s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

TÁINRITH

le BIDDY JENKINSON:

Léirmheas le Caitríona Ní Chléirchín

 

 

 

Caitríona Ní ChéirchínIs as Contae Mhuineacháin ó dhúchas don fhile Caitríona Ní Chléirchín. Bhuaigh a céad chnuasach filíochta Crithloinnir an chéad duais san Oireachtas i gComórtas na Scríbhneoirí Úra 2010. Bhí sí ar an ghearrliosta do Dhuais Eithne Strong 2011. Tá dánta foilsithe aici in Comhar, Feasta agus Blaiseadh Pinn, Cyphers, THE SHOp, An t-Ultach agus An Guth. ‘Liriceoir nua an ghrá’, a thug Mícheal Ó Ruairc uirthi i léirmheas in Comhar Nollaig 2010. Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach faoi láthair í.

 

 

 

 

 

 

 

 

TáinrithTáinrith

Biddy Jenkinson

(Coiscéim, 2013)

Tagairt: 6-660012-130467

€10

Ceannaigh Táinrith ag Coiscéim

 

 

 

 

Déanann Biddy Jenkinson athléamh ceisteach ar Táin Bó Cuailnge in Táinrith áit a athshamhlaíonn sí eipic na Tána chun béim a leagan ar an tuiscint ar ghreann a léiríonn scéalaithe na Tána, greann nach n-aithnítear i gcónaí, dar léi. Aimsíonn agus forbraíonn Jenkinson an greann seo ina leagan féin den Táin agus í ag tabhairt léargaisí nua ar an laochas agus ar chód an laochais agus an greann a bhaineann leo. Is uirlis é an greann chun coincheap an laochais féin a cheistiú agus a dhíthógáil, go háirithe an laochas a bhain le Cú Chulainn. ‘Déanfar ró-laoch de’. Is aircitíp atá sa laoch agus míníonn Jung dúinn go gcuireann an aircitíp coimpléacs d’íomhánna agus mhothúcháin in iúl dúinn sa tsícé, a bhaineann leis na himeachtaí is tábhachtaí sa saol.

 

Maidir le Táinrith, ba é an chéad cheist a chuir mé orm féin ná cén seánrá lenar bhain sé, ceist nach raibh freagra simplí air. Is finscéal é Táin Bó Cúailnge  féin ón litríocht mhochGhaeilge agus cé go n-amharctar air go minic mar eipic, tá an chuid is mó de scríofa sa phrós seachas i bhfoirm véarsaíochta.  Cad is eipic ann? Eascraíonn an focal ‘eipic’ ón aidiacht Ghréagach ἐπικός (epikos),  ἔπος (epos) dán nó scéal: Dán reacaireachta fada faoi ábhar dáiríre de ghnáth ag insint faoi ghníomhartha laochais nó imeachtaí atá tábhachtach do chultúr nó do náisiún. Cosúil leis an Táin féin, is saothar próis atá in Táinrith cé go bhfuil fileatacht go smior ann. Is í an cheist is gá a chur faoin saothar seo ná an fritheipic í seo, nó fiú eipicmhaslú? Cuireann Jenkinson roimpi an bunleagan a aimsiú - leagan nár tháinig ‘ón taibhse claonta úd’ Fearghas Mac Róich. Cuireann sí Méabh na linne seo ‘Mae Mhéibhín Mhéidhbhe’ siar chun an scéal a lorg. Níor éirigh léi dul siar fada go leor ach bhí an-spraoi aici.

 

Cuirtear an-bhéim in Táinrith ar an mhatrarcachas seachas ar an phatrarcachas ón chéad leathanach. Tá Mae Mhéibhín Mhéidhbhe, a bhí ag obair ar  Fluctuation of Gender in the Stowe Version of T.B.C sa Leabharlann Cheilteach, ag gabháil ar cuairt chuig tigh a seanmháthar i Ráth Maoinis. Roimpi ansin, tá a máthair féin ‘Méibhín , file’, a máthair siúd ‘Méadhbh staraí’ agus a máthair siúd arís Medb, teangeolaí’.

 

Cuireann Jenkinson comhthéacs eile ar fad inár láthair anseo mar réamhscéal/ remscéla ar an Táinrith anseo áit a bhfuil na máithreacha comhaimseartha seo ar fad bailithe le chéile chun an Táin a phlé agus scailtín á ól acu a fhad is atá na fóin phóca ag giolcadh sa chúlra. Tosaíonn siad ar na leaganacha éagsúla ar fad den Táin a phlé. Léiríonn sin-sheanmháthair Mhae a míshástacht leis an leagan coitianta den Táin: “cuireann an insint choitianta ar Tháin Bó Cuailnge ar mire mé.”(Táinrith, lch. 8). Faigheann siad locht air de bharr mhíchruinneas na bhfíricí. Is ag iarraidh teacht ar an bhunleagan atá siad.

