s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

COLM Ó CEALLACHÁIN

 

 

 

Colm Ó Ceallacháin

 

Is scríbhneoir próis é Colm Ó Ceallacháin. Tá cónaí air i gCorcaigh. Bhuaigh sé an chéad duais ag Comórtas Liteartha an Oireachtais i 2012 i rannóg na scríbhneoirí nua.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Hale-Bopp

 

 

Murach an cóiméad mallaithe sin agus ainnise na haimsire, bheadh seans éigin ag Ciarán teacht slán trí shamhradh 1997.  Ach ní túisce scrúdú deireanach an Teastais Sóisearach críochnaithe agam nó gur oscail na spéartha, is níor stad na múrtha go Lá Lúnasa.  Ar an lá sin theitheamar, mo thuistí, mo dheirfiúracha óga is mé féin, sactha isteach in aon ghluaisteán amháin don turas gearr go Cuan Chorcaí.  Thiocfadh feabhas ar chúrsaí i rith na laethanta saoire a gheall mo mháthair dúinn, a guth á bhodhrú ag cnagadh na fearthainne ar dhíon an chairr.  Ar aghaidh linn ar bhóithrín caol fuinseogach go dtí ár dteachín saoire, a bhí ina shuí go sceabhach ar bharr na haille.  In aon ionradh amháin tógadh málaí isteach is osclaíodh fuinneoga agus ansin, in ainneoin na báistí, d’éalaigh mo dheirfiúracha amach arís.  Síos na céimeanna leo, Méabh is Deirdre, go dtí an chasla bheag arbh ionad snámha againn í leis na cianta.  Ar ais abhaile le m'athair le dreas codlata a fháil, roimh tosnú ar a shealaíocht oibre an oíche chéanna seo.  Ní fheicfimis ach corruair é i rith na coicíse a bhí romhainn, agus bhraitheas go rabhas féin i mo mháistir tí anois.  D’fhan mé thuas ag sciúradh an tí, is ar chríochnú na hoibre dúinn chuir mo mháthair an citeal ar siúl.

“Tae nó caife?” a d’fhiafraigh sí díom.

D’fhéach mé amach an fhuinneog, ag lorg briseadh éigin sna scamaill, is thóg sí an scuab a bhí fós i mo lámha uaim.

“Tuigim” ar sí.  “Ní fhaca tú Jimmy le bliain anuas.  Ar aghaidh leat, mar sin.”

Ag rith amach an doras dom lig sí scairt i mo threo.

“Beidh an dinnéar réidh ar a sé” a dúirt sí, is bhailigh mé liom.

 

Cúpla céad méadar ónár n-áit féin, bhí teach saoire tógtha ar cíos ag Jimmy is a mháthair.  Achar gearr le siúl ba ea é, ó dhaingean mo theachsa go cíor thuathail tí Jimmy.  Cibé athair a bhí aige bhí sé bailithe leis le fada, agus thaitin liom saoirse réidh a gcomhluadar, é féin is a mháthair Maggie.  Iad go minic i nganntanas, is de shíor ag sárú a chéile lena dteangacha scaoilte.  Idir shúgradh is dáiríre a bhíodh Jimmy liomsa, ach théadh sé thar fóir leo siúd nár thaitin leis, is b’in a dhaor Ciarán i ndíomhaointeas an tsamhraidh báite seo.

 

“Tá tú ag fás leat, a Dhiarmaid, bail ó Dhia ort!”

Bhí Maggie ina seasamh ag tairseach an dorais, veist bhán uirthi, a gruaig dhubh ag titim ina caisí ar a dealrachán nocht.

“Conas ‘tá cúrsaí, Maggie?” arsa mise go támáilte léi.  “An bhfuil sé féin istigh?”

“Jimmy!” ar sí de scread.

“Tá sé bodhar” a dúirt sí, nuair nach bhfuair sí freagra.  “Tá sé sa seomra cúil, ar chuma ar bith.”

