo is mó a bhraitheann cé acu an dtaitneoidh nó nach dtaitneoidh an cnuasach leis an léitheoir. Tá formhór na ndánta gafa, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, leis an mbunábhar filíochta sin, an mhortlaíocht. Tuigeann O’Sullivan, mar a thuigeann muid ar fad, go ‘n-imíonn na blianta / Ina ngal soip’ (‘Seamsúr’) ach is air sin a ionramháil arís is arís sa bhfilíocht a chrochann sé an cnuasach seo. Fiú leis sin, tá dánta ann nach iad is fearr a léiríonn cumas an fhile, dar liom, agus cuimhním go háirithe ar chuid de na cinn ghairide sa leabhar (‘Míorúiltí’, ‘Cúrsaí Leighis’, ‘Áéíóú’). Ach éiríonn leis go minic a sprioc a bhualadh agus tá an leabhar trí chéile breac le línte agus le samhlacha a bhíogann muid:

 

Cuirim siar an clog

Ach spreagann an Diabhal soir é,

Treabhsar glún i ngar is i gcéin orm,

Mé ag bocáil mar shliotar ar chamán (‘Ar Dhroim na bPortán’).

 

Nó, ag cur síos dó ar ‘Páras Istoíche’:

 

Gráinneog í an chathair anocht

A dheineann ceirtlín di féin

Cuachta i bpóca na hoíche [...]

Caithim catsúil ar a hata gealaí

Is gléasaim mo chosa i mbróga tairní (‘Páras Istoíche’).

 

‘Hata gealaí’ atá ar an gcathair sa dán sin ach is iomaí cruth eile ina bhfeiceann muid an ghealach, agus a siúr spéire, an ghrian, in Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh. Go deimhin, má tá an t-imeacht aimsire ar an gcúram is práinní leis an bhfile anseo is iad an ghrian agus an ghealach na nithe is minice a úsáideann sé lena chur sin in iúl. Feiceann muid ceann acu (nó an péire in éindí) in os cionn leath de na dánta amhail is dá mbeadh an file ag tabhairt le fios go n-airíonn sé dlús a bheith le sruth an ama: ceann ag éirí agus an ceann eile ag dul i luí ar dalladh:

 

Luíonn an ghrian ar leaba na bá

Is líonann cogar a piliúir

Na tonnta ag creimeadh aill na reilige

Mar a gcodlaíonn mo sheacht sinsear (‘An Ghrian Ag Ársú’).

 

Amhail duine ag ól a chloch íochtair

Troidim cogaí caillte.

Airneánach mé ar áis,

Le grian ar ucht gealaí (‘Fear Cloig’).

 

Arís, cuireann an leanúnachas sin dlús sa gcnuasach féin agus is díol suntais an chaoi ar éirigh leis an bhfile adhmad a bhaint arís is arís as tacar réasúnta beag de shiombailí agus ábhair. Ar an taobh eile is baolach go ngabhfar thar fóir leis an athchúrsáil – tá dhá dhán sa gcnuasach, ‘Grianghoradh’ agus ‘Cleamhnas na dTíogar’, arb ionann iad ar fad (seachas corrlíne) agus dhá dhán eile ann (‘Páras Istoíche’ agus ‘Ar Chlár Toinne Leapa’). Bheadh amhras ar dhuine gur botúin foilsitheoireachta iad seachas athrá fileata, ach fiú murab ea tá siad chomh cosúil sin lena chéile nach dtugann siad mórán breise don chnuasach ar fad.

 

Ní bhaineann sé sin an faobhar den fhilíocht. Tá go leor dánta anseo ina gcuireann O’Sullivan na cruacheisteanna ar bhealach ealaíonta, é ag ceistiú fheidhm na beatha agus slabhra an mhuintearais a bhfuil sé ceangailte go daingean aige agus faoina chomaoin dá réir:

 

Naoi gcromadh doirn Dé uaim

Cruinní adhlactha mo sheacht sinsear,

Ach ní gaol gan dáimh

Atá agam leo –

Nár ísligh siad a mbuicéad

Chun mé a ardú

As an dtobar dorcha (‘Fear Cloig’).

 

 ©2015 Máirtín Coilféir

 

 

Author Links

 

Bróga Johnny Thomáis: léirmheas le Máirtín Coilféir ag Southword

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15