s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

MLC

GO TO MLC HOMEPAGE


FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2017


 

submit
Submit to Southword

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon

 

 

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

PÓL Ó MUIRÍ

 

 

 

 

 

pol omuiri

 

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste. Is iriseoir agus scríbhneoir é.

 

 

 

 

 

 

 

 

Cluain Álainn

 

 

Cois locha. Bíonn an loch romham i gcónaí, is cuma cén chuid den domhan a shiúlaim. Nuair a fhiafraíonn daoine díom cá háit ar éirigh mé aníos, deirim: “Cois locha.” Déanann siad iontas den abairt agus deir: “Is iomaí sin loch ann.” Freagraím le miongháire: “Níl ach an t-aon loch amháin ann. An ceann is mó in Éirinn. Loch nEathach. Á, tá mé ag insint duit nach bhfaca tú iontais an domhain seo go dtí go bhfaca tú Véineas os cionn Loch nEathach. Ná bac lochanna móra na hEorpa. Lán gealaí os cionn an locha sa gheimhreadh agus í chomh híseal sin sa spéir go dtiocfadh leat do lámh a ardú agus an ghealach a cheapadh i do bhois.”

Níl mé chomh dílis sin i gcleachtadh mo chreidimh ach ní shéanfainn Dia an Cruthaitheoir nó chonaic mé saothar a láimhe le mo shúile cinn féin go hantráthach sa spéir dhubh, na réaltaí sin ar fad spréite os mo chionn mar a bheadh bainne doirte ar urlár sciobóil, coiméid ag treabhadh a n-iomaire sna flaithis thuas agus Véineas ina banríon ar an iomlán. Agus is amhlaidh an scéal lá geal samhraidh, agus an ghrian ag téamh an uisce chiúin; mo bhád beag ar snámh i lár locha, idir An Sliabh Speirín agus Sliabh Mis agus tost ar an solas féin.

Más eachtrannach atá ag cur thuairisc na háite, lorgaíonn siad tuilleadh eolais agus tugaim míniú beag dóibh ar stair an locha, ar a ainm, ar Fhionn Mac Cumhaill, ar na heascainn. “Go hálainn,” a deir siad. Is minic a éiríonn siad tógtha ansin le logainmneacha agus le seanchas an locha. Déanaim mo dhícheall i gcónaí tuilleadh a insint dóibh. Ní saineolaí ar logainmneacha nó ar mhiotaseolaíocht mé ach tá cúpla píosa ar eolas agam. Shílfeá gur draoi a bhí ionam agus mé ag rá mo chúpla focal agus ag insint mo chúpla scéal. Bíodh is go bhfuil cónaí orm thar sáile le 20 éigin bliain, cuireann sé iontas orm i gcónaí an spéis a chuireann eachtrannaigh  i ndúchas na nGael; cuireann sé iontas orm an dóigh a n-aimsíonn siad draíocht i scéalta nach dtugann muid aird orthu a thuilleadh.

Dá olcas mo chúpla focal féin faoin am seo, is leor iad le mearbhall a chur ar an choimhthíoch bocht agus ní luaithe mo chuid ráite agam go ndeir siad: “Tá an teanga sin an-cheolmhar.” Agus freagraím: “Tá – ach níl inti ach cineál ceoil i gcúlra an teach tábhairne sa lá atá inniu ann.”

Más Ultach a chuireann tuairisc na háite is minice ná a mhalairt a déarfaidh sé: “Ní raibh mé riamh ar an loch. Chonaic mé go minic é ach ní raibh riamh air.” Is iontach liom go fóill féin a laghad Ultach a chaith lá ag seoltóireacht ar an loch. Tá sé faoi 30 ciliméadar de Bhéal Feirste féin ach déanaim amach nach mbeadh bunús phobal na cathrach sin in ann insint duit cá raibh sé – gan a bheith ag caint ar bhád a sheoladh ar a chuid uiscí.

Agus más deisceartach a chuireann tuairisc an locha, tagann amhras orthu agus feiceann tú an cheist ina shúile: “An loch is mó in Éirinn?” Ní smaoiníonn siad gur in Éirinn atá an loch. Sa Tuaisceart atá sé. Thuas ansin. As an chosán. Ar an taobh thuaidh den Teorainn, ar an taobh contráilte den chlaí nach dtrasnaíonn siad ach amháin má tá siad ag iarraidh biotáilte a cheannach go saor ar an Iúr. “Á, raidht, Loch nEathach,” a deir siad agus eagla orthu an dara focal a rá. “Aidh, Loch nEathach. In Ard Mhacha a tháinig mise ar an saol.”