Isteach liom, ag fáil leadhb sa tóin uaithi is mé ag dul thar bráid, is tháinig mé ar a mac ina sheasamh ag an bhfuinneog.  Bhí a dhroim aige liom, ach d’aithin mé láithreach é, a chabhail chaol is a chosa láidre ar scaradh gabhail.  Ghair sé chuige mé, is gan fiú ‘fáilte romhat’ uaidh, thosnaigh dom’ cheistiú.

“An bhfaca tú an cóiméad?”

“Hale-Bopp?”

“An buachaill céanna.”

Seó mór an earraigh a bhí ann, Cóiméad Hale-Bopp faoina chírín gearr is a ruball fada, ach é imithe as amharc le mí nó dhó anuas.

“Cad faoi?”

Bhí leabhar ina lámh aige, is chaith sé anuas ar leac na fuinneoige é.  D’fhéach mé air, ag léamh an teidil.  HEAVENS GATE – THE TRUTH ABOUT THE CALIFORNIAN DEATH CULT

“Bhuel?” arsa Jimmy.

Heavens Gate?  An dream a chreid go bhfaighidís síob go domhan úr ar Hale-Bopp, an ea?”

“Sea.”

“Is a thóg nimh le go gcodlóidis go sámh i rith an turais?  Táid fós ina gcodladh is dócha, is a chonách sin orthu.”

“B’fhéidir é” ar sé go smaointeach, ag casadh i mo threo ar deireadh.  “Téanaimis, ar aon chuma, go bhfiosraímid an scéal seo níos mó.”

Amach an cúldoras linn gur léimeamar an claí, ag siúl trí choinleach bog lofa ar imeall an ghoirt arbhair.  Focal níor labhair sé cé gur ghríosaigh mé é, mo cheann féin lán d’aislingí collaí ar na béithe a mheallfaimis.

“Caith uait mar sheafóid iad” a raid sé amach ar deireadh.  “Níl iontu ach crá croí.”

Stad sé ansin, is d’fhéach timpeall.  Bhíomar i bpaiste lom i lár an ghoirt, gan arbhar ar bith ag fás ann. 

“Cad a cheapann tú faoi seo?”

“Loiscthe” arsa mise, ag siúl ar an bhfód dubh.

“Loiscthe, an ea?”

“Ag an ngrian, ní foláir.”

“I rith samhradh seo na síorbháistí?  Conas go bhfuil na barra thart timpeall orainn slán, mar sin?  Ní hí an ghrian a loisc é, ach an mháthairlong ag tuirlingt.”

“Máthairlong?”

“An cleas bradach sin a thóg síob chomh fada linn ar an gcóiméad, lena síol coimhthíoch a scaipeadh inár measc.  Ní fada nó go mbeimid inár sclábhaithe acu, na bastaird andúchasacha.”

“An bhfuil tú i ndáiríre?”

Bhíomar tar éis siúl ar aghaidh go deireadh na páirce anois, nó gur thángamar go balla ard.  Dún cosanta na Sasanach a bhí ann, ag faire an chuain, ach é ina fhothrach le fada anois.  Níor thug Jimmy freagra orm is leanamar an balla go barr an ghoirt arís, go fál íseal sceiche.  Ní raibh ach an trí theach ar ár mbóithrín, is tríd an bhfál seo bhí radharc againn ar chúlghairdín an tríú ceann acu.  Chrom Jimmy, is labhair sé i gcogar liom. 

“Tá sé ann, an cladhaire, ag réiteach a phóir.”

Taobh thall den chlaí bhí fear le feiceáil, an t-allas ag glioscarnach ar a éadan leathan, é ar a dhícheall ag teascadh feileastraim.

“Sin é d’alien?” a d’fhiafraigh mé de Jimmy.  “Ciarán?”

“Féach an ceann mór sin, lán de chealg.  Is a mháthair, nach mbogann amach ach le dul ar aifreann, mar dhea.  Ise a dhéanfaidh pórú ar an nglúin nua.”

“Jimmy, caithfidh go bhfuil sí seasca bliain d’aois.  Nár chuala tú gur cailleadh deirfiúr Chiaráin nuair a bhí sé óg, is nach bhfuil a mháthair ceart ó shin?”

“Agus cad faoin rud sin ar dhíon an tí?”

“Mias shatailíte.”