 

Tá macallaí ó bhunleagan na Tána ag rith tríd an leabhar seo, mar shampla ‘bréagnófar briathra fear, fíorófar briathra ban’ (Táinrith, lch. 50). Ní féidir éalú ón idirthéacsúlacht sa chás seo agus is cinnte go mbaineann Jenkinson feidhm as an traidisiún leis an rud neamhthraidisiúnta, neamhchoinbhinsiúnta a rá. Mhaígh Jenkinson agus í ag plé an téacs seo liom, go bhfuil teoiric ann gur scéal simplí ón ré matrarcach, a bhí sa Táin agus go ndearnadh forbairt air ar ball nuair a tháinig patrarcacas i réim.  Tagraíonn Jenkinson do thionchar na Críostaíochta agus den phatrarcachas ar an Táin in Táinrith: ‘Ghairm Seanchán Toirpéist, ardfhile, tionól desna filí sa bhliain 650 féachaint an mbeadh scéal na Tána ag éinne acu. Ní raibh... Faoin am seo bhí an Chríostaíocht fhireann i réim....’. (Táinrith, lch. 9). Dar le Medb, sin-seanmháthair Mhae gur ‘cailleadh an Táin d’aon ghnó’, toisc gur tugadh ‘tábhacht mhíchuibhúil don bhaineannach sa scéal sin’ (Táinrith, lch. 11).  Tosaíonn na hargóintí idir na máithreacha ar fad ansin faoi na leaganacha éagsúla den Táin. Maíonn an Mamó Mhór ansin gur leagan Fhearghais Mhic Róigh den Táin atá againn,  agus nach raibh Fearghus iontaofa. Iarrann sí ar Mhae an scéal a chur ina cheart. Cuirtear Mae siar go Cruachan.

 

Osclaíonn an mhír ‘Táinrith’ féin ansin i ndiaidh an réamhscéil sin. Tharla timpiste ar an N5 lámh le Cruachain. Tá fear darbh ainm Ali Mac Neachtain ag iarraidh cóir leighis a fháil don bhean leonta ar shuíomh an timpiste. Is í an bhean sin ná Mae (Mhéibhín Mhéidhbhe Mhedbe). Tosaíonn sí ag labhairt ar bhó-ár ansin agus ar an Táin agus an dá ró-tharbh sa tír an Fionnbheannach agus an Donn Cuailnge.

 

Déanann Ali tréaniarracht Mae a thuiscint agus is dóigh leis go bhfuil saghas coimpléasc uirthi a chiallaíonn go ndéanann sí ionannú leis an bhanríon Méadhbh. Is iad seo na conclúidí a dhéanann sé faoi Mhae: ‘ionannú leis an mBanríon Méadhbh. Ní maith léi Cú Chulainn ná Fearghas Mac Róigh. Í frithfhirinneach?’ (Táinrith, lch 39). Ceistíonn Mae laochas Chú Chulainn: ‘Déanfar rólaoch de Chú Chulainn’ (Táinrith, lch. 61) agus is dóigh léi gur frithlaoch agus príomthréatúir na Tána é Fearghas Mac Róigh. Cé nach bhfuil spéis ag Ali i ‘bpolaitíocht na Tána’ tá spéis aige in iompar aisteach Mhae.

 

San ospidéal tugtar N5RC1 uirthi: ‘Bíonn sí ag caint léi fein os ard, nó ag guí. Tá sí den tuairim gur mian leis an Mór-Ríon go ndéanfadh sí táin a thionscnamh. Leiríonn Mae a dílseacht don Mhór-Ríon tríd an leabhar: ‘Cuirim mo thoil le toil na Ríona. Is í an bheatha í faoi ghné an bháis’ (Táinrith, lch. 51) agus ‘toil na Ríona go ndéantar’ (Táinrith, lch. 40).

 

Tagann Ali ar léargas nua ar Mhae sa deireadh: ‘D’fhéach sé ar Mhae arís. Níorbh aon iarlais í ach bean stuama mhacánta a bhí sáinnithe, mar a bhí sé fein, in ospidéal reoite le linn éigeandála nó idir dhá leathanach de lámhscríbhinn iata’ (Táinrith, lch. 59).

Éiríonn le Jenkinson greann comhaimseartha a fhí isteach sa leagan seo den Táin ar bhealach an-chliste: ‘Cé mhéad bó a chaill Méadhbh inniu? ‘Bhí sé ar an nuacht go bhfuarthas galar crúb is béil i mBéal Átha na mBuillí’ (Táinrith, lch. 21). Sa dóigh seo, léiríonn sí go bhfuil tábhacht ag an eipic seo agus baint aici le saol an lae inniu fosta.

