|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
DAIRENA NÍ CHINNÉIDE

File agus scríbhneoir dátheangach í Dairena Ní Chinnéide atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne. I measc na 5 cnuasach filíochta atá foilsithe aici tá “An Trodaí agus Dánta Eile/The Warrior and Other Poems” (Cló Iar Chonnachta) agus “Bleachtaire na Seirce.” (Coiscéim). Tá a cuid filíochta léite aici in Éirinn, Sasna, An Fhrainc, An Bheilg, An tSlóivéin agus Meiriceá. Luaite le gradaim éagsúla bhronn An Chomhairle Ealaíon sparántachtaí litríochta uirthi i 2010 agus 2012. Bhronn Ealaín na Gaeltachta sparántachtaí litríochta uirthi i 2009 agus 2011. As seo d'eascair a cnuasach nua dátheangach, agus rogha bun dánta Béarla, i bhfoirm "Rí Rá" atá le foilsiú i 2013. Faoi láthair tá sí ag cur súiteáil suíomh bhunaithe le chéile i bpáirtíocht le cumadóirí agus ealaíontóirí ilmheain agus tírdhreacha, bunaithe ar shraith dánta macnaimh a chum sí faoin teideal 'Cloithear - Aistear Anama"
Mioscais
Péacann fonn diabhlaíochta
ar nós siúcra milis sa bhfuil,
fonn mioscaise sna súile,
mealltacht i do sháile,
snaidhm seirce ar do chom,
deismireacht trédhearcach
ar nós breac sa líon
ag béal na habhann;
báillí na móráltachta
bán le déistin
is tú ag siosarnach
le rúnta ceilte;
tapú na fola
ad mhoiliú;
brúchtaíonn mianta
thar líne barra taoide
comhréir lúbtha
trom le mistéir;
d’fhéadfá pléascadh
isteach i mbláth tréshoilseach
fiáin chun cleachtadh;
bean ínste scéil
ar teitheadh
ó bhagairt na comóntachta.
©2012 Dairena Ní Chinnéide
Author Links
Dairena Ní Chinnéide ag léamh ag White House, Luimneach (YouTube)
Chinnéide ag Mediterranean Poetry
|