“Ó, Ard Mhacha?” Agus an eagla ag méadú i dtólamh.

“Sea, i dtuaisceart an chontae. Cois locha.”

Agus feicim faoiseamh éigin ina súile nach deisceart Ard Mhacha atá i gceist agam, nach bhfuilbaol ar bith ann go dtiocfaidh gunnadóir  nó buamadóir inár dtreo.

*

An loch; an mhuir intíre; an t-uisce inmheánach. Maireann mo ghrá don loch i gcónaí. Ní dheachaigh mise le peil mar a chuaigh mórán de mo chomhghleacaithe. Ní raibh spéis dá laghad agam geansaí gorm an chlub nó geansaí buí an chontae a chaitheamh. Chaith mise mo chuid ama ag seoltóireacht ar an loch, ag iascaireacht agus ag snámh ann. Cur amú ama a bhí i ngach sórt eile agus má bhí an aimsir ró-olc le léim sa loch, chaith mé an lá ag an deasc i mo sheomra, ag léamh agus ag scríobh, agus mé ag amharc anonn ar an loch, ag fanacht leis an teocht ardú agus leis na scamaill sceitheadh.

Ach dá mhéid mo ghrá don loch, ní thiocfadh liom bheith beo uirthi. An fheirm bheag atá ag m’athair, is do mo dheartháir Danny atá sí daite. Chan mórán í mar fheirm, dornán beag acraí, eallach ag innilt agus cearca callánacha a choinneoidh na búistéirí áitiúla sásta ach sin a bhfuil. Tógann muid eascainn as an loch anois agus arís – i ngan fhios do na húdaráis – ach ní thiocfadh leis an fheirm beirt a chothú.

M’athair a d’inis an méid sin dom agus mo sheal ar meánscoil ag teacht chun deiridh. “Tuigeann tú,” a dúirt sé, “go mbeidh ort aghaidh a thabhairt ar an chathair, ar an ollscoil. Beidh an fheirm ag Danny. Beidh suíomh anseo duit má phósann tú. Ná bíodh imní ort faoi sin. Tá muidinne sa bhaile fearainn seo le 100 bliain agus tá súil agam go mbeidh muid ann go ceann 100 bliain eile. Ach caithfidh mé an fheirm a thabhairt do Danny. Beidh ort do chuid a shaothrú ar dhóigh éigin eile.”

Ní le mailis a dúirt sé é; ní raibh mailis ar bith ann. Ach sin an saol agus thuig muid go maith é. Eisean ba shine agus d’fhág a athair an fheirm aige. Chuir sé sin olc ar a dheartháir féin ach sin mar a bhí. D’éirigh muid aníos agus muid beagnach aineolach go raibh uncail againn go dtí an lá ar adhlacadh é agus chuaigh m’athair amach an doras agus carabhat dubh faoina mhuineál. “Cá bhfuil a thriall?” a d’fhiafraigh mé de mo mháthair ach tada níor dhúirt sí liom.

Ghlac mise leis an chinneadh. Bhí an talamh róghann le go roinnfí é. B’éigean dúinn an méid a bhí againn a choinneáil. Thuig mise sin. Thuig gach duine sa phobal é. Thug gach feirmeoir sa chomharsanacht an fheirm don mhac ba shine – an mac. Ní an iníon. Ní thabharfadh siad talamh ar bith d’iníon, is cuma í a bheith níos sine ná a cuid deartháireacha. An mac. Choinneodh an mac ba shine an talamh slán don chéad ghlúin eile agus, má bhí an t-ádh leis, cá bhfios nach bhfaigheadh sé acra nó dhó eile ó fheirmeoirí a d’éag gan chlann nó ó fheirmeoirí a d’ól a chuid talaimh chun críche, cuibhreann ar chuibhreann, go dtí nach raibh fágtha acu ach an teach féin agus cró na muc. Cheannófá cúpla acra ó fheirmeoirí den sórt sin gan amhras. Cheannófá, nó mura gceannófá, cheannódh daoine eile é. D’fheicfeá taobh amuigh den séipéal iad Dé Domhnaigh, ceann faoi orthu, i mbun cogair ag na geataí: “Sea, bhuel, cheannaigh mé cúpla acra. Cad é eile a thiocfadh liom a dhéanamh? Tá an créatúr go dona as. An t-ól. Sea, bhuel, b’fhéidir go gcoinneodh an cúpla punt an dé ann agus ina chuid páistí go fóill beag.”