“A Dhiarmaidín!  Fós dall ar fhíricí an tsaoil.  Tarchuradóir atá ann, ag craoladh a gcuid tuairiscí chomh fada le Alpha Centauri.”

Níor chreid mé puinn é ar ndóigh, is ní dócha gur chreid Jimmy féin é ach oiread.  Ach bhíomar óg is ba ghá púcaí a chruthú, agus Ciarán bocht a bhí tofa le bheith ina íospairteach againn an samhradh seo.  Damnaithe a bhí sé, de bharr éadan mór agus máthair chorr.  Maggie féin, ghlac sí páirt sa tseilg.

“Thug sibh cuairt ar na fuilsúmairí?” ar sí, nuair a d’fhilleamar ar an teach.

“Maggie” arsa mise, “bí go deas le do chomharsana.”

“An phiteog sin, fós ina chónaí lena mháthair!”

Chuimhnigh mé ar an mbuille spórtúil a bhuail Maggie sa tóin orm, agus freisin ar an easpa ban sa dúthaigh.  Chuimhnigh mé orthu, is níor chosain mé Ciarán níos mó.

 

D’imigh seachtain thart i ndíle fearthainne, na laethanta ag dul i ngiorracht is gan aon dul as ar an mbáisteach.  Ba nós againn istoíche cúpla canna a cheannach, is iad a ól istigh thar bhallaí an dúin.  Shiúlamar é, ón armlann go neadacha folmha na ngunnaí coillte, ag carnadh cannaí ar fud na háite.

“Tóg go réidh é, a Dhiarmaid.  Ná ól an iomarca, nó beidh orm tú a sheoladh abhaile chuig do mhamaí.”

Ba mhinic Jimmy searbhasach le déanaí, is bhraith mé teannas freisin idir é féin is a mháthair.  Amuigh sa mhodarcheo chuala mé inneall báid, ag dordán go mall i dtreo tearmann an chalafoirt.  Sa chiúnas a lean é thuig mé go raibh mo sháith ólta agam, ach bhí mo sháith freisin agam de ghriogadh Jimmy.

“Cad fútsa, de shíor ag clamhsán is gan faic á dhéanamh agat faoi.”

Chaith mé mo channa sa bhfarraige.

“Táim bréan den samhradh seo.”

“Má tá fonn aicsin ort” ar sé, ag éirí dá ghogaide, “abair an focal.  Tar liomsa, is ní bheidh aon easpa spraoi orainn.”

 

I gclós Chiaráin a bhíomar, mo dhroim le balla an tí agus Jimmy ag seasamh ar mo ghuaillí.  Go tobann thit sé siar, is caitheadh muid beirt anuas ar an talamh.  Sa mheathsholas a d’éalaigh thar chuirtíní na fuinneoige, chonaic mé go raibh éirithe leis an mhias shatailíte a tharraingt den díon.  Ní rabhamar ach inár seasamh arís, an mhias mar churadhmhír i lámha Jimmy, nuair a lasadh solas an chúldorais.  Theitheamar tríd an bhfál, is nuair a d’iompaíomar thart bhí Ciarán le feiceáil ag stánadh amach sa dorchadas.

“Ní ólfaidh tú ár n-inchinní anocht!” a bhéic Jimmy amach.

“Focairí!  Tá an teilifís millte agaibh, is mo mháthair scanraithe.”

“Tá sibh sáinnithe anseo anois, i bhfad ó bhaile” a scairt mé amach is muid ag greadadh linn.  “Sáinnithe!”

 

“An bhfuil tú ag éirí in aon chor?”

Leag mo mháthair cupán tae síos, is tharraing sí siar na cuirtíní.  Tháinig straois uirthi le boladh na dí, cé ná dúirt sí a dhath liom.

“Cén t-am é?” arsa mise go piachánach.

“A haon.”

Lig mé osna.

“An mbeidh greim le n-ithe agat?”

“Ní bheidh.”

“Tóg cupán tae ar aon nós.”

“Conas atá an lá amuigh?”

“Ceart go leor.  Fós ag cur báistí, ach ag dul i laghad.”

