s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

JULIE FIELD

 

 

 

Julie Field

Rugadh Julie Field i gcathair Chorcaí, ach tá sí lonnaithe i nGleann Maghair anois. Bhain sí céim (1H) amach sa Ghaeilge i UCC 2007, chomh maith le MPhil sa Ghaeilge 2012. Cáilíodh í mar mhúinteoir bunscoile le déanaí le Hibernia. Baineann clú agus cáil léi mar performance poet (Julie Goo), agus corónaíodh í mar seaimpín na Mumhan i 2013. Roghnaíodh í chun dul go Coventry anuraidh don Cork-Coventry Twin Cities Poetry Exchange , agus foilsíodh a céad chapbook. Tá idir dhánta, ghearrscéalta agus amhráin cumtha aici.

 

 

 

 

 

Dubhachas

 

 

An t-uaigneas

 an t-anró

ach tá faoiseamh le fáil i bhfocail;

litreacha na haibítre ag siosarnach san oíche.

 

Éirím os cionn mo chraicinn

scrúdaím mo scáil

scaiptear an cheo

nochtar mo chuid lochtanna;

soitheach folamh suite

ar imeall na leapa

ag éisteacht le péisteanna teibí

 ag neadú ‘s ag cothú

ar neart na hiarlaise,

múnlach mar ghruaig

roic mar shúile

giorrúchán mar mheangadh

ag cruthú mo mhúnla nua.

 

Mo chroí ag sní ó cheardaí

go ceardaí, ó ghlúin go glúin

ó luan go luan

ach is ceardaí mise leis

nach féidir púróga mo shaoil

a cheangal, a chneasú ‘s

mé féin a dhealbhú

níos láidre

níos áille ‘s

mo scáil a chaitheamh

ar mhothúcháin ghránna.

 

An t-uaigneas

 an t-anró

ach tá faoiseamh le fáil i bhfocail

litreacha na haibítre ag siosarnach san oíche.

 

 

©2014 Julie Field

 

 

Author Links

 

'A Dystopian Tale': Julie Field ag YouTube

'Jesus, Mary & Joe Duffy': Julie Field ag Balcony TV

'Tomorrow's Girl' le Julie Field: Winter Warmer Festival

Blog le Julie Field: Coventry Poets

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15