s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

MLC

GO TO MLC HOMEPAGE


FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2017


 

submit
Submit to Southword

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon

 

 

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

DÚLASAIR

le DOIREANN NÍ GHRÍOFA:

Léirmheas le Simon Ó Faoláin

 

 

 

 

 

simon ofaolain

Rugadh Simon Ó Faoláin i mBaile Átha Cliath agus tháinig sé chun coinbhlíochta in Iarthar Dhuibhneach. Foilsíodh a chuid filíochta i mórchuid irisí, Feasta, Comhar, An Guth, Cyphers, Irish Pages, The Stinging Fly agus Poetry Ireland Review ina measc. Bhuaigh sé Duais Cholm Cille sna blianta 2008 agus 2010. Bhuaigh a chéad chnuasach, Anam Mhadra (Coiscéim, 2008) Duais Glen Dimplex na Gaeilge agus Duais Eithne agus Rupert Strong. Bhuaigh a chéad dráma, ‘An Poll’ Duais Bhaitéar Uí Mhaicín 2010 ó Thaibhdhearc na Gaillimhe. Foilsíodh an dara chnuasach uaidh, As Gaineamh, sa bhliain 2011.

 

 

 

 

 

dulasairDúlasair

Doireann Ní Ghríofa

(Coiscéim, 2012)

Tagairt: 6660012120468

€8

 

Ceannaigh Dúlasair ag Coiscéim

 

 

Seo an dara chnuasach ó pheann Dhoireann Ní Ghríofa, a fhoilsíodh i 2012, agus é teacht te sna sála ar a céad cheann, Résheoid, a tháinig amach an bhliain roimis. Tá an cnuasach roinnte ina dhá chuid, agus an chéad chuid déanta suas de shraith dánta bunaithe ar Thuairisc Uí Riain a dhein cur síos ar mhíúsáid leanaí fé chúram institiúdí an Stáit. Ábhar dáiríre agus ábhar goilliúnach a éilíonn machnamh ón údar cruthaitheach a thabharfadh faoi, rud a phléas féin leis an bhfile i dtaobh dréachta níos luaithe den tsraith seo. Tá a lán fós ar marthain a d'fhulaing na coireanna a cuireadh síos orthu sa tuairisc úd agus a lán a d'fhulaing coireanna nár cuireadh síos ann, leis. I ngeall ar an méid seo, agus ós rud é nach duine des na híobartaigh í an file féin, is ceist thar a bheith leochaileach í.

 

Sin ráite, is dóigh liom go bhfuil an jab láimhseáilte go maith ag Ní Ghríofa. Tá na dánta gonta, cumhachtach, gan an tsraith a bheith rófhada agus gan aon dán ina nasc lag soiléir inti. Bheadh sé fuirist craos-scléip uafáis agus ainnise a dhéanamh den gcúram, agus an léitheoir a bhá in an iomarca sonraí den éagóir a thit amach. Ach coimeádann an file smacht ar an ábhar, gan ach an oiread oilc a léiriú agus is gá chun a pointe a dhéanamh.

 

Dán atá lárnach sa tsraith ná 'Fuinneoga Dalla'. Is cinnte nach dtaithneodh neamhbailbhe an dán seo le gach éinne, ach tá sé riachtanach. An eachtra a gcuirtear síos air – éigniú buachaill óig ag sagart – agus iompar an scéalaithe a tháinig ar an ainghníomh seo mar fhreagra uirthi, is micreacosma iad den méid a thit amach go náisiúnta ar scála ollmhór: brúidiúlacht na ngníomhartha a thit amach sna scoileanna agus dílleachtlanna, beaguchtach na sochaí a thug neamhaird staidéartha uirthi, agus an sárú iontaoibhe a bhain leis an dá chleachtas araon. Seo an dán mar chúiseamh samplach.

 

Sa dán 'Litir' faighimid spléachadh ar ghné ar leith den mhíúsáid nach bpléitear go minic, .i. an ról a bhí ag comhfhios aicme na cléire i ndídhaonnú na bpríosúnach (glaoim san orthu mar gur b'shin a bhí iontu). Léiríonn an dán fuath agus tarcaisne na cléire i leith na ndaoine bochta dearóile a tháinig faoina gcúram. Críochnaíonn an dán leis an nguí íorónta: 'Go dtuga Dia lámha láidre dom'.

 

In 'Culaith na Saoirse' chímid cailín amháin ag cumadh a cuid éadaí chun na scoile tionsclaíocha a fhágaint. Ach an ar nós Daedelus atá sí, ag cumadh ionstramaí a fuascailte, nó an marbhfháisc a bheidh iontu mar bhalcaisí, agus an institiúid imithe i bhfeidhm rómhór uithi chun saol a dhéanamh di féin ar an dtaobh amuigh? Sa dhán a leanann é, 'Deireadh', caitheann sí 'sé sheachtain ag caoineadh', i dtreo is go samhlófá go mbeadh cleas Penelope trialltha aici – an méid éadaigh a chum sí i rith gach lae a scaoileadh gach oíche – dá mba rud é gur thuig sí roimhré conas mar a bheadh aici sa saol mór.