Rinne mé gáire beag.

“An dea-fhocal ar do bhéal agat, fiú i dtaobh na haimsire.”

“Cén dochar?” ar sí, ag suí ar cholbha na leapa. 

Thóg mé blaiseadh beag tae, is leag an cupán síos go gasta.

“Tá tú saonta, a Mhaim” a dúirt mé, ag cuardach mo chuid éadaigh.

“Conas atá Jimmy ar na laethanta seo?  Agus Maggie?”

“Go diail ar fad.”

“Abair leo glaoch síos.  Ní fhaca mé iad in aon chor i mbliana.”

Bhí ag dul díom teacht ar léine ghlan, is bhí míchéadfa orm is mé á freagairt.

“Glacann tú gan choinníoll le daoine.  An bhfuil iontaoibh agat as gach éinne?”

“Is é do chara-sa é.  Nach bhfuil iontaoibh agat féin as?”

“Comhluadar coicíse é, sin an méid.”

“Bhuel, níl comhluadar ar bith gan tairbhe éigin.  Bí lách leis, is le Ciarán freisin.”

“Ciarán?  Cén bhaint atá aige sin leis?”

“Nílim ach ag rá.  Tá siad leochaileach, é féin is a mháthair.” 

Chuimhnigh mé ar an racht a bhí ligthe aige linn sa dorchadas aréir, is d’éirigh mé as an gcuardach.

“Mo mhallacht orthu mar éadaí.  Rachaidh mé ag snámh.”

 

D’fhág mé mo chuaráin ag an snáithe mara, is isteach liom sa bhfarraige.  Le méid an fhuachta gháir mé amach is mé ag lapadaíl gan éifeacht.

“Níl comhluadar ar bith gan tairbhe, an ea?” arsa mise, ag déanamh aithris ar chaint mo mháthar.  “Feicfimid faoi sin.”

Phreab mé amach as an uisce is rug ar mo chuaráin, ag dreapadh an chnoic go teach Jimmy. 

“Go deimhin feicfimid,” a dúirt mé trí m’fhiacla, is thosnaigh mé ag rith.

 

Maggie a d’oscail an doras dom, is a dúirt go raibh Jimmy thíos sa sráidbhaile.  Ar ndóigh bhí a fhios san cheana agam, óir bhí luaite aige liom inné nach mbeadh sé sa bhaile.  D’fhan mé im’ sheasamh roimpi, ag crith le fuacht is le dúil.

“Cá bhfuil do chuid éadaigh?” a d’fhiafraigh sí díom.

“Ar an trá.”

“Tar isteach, in ainm Dé, is triomaigh tú féin.  Tá tuáille le Jimmy sa seomra folctha.”

D’imigh mé isteach, is bhain díom.  Bhí cosmaidí Maggie ar fud na seilfeanna, is thóg mé próca anuas.  D’oscail mé é, is chuir le mo shrón é.  Dhún mé mo shúile, ag sú isteach a bholaidh.  Sa seomra tosaigh bhí a cosa thuas ag Maggie, iris á léamh aici.

“Murar miste leat Maggie, cé acu tuáille ceann Jimmy?”

Bhreathnaigh sí orm, nochta os a comhair.  Tar éis cúpla soicind d’ísligh sí a súile, is thosnaigh ag léamh arís.

“Is liomsa an ceann bándearg” ar sí, is d’airigh mé í ag croitheadh go héadrom.  “An ceann eile, le Liverpool F.C. scríofa air, sin ceann Jimmy.”

Bhí sí ag iarraidh an gáire a cheilt orm, is theith mé as an seomra.  I gceann tríocha soicind bhí mo chulaith shnámha orm arís, mé ag gabháil buíochais léi is mé ag rith amach an doras.

“Go raibh maith agat, Maggie.”

“Fáilte romhat.  Inseoidh mé do Jimmy gur ghlaoigh tú.”

Bhíos amuigh ar an mbóthar sular chríochnaigh sí an abairt.