 

Treascraíonn Jenkinson nóisean patrarcach an oird in Táinrith. Is iomaí tagairt atá ann don ghreann a bhaineann le cúrsaí collaíochta. I gcás Mhae agus Ali, cuirtear Ali, an fear, i ról an íobartaigh. Feicimid Mae ag tabhairt ordaithe dó, á ionsaí nach mór is ag labhairt uasal le híseal leis: ‘‘Luigh liom, a ógfhir. Tá mire méine orm...Dhein sí cleas dá corp i meán a craicinn istigh. D’at sí agus bhorr sí go raibh ar Ali cúbadh isteach i gcúinne le nach meilfí é idir chíocha nó leicne nó másaí na mná ...Leis an suaitheadh a tugadh d’Ali chaill sé a óghacht de thaisme. Thit braon go talamh. Le neart a náire ... I bpreab boid, cheiliúr an bhean (Táinrith, lch. 55). Is ealaíontóir é Ali agus iarrann Mae air léim ealaíonta a dhéanamh chun an Táin a athshamhlú: ‘Seas ar leathchois, dún leathshúil, beir ar do bhall fearga agus lig fead. Beidh mise ag marcaíocht ar do thiarpa’ (Táinrith, lch. 66).

 

Feicimid an greann arís sa chur síos ar bha na Tána: ‘Sin iad na ba a chac an Táin’ (Táinrith, lch 61). Is cinnte gur léamh réabhlóideach atá anseo againn ar an Táin leis na tagairtí don ‘bhóghalar’ agus don chac is an galar crúb agus béil. Cuirtear béim ar an treascairt a bhaineann le feidhmeanna na colainne. Feicimid na tagairtí do Mhéadhbh ag sileadh lachtanna na colainne, fuil mhíosta. Shil sí i dTáin Bó Cuailnge iad ach anois '...shil sí uaithi go ndearna sí trí mhórchlais i dtalamh, d’allas, d’fhual, d’fhuil chnapanach snáithíneach (Táinrith, lch. 124). Feictear an ‘fuath fuil bhroinne’ agus an deistín a bhraitheann Cú Chulainn i leith na fola míosta, agus is comhartha é seo den abjection a dhéantar ar cholainn na mban trí chéile. Ní thuigeann Méadhbh an fáth go mbeadh Cú Chulainn éisealach roimh an fhuil mhíosta agus ‘a bhfuil d’fhuil agus d’inchinní curtha’ aige féin ‘trí fhéinstrí cluas amach’. Ach léirítear go bhfuil náire ar Chú Chulainn roimh ‘rudaí ban’ agus cineál de choimpléasc air: ‘Níorbh fhéidir le Cú Chulainn cor a chur de leis an uabhar a chuir rudaí ban air’ (Táinrith, lch. 124).

 

Feicim deiseanna iomadúla chun léamha síocanailíseacha a dhéanamh ní amháin ar Táinrith ach ar an Táin féin agus tábhacht an neamhchomhfheasa ann. Tá an ‘riastradh’ a thagann ar Chú Chulainn, mar shampla an-spéisiúil ó thaobh an léiriú ar an neamhchomhfhios atá ann toisc go gcasann a cholainn ina chraiceann agus go  ndéantar arrachtach de, nach n-aithníonn cara ó namhaid agus atá i ngreim ag an tsíocóis dar liom. Feictear síocóis an fhoréigin anseo: ‘Doirtfear fuil. Brisfear cnámha, scaoilfear putóga, leathfar inchinní’...Teascadh géaga’ (Táinrith, lch 103-123).

 

Tá sé spéisiúil go ndéanann Jenkinson agus Nuala Ní Dhomhnaill beirt díthógáil mhíthrócaireach ar Chú Chulainn ina saothar. Sa dán ‘An mhór-Ríon ag cáiseamh na Baibhdhe le Cú Chulainn’ le Nuala Ní Dhomhnaill, caitear anuas ar mheatacht Chú Chulainn agus an eagla atá air roimh an vagina dentata: ‘Eagla, siúráilte, go gcoillfí thú go mbeadh fiacala bréige ar mo phit, go meilfí thú idir mo dhá dhrandal...a raispín diabhail, a fhir mheata, a stumpa’ madáin’.’(Rogha Dánta, 122). (Aistríonn Hartnett é seo go ‘fear of the false teeth in my cunt...you ball-less little bollocks’.) Carachtar dochreidte spéisiúil é ó thaobh na síocanailíse de agus éilíonn an caidreamh atá aige leis na mná daonna agus ósanadúrtha cosúil leis na badhbha a thuilleadh staidéir.

