s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

MARCUS MAC CONGHAIL

 

 

 

Marcus Mac ConghaileThóg na gardaí Marcus Mac Conghail toisc nár thaitin a chuid sean-nóis sráide leo. Dhein sé iarracht síobsiúl ó Chathair Chorcaí go Corca Dhuibhne uair amháin ach níor éirigh leis ach Cill Áirne a bhaint amach an oíche sin agus chodail sé i ngort caide. Ní bhíonn fhios aige riamh bhfuil dhá L nó L amháin sa bhfocal Buil(l)e. Tugann sé foc mar ainm ceana ar gach foclóir agus ní dócha gur scríobh sé dán gan ceann a cheadú. Is minic gur an foclóir féin a scríobhann an dán. Tá fonn diamhair air dul go Londain agus dán molta a scríobh do Lís, Banríon Shasana.

 

 

 

 

 

 

Seamus Heaney

 

Im’ dhéaga scríobhainn amach a dhánta

—níor thuigeas iad.

Thuigeas na focail, seans,

ag trasnú an leathanaigh

go dtiocfadh deireadh líne leo.

 

Beirt gan aithne ar a chéile

labhramar ar an bhfile

is nocht mo rún leat

—go mbínn ag scríobh amach a dhánta

rud ná dúrt le héinne.

 

Is dúraís go mbíteá féin

ag scríobh amach a dhánta

is gur bhuail tú leis uair amháin

is gur bhain sin deora asat

—deora áthais.

 

Cé a shamhlódh go gcuirfeadh fear

nach raibh aithne agat

ná aithne agam air

sinn in aithne

le nochtadh rúin, le sileadh deor.

 

 

©2014 Marcus Mac Conghail

 

 

Author Links

 

Ceannaigh Ceol Baile le Marcus Mac Conghail ag An Siopa Leabhar

Ceannaigh Ceol Baile (Kindle)

YouTube: 'Iníon An Fhaoit'

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15