 

Tháinig stoirm an lá dár gcionn, a d’fhág sáinnithe inár dtithe sinn.  De ló is d'oíche bhí adharc cheo an tí solais ag búiríl trasna an chuain, ag magadh faoi mo chiotrúntacht, dar liom.  M’fhearúlacht gonta, sheachain mé an líon tí in ainneoin iarrachtaí mo mháthar.  Thuig sí, agus tadhall más ar éigin agam ar shaol na bhfear, go mbeadh uirthi a greim baclainne orm a scaoileadh de réir a chéile.  D’iarr sí arís orm Jimmy a bhreith síos, ach nuair a luaigh sí Maggie d’eitigh mé glan í, is níor labhair sí a thuilleadh orthu.  Téigle, ar deireadh, a shaor sinn ó laincisí ár ngeana.  Gheal an aimsir tar éis na díleann, is amach liom cois cladaigh ar lá deireanach seo ár saoire.  Bhí na páistí ann romham, iad ag póirseáil i measc raic na stoirme.  Smugairlí róin, crosóga mara, is blaoscanna an chróidín buí mar shliotair bheaga ar fud na díthrá.  Bhi Jimmy ann freisin, buicéad ina lámh aige, ach níor lig mo náire dom dul anall chuige.  D’airigh sé mé áfach is lig sé fead orm, agus d’aithin mé óna ghothaí nach raibh mo chuairt uirthi luaite ag Maggie leis.

“Cad ‘tá ar siúl agat?” a d’fhiafraigh mé de.

“Ag bailiú urchar” ar sé, ag caitheamh na cróidíní sa bhuicéad is ag glaoch chuige na páistí.

“An bhfeiceann sibh iad seo?” a dúirt sé, agus ceann á thógaint amach aige.  “Ubh í, beirthe ag slíomadóir ó dhomhan eile, is gortha aréir sa sáile.”

Thóg Deirdre uaidh é, á chaitheamh ó lámh go lámh aici, é chomh héadrom le mioscais. 

“Tá sé go hálainn” ar sí.

“Tá” arsa Jimmy.  “Is an rud a thagann as, tá sé níos deise fós.  Éalóidh sé isteach faoi do dhoras is tú id’ chodladh, osclóidh sé a chraos, is ólfaidh fuil d’inchinn.”

Nuair a chaith sí uaithi é, labhair sé arís.

“Ar mhaith libh cuairt a thabhairt ar an ollphéist a d’fhág anseo iad?”

Le gach liú astu lean siad suas na céimeanna é, is ag croitheadh mo chinn d’imigh mé ina ndiaidh.

“Ní chreideann tú a chuid seafóide?” arsa mise le Deirdre.

“Ní chreideann, ar ndóigh.  Ach ar a laghad beidh píosa craice againn anois.”

Bhí Maggie ag siúl amach an doras is muid ag dul thart, sciorta beag éadrom uirthi, smideadh trom.  Dhearg mé, ag beannú di.

“Cá bhfuil sibh ag dul?” ar sí le Jimmy.

“Ag filleadh an feall ar an bhfeallaire sin ag barr an bhóthair.”

“Go n-éirí libh, mar sin.”

Sheas sí ag doras a gluaisteáin is las toitín, ag breathnú an mhórshiúil is é ag dul thar bráid.  Ag teach Chiaráin thóg Jimmy blaosc amach, is le lán a nirt theilg sé leis an bhfuinneog í.  Chonacthas máthair Chiaráin istigh agus strainc uirthi, is nuair a d’oscail Ciarán an doras d’fholmhaíomar an buicéad ina choinne.  Theitheamar ansin, mé féin is mo chomhluadar coicíse, mise ag gáire gach pioc chomh croíúil leis féin.

 

Ní túisce an trá sroichte againn nó gur réab sé chugainn, cith tobann teasaí ón gclagfharraige isteach.  Ar feadh nóiméad dorcha raid sé a neart linn, is ar an toirt bhí sé ruaigthe arís.  Dhearcas air, scáth dubh ag trasnú na bá, bogha síne ag éirí ina lorg ó spuaiceanna na scaglainne.  Léim mé san uisce, ach níorbh fhada nó go raibh mé ag rith abhaile is m’fhiacla ar crith.  Bhí mo dheirfiúracha ann romham nuair a bhuail mé isteach, mo mháthair sa chistin á dtriomú. 

