s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

MLC

GO TO MLC HOMEPAGE


FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2017


 

submit
Submit to Southword

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon

 

 

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

KAARINA HOLLO

 

 

 

 

 

 

kaarina holloLéachtóir le Gaeilge in Ollscoil Sheffield is ea Kaarina Hollo.  Saolaíodh i Sasana í, agus tógadh ansin agus i Meiriceá í.  Bhain sí dochtúireacht amach sa Léann Ceilteach in Ollscoil Harvard.  Chaith sí ceithre bliana dá saol i mBaile Átha Cliath (trí cinn acu mar scoláire san Institiúid Ard-Léinn), bliain amháin  i gCorcaigh agus bliain eile i mBéal Feirste.  Bronnadh an Times Stephen Spender Prize 2012 uirthi i ngeall ar a leagan Béarla de ‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó’ le Derry O’ Sullivan.  Tá dánta agus aistriúcháin dá cuid foilsithe san Edinburgh Review agus sa Cumberland Poetry Review, agus foilsíodh saothar acadúil léi in irisí agus i leabhair éagsúla.

 

 

 

 

 

 

 

 

Mise is Dafydd

 

 

Déan teach dom

          teach duilleogach

duilleoga mar dhídean dom

          agus focail scríte iontu

focail Choillise

          teanga na gcrann

scríte iontu

agus an solas ag teacht

                             tríothu

an solas géar gealghlas sin

          do mo thimpeallú

          do mo cheansú

 

seo í an áit

 

féach mo mhéar ar chraiceann duilleoige

is ann a thosnóimíd

 

 

©2013 Kaarina Hollo

 

 

 

 

Author Links

 

'Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó' aistriúchán Béarla le Kaarina Hollo

'The Cousins' House' at Smashwords.com

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15