 

Is fiú Táinrith a léamh do phléisiúr an ghrinn agus do spraoi na treascartha ann ach mar gheall ar an dúshlán intleachtúil agus an cur chuige ceisteach atá ann fosta. Is saothar tábhachtach é ina bhfeiceann muid gnéithe spéisiúla den tsícé mar shampla an streachailt chumhachta idir fireann agus baineann chomh maith leis an chlaochlú ar inscne na gcarachtair - ‘Fluctuation of gender’. Tarlaíonn cineál comhshamhlú iomlán ar charachtair Ali sa deireadh, ‘b’fhireannach is ba bhaineannach i dteannta é’ (Táinrith, lch. 73). Tá pasáiste ósréalach ag deireadh an leabhair ina n-éiríonn Ali agus Mae amach trí bhroinn Mhéidhbhe agus caipiní sonais orthu agus a gcordaí suthaine faoina n-ascaill acu. Mínítear dúinn ní ba luaithe gur file í Mae agus gur ealaíontóir é Ali. Iarrann Mae ar Ali : ‘Rachaimid ar Tháin Bó Cuailnge de dhroim samhlaíochta’ (Táinrith, lch. 59). Is dóigh liom go n-iarrann Jenkinson orainne mar léitheoirí sa leabhar seo gabháil ar Tháin Bó Cuailnge de dhroim samhlaíochta léi, chomh maith agus éiríonn léi.

 

Sa leagan seo nochtann an Mhór-Ríon a corp ag an deireadh agus titeann an Donn Cuailnge gan anam os comhair na Ríona i ndiaidh don dá tharbh a bheith ag troid chun báis ach sa bhunscéal téann an Donn Cuailnge ar shiúl agus faoi dheireadh faigheann sé bás sa bhaile leis an tuirse i ndiaidh dó neart logainmneacha a chruthú. Nuair a nochtann an Mhór-Ríon í féin ag an deireadh in Táinrith, feicimid gur ‘fear ab ea í’  agus a hinscne athraithe aici (Táinrith, lch.133). Iompaítear í ina fear mar léiriú ar thús chumhacht na bhfear agus deireadh le cumhacht na Mór-Ríona agus ar an dóigh sin is athléamh feimineach ar an Táin atá san insint seo, dar liom.

Sílim go mbeidh teoiricí Jung faoi aircitíp an tairbh agus siombalachas an tairbh tábhachtach i gcomhthéacs aon léamh a dhéanfar ar an Táin féin nó an Táinreatha. Dar le Jung, tá an t-ainmhí féin, beannaithe, is é sin le rá gur athláithriú ar an taobh ‘diaga” den tsícé dhaonna atá san ainmhí. Chreid Jung go gcónaíonn na hainmhithe níos gaire d’ord rúnda taobh istigh den nádúr féin agus go bhfuil dlúthbhaint agus teagmháil  níos fearr acu leis an eolas a bhaineann leis an neamhchomhfhios. Léiríonn Barbara Hannah, dlúthchara agus mac léinn le C.G. Jung an bhrí shiombalach a bhaineann leis na hainmhithe sna sraith léachtaí ‘The Archetypal Symbolism of Animals’ a thug sí ag Institiúid C. G. Jung, in Zurich 1954-1958. Dar léi gur foinse athbheochana agus iomlánaithe nádúrtha atá sa taobh ainmhíoch den nádúr daonna. 

Leiríonn aircitíp an Tairbh is na bandé an torthúlacht agus an chumhacht giniúna atá ag an tarbh agus is siombail é an Tarbh den athghiniúint fhireann. Chomh maith leis sin is íobartach é. Feicimid an tábhacht sa téacs seo ar theacht chun cinn an phatrarcacais, na ríogachta agus na cogaíochta san Iarannaois. Tagann éabhlóid ar an tarbh agus an Bhandia mar arcitíp i gcomhcheangal leis an ríogacht, fórsaí na bandé fós i lathair mar a mhínítear sa leabhar: The Goddess and the Bull: A Study in Minoan-Mycenaean Mythology (Lanham: University Press of America, 2007) . Feictear an tarbh mar íobairt chuig an bhandé mar athnuachan ar an bheatha agus mar cheiliúradh ar an bheatha, an bhás agus ar an athbhreith.

Léiriú glinn ar aidhm threascartha Bhiddy Jenkinson is ea an casadh a bhaineann sí as teachtaireacht Laidin an scríobhaí sa leagan den Táin Bó Cuailnge sa Leabhar Laighneach: 'Beannacht ar gach éinne a léifidh an Táin go hionraic agus a chuirfidh píosa breise leis': focal scoir Jenkinson.

 

 

 ©2014 Caitríona Ní Chléirchín

 

 

Author Links

 

Caitríona Ní Chléirchín ag léamh ag O'Bheal (MP3, 5.2 MB)

Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge--(Agallamh na Míosa: Caitríona Ní Chléirchín)

Ceannaigh Crithloinnir le Caitríona Ní Chléirchín ag Coiscéim.ie

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15