“Beidh an dinnéar déanach anocht” ar sí liom.

“Is cuma.  Nílim ach ag gléasadh, is ag bualadh chun bóthair arís.”

“Chuig Jimmy, an ea?”

“Sin é.  Ár n-oíche dheireanach!”

“Bhí Deirdre ag insint dom faoi bhur gcleasaíocht.”

“Cleasaíocht?”

“Thuas tí Chiaráin.”

“Ni dhearnamar aon dochar.”

“Ní dhearna, a chroí, ach bhí deirfiúr ag Ciarán freisin, agus...”

“D’imigh sí.  Tá a fhios agam.”

Lean sí uirthi ag caint go réidh, cíor á tarraingt trí ghruaig Mhéibhe aici.

“D’imigh.  Ag an linn snámha a bhí siad, agus Ciarán in ainm a bheith i bhfeighil uirthi.  Chas sé uaithi ar feadh nóiméad amháin, a deirtear.  Ní raibh ann ach sin.”

“B’in a tharla?”

“B’in é.  Imithe, is gan tásc ná tuairisc uirthi ó shin.  Cén ionadh dá ngoillfeadh sé air, páistí a bheith ag spochadh as, tar éis a tharla dá dheirfiúr.  Anois a phleidhce, gread leat.”

Thug sí póg do Mhéabh is d’éirigh ina seasamh.

“Tá sibh ag dul chuig an sráidbhaile, is dócha.”

Thóg sí fiche punt amach, is shín chugam é.

“Bain taitneamh as.  Ach ná ól an iomarca, a stór.”

D’imigh mé isteach i mo sheomra, is chuir orm mo chuid éadaigh go sciobtha.  Bhí orm teitheadh as an teach, ón fharasbarr ceana seo.

 

Níorbh fhada mé thuas i dteach Jimmy nó gur fhill Maggie, ag scuabadh tharainn i leoithne chumhra.

“Beidh oraibh an oíche a cheiliúradh” ar sí, ár dtiomáint i dtreo an dorais is ag léim sa charr arís.

“Amach linn chuig an sráidbhaile, agus mise ag íoc as!”

Cheannaigh sí sceallóga dúinn is shuíomar ar bhalla na cé á n-itheadh, ag éisteacht le Maggie ag cur síos ar mhuintir na háite.  Ba léir go raibh an-chur amach aici orthu, is ba bharrúil na scéalta a bhí aici fúthu.

“Tá cuid acu ceart go leor” ar sí, ag caitheamh uaithi an páipéar is ag lí a cuid méara.

“An fear a’ tí thall, cuir i gcás.”

Chlaon sí a ceann i dtreo tábhairne beag ag bun an chnoic.

“Tá ‘fhios agam nach bhfuil sibh in aois fós, ach nach cuma.  Beidh focal agam le Tony, is má tá sé toilteanach, ólfaimid deoch ann.”

“Go diail” arsa mise, ach nuair a d’fhéach mé ar Jimmy bhí smut air.

Fiú nuair a d’fhill Maggie níor gheal a aoibh, ach leanamar í, ag sleamhnú isteach go cúlseomra an tábhairne ina diaidh.

 

B’ait an chuideachta sinn, mé féin is mo chara ag caitheamh piontaí siar ar nós aon bheirt fhear, a mháthair ag an gcuntar ag comhrá le fear an tí.  Tar éis tamaill chaith sí suim airgid chuige, le deoch nó dhó eile a dháileadh orainn.

“Bainigí tairbhe as, a fheara, is bígí súgach.  Agus ná bí ag brostú abhaile” ar sí, ag breith barróige ar Jimmy sular shiúil sí amach an doras.

Le méid na dí ionam bhíos súgach go leor cheana féin, ach fós ní raibh Jimmy istigh ann féin.  Fiú agus muid ag titim amach an doras i lár na hoíche, ní raibh mórán le rá aige.  Bhí gealach na gcoinleach tar éis éirí anois is bhreathnaíomar a scáth ar an uisce, é ag lonrú ar shruthanna ildathacha díosail.  Chaith Jimmy a sheile leis an bpraiseach, is shiúlamar ar aghaidh.  Ag dreapadh an chnoic dúinn bhíos ag spalpadh raiméise, ach nuair a thángamar go teach Chiaráin chuir Jimmy a mhéar lena bhéal.  D’oscail sé an geata ansin, ag sméideadh orm é a leanúint.

