s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

FILLEANN SEOIRSE

le EILÍS NÍ ANLUAIN:

Léirmheas le hAingeal Ní Chualáin

 

under construction

page under construction--please do not share link

 

 

Aingeal Ní Chualáin

Is as Carna í Aingeal Ní Chualáin. Chuaigh sí le gairm na múinteoireachta tar éis di céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. D’fhill sí ar an gcoláiste i 2006 chun máistreacht a dhéanamh. Mar thoradh ar a cuid taighde ar shaol agus shaothar Thomáis Bhairéid, rinne sí eagarthóireacht ar a chuid gearrscéalta a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht i 2010 faoin teideal Tomás Bairéad: Rogha Scéalta. Tá roinnt filíochta scríofa aici. Faoi láthair tá sí ag déanamh clár PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 

 

 

 

 

As GainneamhFilleann Seoirse

Eilís Ní Anluain

(Publisher, 20xx)

Tagairt: xxx

€x

 

Ceannaigh Filleann Seoirse ag Publisher

 

 

Leagan neamhghnách go leor de dhráma síoraí an triantáin shuthain atá san úrscéal Filleann Seoirse le hÉilís Ní Anluain. Is iad Lís, a leannán Seoirse agus a fear céile Muiris, trí phointe an triantáin. Gníomhaíonn an triúr aisteoirí taobh istigh den struchtúr seo thar thréimhse ama agus más é fás, forbairt agus aibiú na bpáirtithe a bhíonn mar thoradh air sin, is é scaradh na gcompánach a bhíonn mar dheachmha air. Is iad beophianta an phróisis, ina bhfulaingíonn an triúr, beophianta Lís go háirithe, ábhar an úrscéil seo in ainneoin go bhfuil an pléisiúr ina orlaí tríd. Dá mhéad is a shíleann Lís, a bhfuil beirt pháistí óga aici, nach bhfuil sa saol ach dráma atá faoina stiúir, ní éiríonn léi an chríoch a shantaíonn sí di féin, Seoirse agus Muiris a aimsiú sa deireadh thiar.


Eascraíonn dráma an scéil as míshuaimhneas Lís, bean óg theasaí, chorrach, lena pósadh agus a páirtí tar éis tréimhse seacht mbliana. Tá an stáitse réidh do sheanchara Mhuiris, Seoirse, a thugann cuairt ar an lánúin: file buí chneasach, ard, dubh, lena dtiteann Lís i ngrá láithreach. Soláthraíonn seisean ‘a rachadh i mbun suirí le deabhóid shacraimintiúil’ an rómáns atá in easnamh ina saol agus déanann sise agus Muiris an baile seasmhach, nach raibh ag Seoirse ina óige, a sholáthair dósan. Glacann Muiris leis an socrú seo agus cé go gcruthaíonn sé seo deacrachtaí ó thaobh na hinchreidteachta de ag tús an úrscéil, cuireann sé ar chumas an údair ceisteanna a bhaineann leis an ngrá pósta, leis an dílseacht agus leis an gcairdeas a iniúchadh i mbealach spéisiúil. An é neamhshuim agus meatacht Mhuiris a thoileann leis an gcaidreamh nó an aithníonn sé é mar an t-aon leigheas do Lís ar a staid intinne leochaileach, défhiúsach féin? Céard faoina dhílseacht dá chara Seoirse, fear a bhfuil náire air faoina bhunús agus faoi scéal a bheatha? Ansin tá an chomhbhá agus an tuiscint atá idir Muiris agus páirtí Sheoirse, Marina, le cur sa mheá agus an chomhghuaillíocht idir na páirtithe á meas.


