s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

LIAM Ó MUIRTHILE

faoi agallamh ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

 

 

Liam Ó Muirthile

Ó chathair Chorcaí é Liam Ó Muirthile. Is scríbhneoir cónaithe i mbliana é i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Eolas cuimsitheach ar a shaothar:  www.coislife.ie


 

 

 

 

 

ANG: Is fada a bhí lucht an Bhéarla ag fanacht ar chnuasach dá-theangach uait. Conas mar a tháinig An Fuíoll Feá le chéile?


LOM: Ina rabharta. Braithim féin i gcónaí agus mé i mbun cnuasaigh go mbíonn an dara cnuasach - nó tuismeadh an chinn atá le teacht - ag gobadh a chinn aníos ar barra taoide, agus ansin ag tumadh as radharc an athuair. Is dócha go bhfuil seilg áirithe i gceist, nó taiscéalaíocht bhreise fóthoinn ar a laghad. Maidir leis na dánta nua, is é an dán teidil an ais chasta ar ndóigh, agus dánta áirithe i dtreo deireadh an chnuasaigh mar fhreagra airsean, dom fhéin ar ao’chuma. Is comharthaí treo iad, b’fhéidir. San am céanna, b’fhéidir gur mhaith le duine bóthar nua ar fad a ghabháil. Bóithrín féin.

 

Rphost aonlíneach a tháinig ó Ghabriel lá. Práinn. Gan aon dul uaidh. Chaithfí an bunsaothar a aistriú nó d’imeodh sé le fán gan aird sa cheo. Is dócha go bhfuil déine na coinbhearsáide sin sa chartlann leictreonach anois, má choimeádas é. Ba gheall le dianchluiche leadóige nó a leithéid é, dán Gaeilge nua agus aistriúchán Béarla ar ais thar an líontán. Diúracáin. Saghas iontais ab ea é. Chruthaigh an choinbhearsáid fuinneamh dá cuid féin. Níor thúisce dán nua críochnaithe ar uaire - shot as cúinne gan choinne a mheasfá - ná b’sheo ar ais leagan Béarla ag spinneáil go diamhair. Ná níorbh aon chomórtas é, ach beirt a bheith gafa san imirt ar mhaithe leis an imirt. Níor mhór fiafraí de féin conas a bhraith sé.

 

B’shin gné amháin de. Na dánta nua á ndréachtadh agus ina n-athbheo faoi chló eile ar an toirt, geall leis de. Níor ghá aon fheistiú breise a dhéanamh orthu, is é sin dul i mbun sclábhaíocht an aistriúcháin, focal ar fhocal agus líne ar líne, mar aon le gluaiseanna agus aguisíní mínithe. Bíonn Gabriel, mar fhile, ar mhinicíocht na nDéithe agus na Bé gan fos, gan sos. Oireann an ré leictreonach dá spreang. Bhraitheas féin gur fhuascail an pháirtíocht chruthaitheach eadrainn mé féin ón ndán Gaeilge chun fanúint sa bhundán, chun coimeád leis – paradacsa, ach tá bunfhírinne ann im chás-sa.   

 

 

ANG: An raibh aon lámh agat féin sna haistriúcháin?

 

LOM: Dheineas leasuithe áirithe anso is ansúd, i gcás go raibh gnéithe de na bundánta éalaithe leo sna haistriúcháin – d’admhódh Gabriel féin go bhfuil stráicí den saol réadúil nach n-oireann dó. Ach sna cásanna san, bhí creatlach nó scafall fágtha ina sheasamh go bhféadfainn oibriú air, dánta adhmadóireachta, seoltóireachta, iomána etc. Ach ba bheag a d’éalaigh ó shúil ghlé an fhiolair. Bhí dánta eile á n-aistriú ag Caoimhín Mac Giolla Léith agus Peter Sirr go raibh idirghabháil á dhéanamh agam féin sna haistriúcháin – frása anso, casadh ansúd – agus iad féin ina mbun, leis. Oireann an meán leictreonach don idirghabháil dhíreach, tur te sin. I gcás nó dhó eile, ba ghá mionscagadh a dhéanamh ar bhundán, chun ligint don aistriúchán teacht ar barra.

 

 

ANG: Tá dlúthdhiosca ag gabháil leis an gcnuasach seo, agus le cnuasaigh eile uait.  B'é seo todhchaí na filíochta Gaeilge nó cuid ded' thionscnamh pearsanta filíochta?

 

LOM: Níl aon dua mór ag baint le dlúthdhiosca a chur le leabhar. Oireann an dlúthdhiosca don leabhar, agus é fleaiteáilte. I gcás na filíochta, is sainchuid den saothar féin guth an fhile, maidir le rithim, canúint, luí na bhfocal sa líne agus leis na línte, ceol, urlabhra,  – gach gné den dán, an feisteas iomlán i ndáiríre. Gníomh éisteachta chomh maith le gníomh scríbhneoireachta is ea líne filíochta. An chluas inmheánach úd, an tiompán. Má chreidimid sa bhfuinneamh síceach – psychic energy Jung – a thuismíonn dán, is é an file féin is fearr a chuirfidh an fuinneamh sin in iúl. Ní féidir an fuinneamh tuismithe sin a scarúint ón bhfocal scríofa, ón uair gur uaidh a eisíonn an focal, mar a dhéanfadh sruth uisce ina eas nó ina chalm.