Gníomh Críostaí a bhí sa chúpla punt agus gach duine ar bís le fáil amach cá mhéad a d’íoc sé as an talamh. Ach ní chuirfeá duine ar bith an cheist. Thuig siad nach bhfaigheadh siad freagra, go raibh sé chomh maith agat ceist a chur air an mbeadh cead agat luí lena bhean ná fiafraí de cá mhéad a d’íoc sé as gort.

Agus dá mhéid ár bhfiosrachta faoin airgead agus dá mhéid ár n-éad go raibh talamh breise ag duine eile, b’fhaoiseamh dúinn gur againn – Caitlicigh – a bhí an talamh ná ag an dream eile. Ní dhíolfaimis leathacra féin leo ná iadsan linn. Ba mhaith an oiliúint í amharc ar fheirmeoirí an dá chreideamh i mbun comhrá le chéile, comhrá rúnda ceilte agus iad ag iarraidh gan eolas a thabhairt ach eolas a bhailiú. Cogar. Nod. Croitheadh guaillí. Claonadh cloiginn. Osna. Focal. Dhá fhocal. Tost. Sruth cainte. Tost arís. Croitheadh láimhe. Beannacht le béal an duine agus, tamall ina dhiaidh sin, mallacht lena dhroim. Iomaíocht agus síoriomaíocht agus an cluiche á imirt taobh istigh de rialacha na Críostaíochta – bíodh is nach raibh an chiall chéanna do na rialacha sin ag gach aon duine. Sea, dhíolfadh daoine bó nó cearc nó féar lena chéile dá mba ghá ach ghearrfadh siad sceadamán a chéile ach talamh a fháil – drochthalamh cois locha féin.

An té a bhí eolach ar cheantar s’againne, ní thógfadh sé i bhfad air a dhéanamh amach go raibh an drochthalamh ar fad cois locha; é sin i seilbh na gCaitliceach agus gan le feiceáil ar an talamh sin ach séipéal agus cumann CLG. Ba leis na Protastúnaigh an talamh maith intíre agus teampaill agus hallaí buí tógtha go mórtasach air. Bláthú bliantúil a bhí sna bratacha dearga, bána agus gorma ar an talamh maith ach ní fhaca tú fómhar den chineál riamh ar an drochthalamh; seasc a bhí an síol sin sna bólaí sin. B’aisling í ag mórán feirmeoirí Caitliceacha cur lena ngabháltas agus cúpla cluain mhaith a cheannach i ndeas don sráidbhaile. Ach aisling in aisce a bhí ann. An té a raibh cluain mhaith aige, ba ghnách leis í a dhíol le fear a raibh cluain mhaith aige cheana féin agus an té nach raibh ach radharc ar mhóinteacha aige, lean sé leis ag santú chuid cluainte buí a chomharsan.

De ghnáth. Ach tharla, anois agus arís, gur tháinig daoine chun an cheantair nár thuig na rialacha. Tharla, in amanna, go bhfuair an Dia Caitliceach an lámh in uachtar ar an Dia Protastúnach agus gur éirigh leis an Mhaighdean Mhuire agus leis na naoimh go léir cogar a chur i gcluas Íosa faoi chás an fheirmeora Chaitlicigh cois locha. Bhí Fear Buí sa cheantar a raibh Willy Montgomery  air. Tháinig a shliocht anonn sa seanam agus fuair siad na mílte acra de thalamh sa taobh seo tíre; talamh a bhí, de réir mar a d’inseodh sé féin an scéal, bán ar fad, gan duine ná deoraí beo ann. Chuir a mhuintir fúthu san áit, rinne obair na gcapall, agus bhí rath agus bláth ar an ghabháltas ón lá sin go dtí an lá atá inniu féin.