Mar a tharlaíonn sa mheiteaficsean, tarraingítear aird ar phróiseas na scríbhneoireachta féin ón tús. Cuireann an idirthéacsúlacht agus na tagairtí don ealaín agus don cheol go mór le taitneamh an úrscéil. Feiceann Lís an saol trí shúile an ealaíontóra agus a scéal féin i ngach scéal. Tá tagairtí do leithéidí Proust, Shelley, Heaney agus Cóheilit agus macallaí as saothair Uí Chonaire agus Uí Chadhain chomh maith leis na Clasaicigh, le fáil anseo. Cruthaítear íomhánna de na príomhcharachtair ‘sa leathsholas faoi fhigiúr gorm Mhatisse’ mar shampla nó Lís agus Seoirse ‘mar a bheadh lánúin ag Klimt’ agus Muiris ag breathnú orthu ón seomra eile. Tá an rós ina mhóitíf  tríd síos agus nasc  idir é agus an grá collaí. Is i mbealach íogair ach go fíor-éifeachtach a chuirtear na míreanna grá inár láthair. Is minic an teaghlach foirfe, an Teaghlach Naofa san áireamh, mar íomhá ag Lís fiú agus an chontúirt ann go bhfuil an teaghlach sin á scrios aici. Déanann Lís taomanna drámatacha buile a hathar léi féin agus a clann ina hóige a athchruthú ina saol pósta féin ach maolaíonn na taomanna sin in imeacht ama. Má éiríonn le Seoirse réiteach a fháil ar fhadhbanna pearsanta a d’eascair óna óige mhíshocair féin trí fhilleadh ar an tearmann a chuireann Lís agus Muiris ar fáil dó, baineann an lánúin leas as a gcuairteoir freisin agus an socrú atá acu leis. Mar is eol go maith do Lís, ní socrú é a thiocfadh go hiomlán le coinbhinsiúnachas na gcomharsan ach ansin, ní lánúin iad a lean coinbhinsiún nó gnása an phobail.

 

Tá íomhánna ón dúlra fite fuaite go healaíonta mar chuid den inseacht a chuireann le liriceacht na scríbhneoireachta. Is cuimhin le Lís mar shampla, gur tháinig céad litir Sheoirse ‘Maidin nuair a bhí tugtha faoi deara agam na duilleoga a bheith tite den chrann cnó capaill’. Is iardhearcadh atá san úrscéal ar shaol Lís agus í sna fichidí agus tá cuid den fhéinmhagadh le brath ar an téacs, anois agus í tagtha in inmhe, scór bliain ina dhiaidh sin. Is iomaí uair a fhilleann Seoirse sula mbíonn imeacht ghé an oileáin air. Bíonn an baol ann in amanta go gcaillfidh an léitheoir foighid le sollúntacht agus caint chliste a charachtair agus tá cuid den mhagadh agus den mhífhoighid sin le brath ar línte mar ‘Ba dhuine é ar dheacair a dhéanamh amach cén uair ar mhaith leis a bheith ag caint agus cén uair ar mhaith leis a mhachnamh a dhéanamh’. Ach in intinn Lís agus í faoi gheasa aige, is eisean, Seoirse, ‘fear a diongmhála’. Cé go bhfuil sí ar an eolas ón tús nach bhfuil sé ar intinn ag Seoirse ‘teacht i gcomharbacht’ ar Mhuiris agus in ainneoin go bhfuil sé ag éalú uaithi mar a d’éalaigh Aeinéis ó Dido,  fós féin tá dóchas aici go dtí an deireadh go mbeidh sí in ann é a choinneáil ina saol. Má tá íoróin sa scéal is é go dtagann teaghlach Lís agus Mhuiris slán cé go gcliseann ar chaidrimh eile. Is iarracht nuálach, ionraic é an t-úrscéal Filleann Seoirse ar intinn mhná óige, Lís, a léiriú agus í ag streachailt le saol an phósta agus an dúil atá aici in ógfhear álainn - bunsraith ar fiú tógáil uirthi.

 

 ©2012 Aingeal Ní Chualáin

 

Author Links

 

Aingeal Ní Chualáin ag Cló Iar-Chonnacht

Ní Chualáin ag Playography Ireland

Tomás Bairéad: Rogha Scéalta le Ní Chualáin: léirmheas le Pól Ó Muirí ag the Irish Times

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15