s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

EIBHLÍS CARCIONE

 

 

 

Eibhlís Carcione

Tá cónaí ar Eibhlís Carcione i gcathair Chorcaí. Tá filíocht as Béarla is as Gaeilge foilsithe aici in irisí liteartha is duaiseanna buaite aici i Lios Tuathail agus i mBéal Átha na mBuillí. Tá sí ag obair ar thrílóig de dhrámaí as Béarla. Is oide bunscoile í i ngaelscoil.

 

 

 

 

 

 

Aistear

 

 

Fanann sí ag mullach an tsléibhe

ag éisteacht leis na sinneáin gaoithe

ag clagarnach tríd an ghleann,

chomh mear leis an mac mallachtain

a thiomáineann caráiste an bháis

go ciotrúnta

tríd na cúlbhóithre.

 

Seánann sí an síob

mar tá a fhios aici go bhfuil gaol léi

ina phaisinéir,

an deartháir leis an tsúilín mhallaithe.

 

Tógann siad an bóthar 

is duibheagánta sa dúiche

thar an tigh inar crochadh na cearca is na cait.

 

Faoi sholas na réabghealaí

filleann an mac mallachtain ar a phluais sa ghleann,

is baineann sé searradh as féin

mar shionnach dubh.

 

Réabann an deartháir trí dhoras an tseantí 

is caitheann sé an oíche

cromtha thar an iarta,

ag lorg freagraí ó na lasracha,

faoin easpa grá ina shaol,

is conas gur féidir leis an eireaball diabhail

átá aige anois a cheilt

má bhuaileann sé le bean oiriúnach.

 

 

©2014 Eibhlís Carcione

 

 

Author Links

 

Carcione ag The Moth (Issues 9 & 12)

Eibhlís Carcione ag Vicpéid

Filíocht as Béarla le Carcione ag Southword #23

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15