 

Tugann an file 'Mósaic' ar an tarna sciar den leabhar, teideal a aithníonn gur iondúil cuma randamach a bheith ar aon chnuas dánta a thagann díreach tar éis sraith aontaithe ar théama amháin. Rud a chuireann beagáinín leis an éifeacht seo, braithim, ná an stíl dhíreach, ghonta a d'oibrigh go mór chun leasa na sraithe, ach a fhágann cuid dos na dánta aonair sa tarna sciar agus cuma saghas éadrom orthu. Ach má dhéantar léamh cáiréiseach cífear gur minic nach fíor dá leithéid de bhreithiúnas. Is file físiúil í seo a leagann an-bhéim ar an gcur síos sonrach i leith láithreacht an dáin, idir dhathacha, ghnéithe agus eile. Tá an baol ann go gceapfaí nach raibh ann ach san – cur síos – ar uairibh, ach aird a thabhairt ar fhocal amháin nó dhá fhocal a thugann le fios go bhfuil ceist níos doimhne á plé. Cuir i gcás an dán 'Gleann na nGealt', ina gcuirtear síos ar thuras duine – gealt, adéarfá – trén gcoill go dtí an tobar, mar a fhéachann sé/sí isteach san uisce. Críochnaíonn an dán:

 

Stánann an leigheas ar ais orm

trí shúile stráinséartha.

 

Is é an focal deireanach a bhronann toise breise ar an dán uilig is a dhéanann filíocht de. Cuireann sé an léitheoir seo ag machnamh ar thionchar na gcógaisí a dháiltear ar dhaoine go bhfuil galar meabhrach orthu. Tá aincheist mhorálta ag eascairt as fo-iarmhairt na ndrugaí ar an othar, i dtreo is nach 'iad féin' iad a thuilleadh. Sa Bhéarla, is minic a gcloisfeá duine breoite ag rá 'I'm not myself'. Nath cainte a déarfá, ach is léir gur minic a bhraitheann an té atá ar litiam nó prozac gur fíor an ráiteas san ins an gciall is bunúsaí.

 

Mar is dual d'fhilí, léiríonn Ní Ghríofa bá ar leith leis an té atá thíos leis sa saol, ina measc, leanaí cráite ag mí-úsáid, daoine a chuireann lámh ina mbás féin, daoine agus fadhbanna intinne orthu, srl. Gineann an bá seo dánta maithe, ar nós 'Casadh ar Chlé', mar a mbaintear úsáid chumasach as an tróp imeachtaí a chasadh droim-ar-ais chun toradh truamhéileach a chur ar neamhní (tróp a fheicimid arís sa dán 'Corda' agus 'Gleann na nGealt'). Fós féin, is nuair a chloínn sí lena saol, lena reáltacht, lena mothúcháin féin a fheicimid barr chumas liriciúil an údair, go mór mór sna dánta úd a phléann saolú páistí agus – ar an drochuair – leis an anabaíocht. Ar an dtéama seo, tá an dán 'Fáinleoga' i ngiorracht na foirfeachta. Dánta eile a thaithin go mór liom ná 'Ar Seachrán', a úsáideann an béaloideas mar lionsa chun féachaint ar anchás seanóirí sna tithe altrama as an nua; 'Solitude' gona ghreann glic tuaithe; agus 'Stad', gona meafar sínte d'ábhar dochtúra ag dioscadh coirp.

 

Lochtanna? Ardaíonn an dán 'Sonderkommando' ceist shuimiúil ghinearálta fé nótaí míniúcháin ar dhánta, sa mhéid is go bhfuil an míniú ar chomhfhad, nach mór, leis an dán féin. Ba dhóigh liomsa gur leor an teideal mar mhíniúchán. I ré seo an Wikipedia ní gá é a mhíniú d'éinne nach dtuigeann, mar gur rí-fhuirist dóibh teacht ar an bhfaisnéis. Maidir leis an dán 'Rún na Rachtaí', braithim go pearsanta go bhfuil an aithris chomhaimseartha ar chéad-dhán Aimhirghin in Éirinn ag éirí chomh seanchaite san gur cheart é a aithint mar genre ann féin faoin dtráth seo. Tabharfar fé ndeara gur an-mholadh ar an leabhar féin is ea chomh beag, suarach is atá na lochtanna a fuaireas air i mbun mo dhualgaise. Is fiú an leabhar seo a léamh.

 

 

 

 

 ©2013 Simon Ó Faoláin

 

Author Links

 

'Ag Scornaigh a Chéile' le Simon Ó Faoláin

Saothar le Ó Faoláin ag Southword

Ó Faoláin ag Coiscéim

Ó Faoláin ag Poetry International Website

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15