 

Ina theannta sin, tá caidreamh agus caradas bunaithe le fada idir mé féin agus Iarla Ó Lionáird, ealaíontóir ina cháilíocht féin ar gach slí. Tá mórán foghlamtha agam uaidh, maidir le dán a léamh – tugann sé iasacht dá chluasa agus dá éirim uaidh go fial i mbun taifeadta. Maireann sé féin go hiomlán ar a ghuth. Cruthaíonn an taifeadadh féin ócáid nó deis chumadóireachta de shaghas eile. Ina stiúideo féin, ar ndóigh, a deineadh na taifeadtaí. Toisc gur cumadóir agus amhránaí é féin, bronnann sé iomlán a chuid taithí féin ar thaifeadadh na filíochta, agus tugtar an fhilíocht ar ais go dtína buntuismeadh, a gin bhunaidh. Ina theannta sin, bíonn meanma ag baint le gach dán, agus ní mór breith ar an meanma úd. Is dócha go bhfuil bunchosúlachtaí áirithe, sa chás sin, idir an dán a rá agus amhrán a rá. Tugann aithris an dáin sciatháin do na focail a fhuasclaíonn ón leathanach é. Bímid gafa ar fad i gcás na Gaeilge leis an téacs. Ach nuair a scrúdaítear an traidisiún Gaelach, gan ach breacléamh féin a dhéanamh air, ní raibh sa téacs scríofa riamh ach a leath den saothar, nodaireacht agus treoir don ngníomh aithriseoireachta agus don chur i láthair. An dán bocht siollach féin, gan Aogán agus Eoghan Rua agus Liam Rua Mac Coitir féin a bhac. Is cuimhin liom dán de chuid Liam Rua – marbhna – a léamh ag ócáid phoiblí. Thosnaigh gach líne leis an bhfocal ‘creidhill’. Bhí sé ráite ag scoláirí nach raibh mainach ar bith sa bhundán. Ach ar é a léamh go poiblí, ba chreidhill iomlán é i.e. buaileadh clog na creille i ngach líne de, agus ní raibh an dán cloiste riamh i gceart ag éinne. An téacs damanta arís. Ní hamháin go gcaithfear, le práinn, aistriúchán go Béarla a dhéanamh ar an gcuid is fearr dá bhfuil d’fhilíocht ann i nGaeilge, ach ní mór a fhoghlaim an athuair conas sainiúlacht a gutha a thabhairt di, conas éisteacht léi sa bhunteanga den chéad uair go minic b’fhéidir. Ní gá a dhearbhú, ar ndóigh, go n-oireann an ré leictreonach don tionscadal seo.

 

 

ANG: Inis dúinn faoi na haistriúcháin atá déanta agat don bhféile Imram.

 

LOM: Caitheamh aimsire is ea a leithéid sin. Bhí baint agam le Piaf/Brel agus baint níos lú agam le Leonard Cohen agus Túr na nAmhrán. Táim ag éisteacht leosan le fada riamh. Mura mbeadh Imram ní chuimhneoinn go deo ar leaganacha Gaeilge a dhéanamh díobh. Athnuachan riachtanach. Chuir sé saghas iontais orm gur chaith na bunamhráin a bhfeisteas díobh gan an dara smaoineamh – geanmnaí nó mígheamnaí -  agus gur sheasadar isteach i gculaith Ghaelach. Woollies! Gnó na ceardaíochta is ea é, gan machnamh rómhór a dhéanamh air, ach ligint don sruth a chúrsa féin a ghabhail faoi stiúir. Tá sásamh áirithe ag baint leis. Baineann an chluas eile úd go rabhas ag trácht uirthi leis an ngnó, is dócha. Éisteacht leis an mbunrud, go steireafónach, in dhá theanga. Is geall le Translations (Friel) droim ar ais é, is é sin, go samhlaítear do dhaoine go bhfuilid ag éisteacht le teanga eile – Fraincis nó Béarla – trí Ghaeilge agus go dtuigeann siad an Ghaeilge dá réir. Bíonn an bunamhrán ar eolas acu cheana, ní foláir, agus buailtear bob orthu! Tá dallamullóg agus gadaíocht i gceist, an ceol agus an mheanma a ghoid ón mbunsaothar. Tarlaíonn claochluithe spéisiúla sa sciorradh úd ó theanga go teanga, ach faoi dhaoine eile atá iad sin a thomhas agus a mheas. Mar sin féin, tá Imram ag dul sa treo ceart, maidir le foinsiú an ábhair agus cur i láthair.  

 

©2013 Ailbhe Ní Ghearbhuigh

 

 

Author Links

 

Filíocht le Liam Ó Muirthile ag Southword Journal

Liam Ó Muirthile ag Poetry International Web

Péacadh le Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag Coiscéim

EU Presidency Poem le Ailbhe Ní Ghearbhuigh

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15