|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
ÁINE UÍ FHOGHLÚ

Is as Gaeltacht na Rinne i gCo. Phort Láirge d’Áine Uí Fhoghlú. Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici: Aistear Aonair (1999) An Liú sa Chuan (2007) agus Ar an Imeall (2011), ar fad le Coiscéim. Tá dhá úrscéilín Crúba na Cinniúna (2009) agus Uisce Faoi Thalamh (2011) foilsithe aici agus scéal ficsean do dhéagóirí dar teideal Pincí sa Ghaeltacht le foilsiú go luath. Go leor duaiseanna buaite aici as a cuid scríbhneoireachta, ina measc Féile Idirnáisiúnta Dhún Laoghaire/ Ráth an Dúin, Comórtas Bhéal Átha na mBuillí, Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide, Duais Fhoras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail agus duaiseanna ag Oireachtas na Gaeilge. Tá sparánachtaí bronnta ag An Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta uirthi mar thaca lena cuid saothair. Roghnaigh an Irish Times í i 2009 mar dhuine de na daoine arbh fhiú a bheith ag faire ar a cuid saothair amach anseo.
Ná habair!
Ná habair liom, a chailín
gur bhuail ciumhais an dorais
tú arís! Nach ort a bhíonn an mí-ádh:
an cuimhin leat an lá go raibh ort
dul amach agus an níochán
a thabhairt isteach ón líne?
Agus pé rud a tháinig ort ní fhaca tú’n madra féd’ chois
agus, sea: síos leat ar d’aghaidh
(ceann ar aghaidh)
is bhí a rian ort ar feadh coicíse
bogha ceatha fé do shúil
(nach raibh aon phota óir féna thóin)
is borradh fé do bheol
dáiríre, a chailín
níor mhór duit a bheith níos cúramaí!
©2012 Áine Uí Fhoghlú
Author Links
Áine Uí Fhoghlú ag Irish Writers Online
Uí Fhoghlú ag Coiscéim
Uí Fhoghlú ag Sean-nós beo
|