s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

MLC

GO TO MLC HOMEPAGE


FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2017


 

submit
Submit to Southword

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon

 

 

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

CAITRÍONA NÍ CHLÉIRCHÍN

 

 

 

 

 

 

 

caitriona nichlerchinIs as Contae Mhuineacháin ó dhúchas don fhile Caitríona Ní Chléirchín. Bhuaigh a céad chnuasach filíochta Crithloinnir an chéad duais san Oireachtas i gComórtas na Scríbhneoirí Úra 2010. Bhí sí ar an ghearrliosta do Dhuais Eithne Strong 2011. Tá dánta foilsithe aici in Comhar, Feasta agus Blaiseadh Pinn, Cyphers, THE SHOp, An t-Ultach agus An Guth. ‘Liriceoir nua an ghrá’, a thug Mícheal Ó Ruairc uirthi i léirmheas in Comhar Nollaig 2010. Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach faoi láthair í.

 

 

 

 

 

 

Caoineadh Anna Karenina

 

L’amour est l’exception du vide, mais le vide se concentre tout autour – Roberto Juarroz

 

Chaill mé míle uair thú.

D’eitlíodh éan do ghrá

i bhfad i gcéin uaim

agus bhínnse fágtha

i ngreim an neamhní.

Thiocfá agus d’ólfá uaim

agus thabharfainn m’anam féin duit

go dtí gur claochlaíodh é

 ina ainmhí céasta ciaptha fiáin

ag feitheamh ort le pilleadh

in ocras.

Chaill mé míle uair thú;

leanfainn orm do do chailliúint

ó mo cheathrúna

ó thnúthán do bharróige.

Chaill mé míle uair thú

Ach níorbh liom thú riamh.

 

 

©2013 Caitríona Ní Chléirchín

 

 

 

 

Author Links

 

Caitríona Ní Chléirchín ag léamh ag O'Bheal (MP3, 5.2 MB)

Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge--(Agallamh na Míosa: Caitríona Ní Chléirchín)

Ceannaigh Crithloinnir le Caitríona Ní Chléirchín ag Coiscéim.ie

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15