“Cad ‘tá ar bun agat?” a d’fhiafraigh mé i gcogar de.

Níor thug sé freagra, ach ar a bharraicíní chas sé an cúinne, is d’imigh as radharc thar an alltar.

 

Timpeall an chúinne leis, isteach sa dorchadas, is timpeall an chúinne liomsa á leanúint.  Bhí solas ar lasadh i dtaobhsheomra an tí, a lonraigh an t-uafás a bhí ar ghnúis Jimmy is é ag amharc isteach.  Chuaigh mé chomh fada leis is b’in istigh Ciarán, ár n-andúchasach, ina sheasamh i lár an tseomra.  A shúile dírithe ar an leaba lom, ní aduaine a bhí le sonrú iontu ach uaigneas is dínit.  Ní raibh seans aige i ndáiríre, bhí a shaol sáinnithe sa lá sin i bhfad siar nuair a shleamhnaigh a dheirfiúr faoi uiscí dorcha an tsaoil seo.  Agus fós d’fhill sé, bliain i ndiaidh bliana, ar an teach seo is ar ghlórtha meidhreacha na bpáistí lasmuigh.  Ní raibh ar a chumas, an meathdhuine seo, a bheatha a bhrú roimhe go ceann ciotach scríbe ar bith.  Sea, chrámar é, ach bhí mo sháith anois agam den rud ar fad agus shiúil mé amach an geata.  Lean Jimmy mé, agus é sna trithí.

“An bhfaca tú é, an dúradán?”

Caithréim gan tairbhe a bhain mé amach anois, más go déanach féin í. 

“Jimmy, is geall le spiairí sinn i leith an fhir seo.  Táimid chomh holc lena chéile – mise, tusa is do mháthair.  Súmairí,” arsa mise go searbhasach leis.  “Nó striapacha.”

 

“Cad a dúirt tú?”

Bhraith mé neart a dhoirn i m’easnacha agus é ag caint.  Bhí Jimmy láidir, ach le méid mo dhéistine bhí buille sa phus faighte aige uaim sular thuigeas cad a bhí déanta agam.  Chúlaigh sé de gheit, ag cur lámh lena bhéal.  Ba léir, fiú sa lagsholas, an fhuil ar a mhéara.  Ceann faoi, labhair mé leis. 

“Téir abhaile.  Beidh rud éigin sa teach ag do mháthair dó sin.”

“Ní rachaidh mé” ar sé, ag drannadh liom.  “Téir tusa chuici, is féach an bhfuil aon rud ag Maggie duitse, ó tá tú chomh mór sin faoi dhraíocht aici.”

Leis sin tharraing sé a chuid airgid as a phóca, is theilg chugam é.  D’imigh sé i dtreo an tsráidbhaile, díreach agus doras an tí á oscailt.  Thit an solas orm is ar na nótaí a bhí scaipthe mórthimpeall, agus chualathas guth Chiaráin.

“An bhfuil aon rud cearr?”

Gan dada le rá agam, thug mé na cosa liom.

 