Déarfadh na reacairí Rómhánacha, ar chúl boise,  go raibh cuid den cheart ag Willy – ní raibh duine nó deoraí beo san áit, a bhuíochas sin le Sior Arthur Chichester,  búistéir de chuid Éilís I a mharaigh gach neach sa limistéar seo locha tá 400 bliain ó shin. Rinneadh iarracht ainm an locha a athrú de bharr a chumais i mbun claímh agus “Lough Chichester” a thabhairt air ach theip ar an iarracht. Bhí draíocht an ainm róláidir. Thug taibhsí na dtonnta dúshlán Chichester as a gcuid uaigheanna dorcha dearmadta agus b’éigean dá lucht tacaíochta sráid shuarach sa chathair a ainmniú as sa deireadh.

Ní raibh le déanamh le holc a chur ar Willy ach ceist a chur air cad é a tharla don chuid eile dá thalamh nó ní raibh aige féin faoin am seo ach Cluain Álainn, cluain bhreá gan amhras, an talamh ab fhearr sa cheantar, ar imeall na ngabháltas cois locha, agus cluain thar cluainte eile; cluain a d’fhan tirim nuair a bhí acraí eile faoi uisce;  úir a shúigh solas na gréine go híochtar agus féar tiubh a phléasc as an ithir dá bharr sin; féar a chothódh eallach an tsamhraidh agus féar a bhainfí agus a chothódh an t-eallach céanna i ndúluachair Ultach. Thiteadh tost ar Willy ansin agus deireadh sé: “Seo agus siúd. Tharla seo agus siúd.” D’ólfadh sé siar an Bushmills agus ní labharfadh sé arís. Ach ní go minic a rinne daoine spochadh as; ní raibh olc acu dó. Níorbh é ba mheasa, a deireadh a lucht aitheantais ach sin de mholadh a ndéantaí air.

Bhí Willy ar nós gach duine eile sa cheantar – bhí a chuid prionsabal aige ach ní thiocfadh leat iad a ithe. Thóg sé airgead áit ar bith a bhfuair sé é; go díreach mar a rinne muid uilig. Anonn go maith in aois a bhí sé, gan mac aige, agus an talamh ar cíos ag na comharsana Caitliceacha aige faoin am seo. Bhí iníon aige ach bhí sé de dhánaíocht inti Caitliceach a phósadh – ball den RUC arbh as deisceart an Dúin a mhuintir ó cheart. Níor leor éide na banríona le peaca an ainchreidimh a mhaitheamh, áfach, agus chuir sé an ruaig uirthi. Chuaigh siad beirt a chónaí san Astráil sa deireadh agus tá gariníon Willy – Aisling –  ar dhuine de na damhsóirí Gaelacha is fearr ar domhan.

Bíodh is gur réitigh sé lena chomharsana Caitliceacha – sa mhéid is gur réitigh duine ar bith againn lena chéile  – ní raibh dóigh ar bith ann go ndíolfadh sé Cluain Álainn leo. Thuig gach duine sa chomharsanacht go raibh an bás aige agus gan iomrá ar oidhre. Is iomaí sin comhrá a rinneadh thar claí an samhradh sin agus é ag saothrú an bháis: “Ní bheidh Willy ag máirseáil i mbliana,” a dúirt Oilibhéar le m’athair agus muid ag dul thar bráid tráthnóna amháin. “Ní bheidh, an créatúr. Tá drochdhóigh air de réir mar a chluinim” a dúirt m’athair.

“Ó, drochdhóigh gan amhras,” a dúirt Oilibhéar, “níl tarrtháil air, chan sa saol seo ar aon nós.”

Thost siad beirt go hurramach don té a bhí beagnach marbh sular dhúirt m’athair: “An bhfuil seans ar bith ann go bhfaighidh tú an talamh? Tá sé ar cíos agat cheana féin.” Thost Oilibhéar arís agus shílfeá gur i mbosca an éistigh a bhí sé agus é ar tí a chuid peacaí a chur os comhair Dé: “Tógfaidh sé mo chuid airgid ach ní dhíolfaidh an bastard buí sin acra liom. Chuir mé ceist air cheana. Níl a fhios agam cé a gheobhas an talamh ach ní mise a bheas ann.” D’éirigh siad ciúin arís agus d’amharc anonn ar an chluain rolla a bhí rompu, lig osna agus dúirt: “Bhuel, sin an saol. Sin an saol.”

