s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

AN COLM BÁN

le LIAM Ó MUIRTHILE:

Léirmheas le Ken Ó Donnchú

 

 

 

 

Ken Ó Donnchú

Is as Corcaigh do Ken Ó Donnchú. Ceithre bliana caite aige ar an ollscoil i ngealchathair na Gaillimhe mar ar fhoghlaim sé Gaeilge. Tá cónaí air i bPrág le bliain go leith anuas agus é ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Sheárlais ansiúd. Éirithe as foghlaim na Seicise le déanaí chun tabhairt faoin bPortaingéilis mar go mbeidh sé ag imeacht go Mósaimbíc na hAfraice an samhradh seo. Suim mhór aige sa cheol agus i gcúrsaí spóirt.

 

 

 

 

 

 

 

 

An Colm Bán by Liam Ó MuirthileAn Colm Bán

Liam Ó Muirthile

(Cois Life, 2014)

Tagairt: 9781907494529

€20

Ceannaigh An Colm Bán ag Cois Life

 

 

Bean as iarthar Chorcaí a chuaigh ar imirce, is níor fhill ar an mbaile riamh, sin í causa scribendi an úrscéil seo, go príomha. Téann duine muinteartha léi ar a tóir blianta i ndiaidh di imeacht, gan aige ach cuimhní fánacha seanmhná, agus cárta poist. “Bhí an scéal níos casta ná mar a cheapas, dhá ainm is dhá shloinne”, adeir an reacaire, an gaolbhleachtaire féin, William Driscoll, agus fios fátha a chuardaigh á mhíniú aige (19). Baineann castacht éigin leis an scéal, ceart go leor, ach ní gné í seo a chuirfidh aon léitheoir ó dhoras. Ní dhéanfaidh aon ghné eile de amhlaidh ach oiread, dar le Mícheál Ó hAodha: “Ó Muirthile has produced a novel of the highest order”, adeir sé ina léirmheas adhmholtach ar An Colm Bán: la blanche colombe san Irish Times (11 Aibreán 2014). “This novel is very well structured and its language is perfectly-pitched; it is neither dense nor overly-literary. Not every male author, irrespective of language has the ability to convey a woman’s inner world and the world of feeling in the way that this author does. It takes great courage and it is a gift that few writers are given. Like Máirtín Ó Cadhain, Liam Ó Muirthile was given this gift”. Ní foláir nó chuaigh an leabhar i bhfeidhm go mór ar Ó hAodha: “If anyone doubts that the Irish language doesn’t still have the freshness, the vitality and the youth of a “summer hurler” in its sinews, then read this novel – even if it’s the only novel you ever read in Irish”.

            Cad é, dar leis, mórbhua an tsaothair? “Some of the writing here is exquisite in its rabalesian celebration of Gaelic joy and sadness, that which miraculously survived like an underground stream beneath the often-staid or puritanical veil of English for a thousand years and more.”

            Leabhar as an gcoitiantacht, leabhar tábhachtach, mar sin: “Ó Muirthile has walked the tightrope between the known and the unknown that fashions great fiction. In doing so, he has achieved what many people had deemed impossible; he has re-located the Irish language and its people back in the cultural fulcrum of the European imaginary once more.”

            Mura gcuirfidh mé guaim orm féin beidh teora na bhfocal sáraithe agam is gan ann ach tuairimí athchúrsáilte Uí hAodha. B’fhearr, b’fhéidir, dul i muinín bhlurba an leabhair féin: “Saothar neamhghnách ar fad é seo a nascann gnéithe de scéal na hÉireann le mórscéal Mhór-Roinn na hEorpa”. Agus sin é agat é; fillfear ar ráitis Uí hAodha ar ball. Ina dhiaidh sin féin, ní thiocfainn leis an mblurba go hiomlán. Ní “neamhghnách ar fad” é mar shaothar le fírinne. Gabhann an insint slite diamhra ó chaibidil go chéile, agus ní léir i gcónaí an fantaisíocht nó rámhaille nó réaltacht aduain éigin atá á cur os comhair an léitheora. Ar deireadh thiar, áfach, réitítear formhór na gcásanna seo. Fágtar cuid eile gan réiteach, agus chun leasa an tsaothair a théann na bearnaí úd, mar ábhar machnaimh agus cothú amhrais iad in intinn an léitheora. Cleasanna éifeachtacha iad seo. Ach ní hionann iad, ná a dtoradh, agus “saothar neamhghnách ar fad” dar liomsa. Seans gur tagairt don easpa úrscéalta téagartha a scríobhtar sa Ghaeilge atá i gceist ag údar an bhlurba agus “neamhghnách” á bhaisteadh aige air.