Ní raibh mé ach imithe thar theach Jimmy nuair a chuala mé doras á dhúnadh, is dhruideas isteach in aice an chlaí chun nach bhfeicfí mé.  Fear strainséartha a tháinig amach, ag léim isteach ina charr is ag bailiú leis go gasta.  D’fhan mé ansin le hais an bhóthair, is ag amharc suas dom chonac spéir a bhí ina thrilseán réaltaí.  Bhí Hale-Bopp imithe uainn, is mura bhfuair siad síob leis bhí lucht Heavens Gate fuar seargtha faoi seo.  Teilgeadh chugainn é, meall oighir is carraige ó thús ré na cruinne féin.  Mar an gcéanna dár n-adaimh is mar an gcéanna dár gcinniúint, sa racht deiridh soilseachta nó grá nó feirge a bheadh ina gcríoch ainsrianta orainn go léir.  Bhíogas as mo réaltfhaire nuair a chuala mé inneall gluaisteáin, a thiomáin go mall chomh fada le teach Jimmy.  Tháinig fear amach as is chnag sé ar an doras, is nuair a d’fhreagair Maggie é d’aithin mé Tony, ár n-óstach ó chianaibh.  Labhair siad ar feadh tamaill, is ansin thóg sé beart as a phóca.  Chomhairigh sí an t-airgead go gasta cúramach, is tar éis é a ligean thairsti dhún sí an doras.  Nuair a shroich mé mo theach féin bhí na soilse ar fad múchta.  Bheadh mo thuistí ina luí anois, cúraimí an lae curtha i gcrích acu.  Ach bheadh Maggie ina suí ar feadh tamaill fós, a híobairt éagoiteann féin á déanamh aici ar son a mic.  Bhain mé díom mo bhróga, is dhruid mé an doras i mo dhiaidh.

 

Codladh suaite a bhí agam nó gur éirigh mé arís leis an láchan.  Ag tarraingt siar na cuirtíní d’airigh mé cruth dorcha á thaispeáint féin i mbreacsholas na maidine.  Cnocán beag é a bhí trasna an chuain uaim agus bándeirge na spéire, mar fháinne cíche, ag gobadh os a chionn.  Agus mé ag siúl amach an doras, bhí sine fhlannbhuí na gréine folaithe go geanmnaí faoina bhun go fóill.  Thíos ag an dún, i log báite ag bun staighre, tháinig mé ar an mias shatailíte san ionad inar fhágamar í.  Tharraing mé amach í, beagán meirgthe anois, is thosnaigh á hiompar go teach Chiaráin.  Bhí orm cnagadh faoi thrí sular fhreagair sé an doras, é ag stánadh go balbh ar an mias i mo bhaclainn.

“Tháinig mé uirthi seo” arsa mise leis.  “Creidim gur leatsa é.”

“Tháinig tú uirthi?” ar sé go hamhrasach.

“Sea.  Thíos ag an dún.”

“Tá cuma spíonta ort.  An bhfuil gach rud ceart go leor?”

“Tá mé togha.”

“Conas atá Kay?”

“Kay?”

“Do mháthair” ar sé, leamhgháire ar a bhéal aige.

“Ó, sea.  Tá sí ar fheabhas ar fad.”

“Go maith.  Abair léi go rabhas féin is mo mháthair ag cur a tuairisce.”

“Déarfaidh mé cinnte,” arsa mise, ag bronnadh na méise air.  “Theastaigh uaim í seo a thabhairt duit sula n-imeoimis abhaile.”

Bhí lángháire ag leathadh ar a aghaidh anois, ach bhailigh mé liom sular fhéad sé a thuilleadh a rá.

 

Nuair a bhí gach rud pacáilte sa charr againn, chuir mo mháthair ceist orm ar theastaigh uaim slán a fhágáil le Jimmy.  Chroith mé mo cheann, ag tabhairt freagra giorraisc uirthi.

“Tá sé chomh maith againn imeacht, má tá gach éinne ullamh.”

“An bhfuil tú ceart go leor?  Bhí sé déanach agat ag teacht isteach aréir, is d’imigh tú arís go moch ar maidin.”

“An gcodlaíonn tú riamh, a Mhaim?”

“Sin máithreacha agat,” ar sí ag gáire.

Ag barr an bhóithrín thángamar ar Jimmy ag teacht inár gcoinne.  Shéid m’athair an adharc leis, ach níor stad sé.  Nuair a dhruideamar thairis chas mé mo cheann, is theagmhaigh ár súile lena chéile.  Radharc ní bhfaighinn air arís ar feadh na mblianta.

 

 

©2014 Colm Ó Ceallacháin

 

 

Author Links

 

'You Will Be Pore' le Ó Ceallacháin ag Southword

Colm Ó Ceallacháin ag Cogar

Colm Ó Ceallacháin ag Gaelport

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15