Ní raibh an ceart ar fad ag Oilibhéar. Is fíor nár mháirseáil Willy arís agus adhlacadh é ar lá glórmhar samhraidh agus m’athair agus Oilibhéar ar imeall chomhluadar na cille. Níor luaithe an chréafóg ar chónra Willy gur tháinig Sasanach ard caol a fhad le hOilibhéar, chroith lámh leis, chuir é féin in aithne mar nia – agus oidhre – Willy agus d’iarr cúpla bomaite cainte sa chineál sin Béarla a chuirfeadh ginearál airm nó tiarna mór-le-rá i gcuimhne duit. Ní raibh an fheirm uaidh. Bhí a athair féin – agus d’éirigh a ghlór an-chiúin – bhí a athair féin san arm agus, bíodh is go raibh sé ar pinsean anois, níor mhaith leis féin go mbeadh a mhac ina chónaí in Éirinn. Ba chuma leis an chuid seo d’Éirinn bheith faoi cheannas Londan nó neamhspleách, bhí go leor eolais aige ar stair na tíre fanacht glan amach aisti. Agus é ag amharc ar na cuntais, chonaic sé go raibh talamh Willy ar cíos ag Oilibhéar. An raibh seans ar bith ann gur mhaith leis é a cheannach glan amach? Ba chuntasóir é féin ach bhí mac ar scoil phríobháideach i Sasana aige agus, bhuel, tuigeann tú féin, bhí na táillí ard agus an t-airgead gann. Ní raibh sé ag iarraidh brú a chur ar Oilibhéar ach mhothaigh sé gur chóir dó an tairiscint a chur faoina bhráid ar dtús mar chúirtéis agus sa chás nár mhaith leis í…

Och, a dúirt Oilibhéar, is míle trua liom do chás agus is míle trua nach mbeifeá ar do chompord abhus. Ní chuirfeadh duine ar bith isteach ort sa chomharsanacht seo. Daoine maithe múinte a bhí thart anseo. Réitigh gach aon duine le chéile agus is beag trioblóid a bhí ann diomaite d’eachtra nó dhó agus ba mhór an donas iad sin agus daoine as baile isteach ba chúis leis an dúnmharú sin. Ach seo, tuigim duit. Is mór idir Éirinn agus Sasana. Sea, tá an talamh ar cíos agam le fada ach níor smaoinigh mé riamh ar é a cheannach. Bhí cúrsaí feirmeoireachta olc go leor, na bastaird sin sa Bhruiséil, nach bhfuil a fhios agat? É a cheannach? Bhuel, anois, tuigeann tú gur drochthalamh atá ann; bhí an talamh ar fad cois locha go holc. Fliuch sa samhradh agus níos fluiche sa gheimhreadh. Bí ag caint ar dhrochthalamh. Is é an t-iontas é gur éirigh le duine ar bith slí bheatha de chineál ar bith a bhaint as. É a cheannach, an ea? Cá mhéad acra a bhí ann arís? Sea, sin measarthacht. Bhuel, níor mhaith liom cur le do chuid trioblóidí agus bhí aithne mhaith agam ar Willy. Bullaí fir é Willy. É a cheannach? Bhuel, anois, cé chomh hard agus atá na táillí sin ag do mhac?

Faoi dheireadh an tsamhraidh, bhí cóisir mhór tigh Oilibhéir. D’ól muid, d’ith muid agus cheol muid. Tháinig sé chugam le linn na hoíche, a bhiorán staonaire ag lonrú faoi sholas na gealaí. “Cluain Álainn, a Dhoiminic. Cluain Álainn! Ní raibh an talamh seo i seilbh Chaitliceach ó d’imigh Aodh Ó Néill chun na mór-roinne. Samhlaigh sin, a dhuine. Samhlaigh é.”

Léim Oilibhéar ar thábla sa chlós agus scaip a raibh de vol-au-vents agus rollaí ispíní ann. Chruinnigh sé a neart agus lig búir as féin a scanródh an scréachóg reilige féin. Chuir an chuideachta leis an bhúir. Bhí an talamh aige. Cluain cois locha ar leis í agus le sliocht a shleachta. Ba linne í ar dhóigh éigin fosta. Thuig Oilibhéar sin. Thuig muidinne é. Lig muid uilig búir bhuach eile.

An lá dár gcionn, d’fhág mise an chluain agus an loch le dul chun na hollscoile sa chathair sin a raibh sráid ainmnithe as Chichester inti.

 

 

 

 

 

 

©2013 Pól Ó Muirí

 

 

Author Links

 

Pól Ó Muirí ag Coiscéim

Ó Muirí ag Ricorso

Ó Muirí ag Amazon

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15