            Cén sórt leabhair é An Colm Bán, mar sin? Úrscéal bleachtaireachta atá ann, más ceadmhach rangú righin a dhéanamh air, ach gan aon bhaint aige le gardaí ná marú (go pointe) ná le haon choirpeach ná gadaí ar leith, mura luaitear gadaithe is coirpigh uile Impireacht na Breataine. Déantar i bhfad níos mó suntais dá mbíonn ar siúl faoi bhlaosc bheag an duine, freisin, ná mar a dhéanfaí i ngnáthúrscéal bleachtaireachta, agus is ar thóir rudaí go leor eile (chomh maith lena sprioc ainmnithe) a théann an t-údar anseo. Leanann William Driscoll lorg a ghaoil, Nóra Buckley, go Páras na Fraince, mar ar tháinig sise in inmhe agus í ina ‘colm bán’ rinceora ar stáitse na Folies Bergère tamall gearr tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir. Bhí na cosa tugtha léi aici ó sclábhaíocht an tsaoil in aimsir in Éirinn agus i Sasana, agus siúd is gur sclábhaíocht de shórt eile ba ea saol an stáitse, ba í an fhaill í do Nóra a hanam a shaoradh ó dhaoirse agus uaigneas a haigne, agus cead a cos á thabhairt aici do mhianta a coirp.

            Is fíor do Mhícheál Ó hAodha nach teanga “dense” nó “overly-literary” atá ann. An fhilíocht tríd an bprós, is é sin prós fileata seachas prosimetrum a bhíonn ag Ó Muirthile in amanna, agus feictear dom gurb í sin an teanga is fearr sa leabhar. Ní hí an stíl sin a bhíonn aige i gcónaí, ámh, agus bíonn cuma an chín lae nó rian na tuairisce ar chodanna de, cur chuige nach n-oireann don leabhar. B’fhéidir nach bhfuil aon neart air, agus a bhfuil ann de chur síos ar thaispeántais agus ar chúrsaí ealaíne, ar charachtair, agus ar áiteanna. A leithéid seo:

 

Thiocfadh an gailearaí amach i rue Boissy d’Anglas in aice leis an Faubourg Saint Honoré, agus bhainfinn an Place de la Madeleine amach tríd an Galerie de la Madeleine. D’fhéadfaí an lá a thabhairt sa Galerie de la Madeleine, lena bhoird agus cathaoireacha faoi dhíon gloine, ach bhí fonn orm seilbh a fháil ar thicéad amharclainne. Fuaireas. Go hard i bhfrathacha na hamharclainne, ach ba chuma. D’fhilleas ar mo sheomra san óstán sular thosnaigh na sluaite ag brúchtadh as na hoifigí, Métro go Saint Michel, aistriú go dtí an RER agus éirí amach ag Luxembourg. Bhí rithim laethúil bunaithe agam. Éirí go luath idir a seacht agus leathuair tar éis, tae, dul amach, filleadh le builín aráin agus blúire cáise agus torthaí, dreas oibre a dhéanamh, bualadh amach i lár an lae chun ithe, filleadh agus néal codlata a dhéanamh. Bia a réiteach sa seomra thart ar a sé. Roinnt léitheoireachta. Bualadh amach san oíche ansin go dtí an amharclann, scannán, nó seisiún éigin ceoil nó caidrimh. (77)

 

            D’fhéadfaí an chuid sin a fhágaint ar lár, 150 éigin focal, gan baint den insint. Ar ndóigh tuigim go maith gur furasta samplaí gairide a aimsiú in úrscéal 249 leathanach chun pointe éigin a léiriú, agus bailiú leat dá éis agus an beart déanta agat, mar dhea. Is deacra go mór don údar, a thugann faoi shaol iomlán a shamhlú agus a scríobh, an stair agus an fhiosracht agus an tsamhlaíocht curtha ag obair aige chun na críche sin, agus a chaitheann an saothrú sin go léir a chosaint as a aithle, b’fhéidir. Aithnítear dúthracht agus mian an údair ar an leabhar seo. Ba chúiteamh ar a iarrachtaí é dá léifí agus dá bpléifí an t-úrscéal seo i mbólaí éagsúla i bhfad is i ngar. Ní hé an leabhar Gaeilge a mholfainn féin, áfach, don léitheoir amhrasach “even if it’s the only novel you ever read in Irish”, ná ní ghlacaim le ráiteas Uí hAodha go bhfuil éirithe leis an Muirthileach an ní dodhéanta a chur i gcrích. Bíodh is nach bhfuil mórán lochtanna air, mar sin féin, ní saothar gan locht é. Is úrscéal suimiúil é An Colm Bán, ar a théagar, ar a rithim, agus ar chumas reacaireachta Uí Mhuirthile. Ní hionann, dar liom, a bhuanna agus buanna Uí Chadhain. Ach níl a shaol ina pháipéir bhreaca ar fad go fóill.

 

 

 ©2014 Ken Ó Donnchú

 

 

Author Links

 

Céim ar Chéim (RTÉ)--25 Meán Fómhair 2008 (MP3, 44.4 MB)

Léirmheas le Donchú ag Southword Journal

Ó Donnchú ag Beo!

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15