|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
RÉSHEOID le DOIREANN NÍ GHRÍOFA:
Léirmheas le hAifric Mac Aodha

Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir liteartha Comhar agus eagarthóir filíochta Gaeilge The Stinging Fly. Tá sí ag obair ina haistritheoir leis an bhfoclóir nua Béarla Gaeilge. Foilsíodh a ceád chnuasach Gabháil Syrinx (An Sagart) sa bhliain 2010.
Résheoid
Doireann Ní Ghríofa
(Coiscéim, 2011)
ISBN: 6660012110223
€7.50 paperback
Ceannaigh Résheoid ag Coisceim.ie
Is é Résheoid (Coiscéim, 2011) an chéad chnuasach le Doireann Ní Ghríofa. Seo thíos an chéad dán ar an gcnuasach sin:
An Stáitse
Cuilithíní comhrá...
Clingeann an ceolán.
Íslíonn
cleití beaga bána
an chiúnais
Ardaíonn an brat trom
Go mall, sa dorchadas.
Coiscéim chun tosaigh.
Ionanálú.
Tosú. (1)
Is faoin gcruthaíocht i gcoitinne an dán thuas, déarfá. Nuair a leagtar na línte seo ar an gcéad leathanach, áfach, bhíonn tábhacht thairis sin leo.‘It’s time to put on make-up, it’s time to light the lights’: déantar stáitse den saothar ina iomláine agus lucht éisteachta den léitheoir. Céard atá romhainn, más ea?
Is ionann an dara dán agus dán teidil an chnuasaigh. Níl ‘Résheoid’ ar an bpíosa is suntasaí ag Ní Ghríofa, i mo thuairim féin. Gheofá leamhbhlas ar an gcéad líne sin ‘táim faoi gheasa ag an ngealach’. Cuireann sé agallamh a rinne Alice Taylor le R.T.É. i gcuimhne dom, nuair a d’fhéach an scríbhneoir go híogair, díreach ar an gceamara, í ag rá: ‘I like skies’. I gcás ‘Résheoid’, is iad na línte seo a leanas is suimiúla:
Brúnn sí mo pheann luaidhe
Chun scríobadh ’s scrábáil
Ar phaipéar leathstróicthe
Mo shúile dúnta, dallta.
Tá cumhacht áirithe ag baint le ‘páipéar leathstróicthe/ mo shúile dúnta, dallta’, dar liom agus laistiaracht éigin faoin gcuntas.
Scéal seanbhróg is ea é gur minic ‘filíocht-faoin-bhFilíocht’ ó pheann an fhile óig. Ní haon eisceacht í Ní Ghríofa agus is spéisiúla go mór a saothar nuair a théann sí i ngleic le téamaí níos leithne. Is mór is fiú an dán ‘Cuimhní Cinn Daideo’ (10-11), cuirim i gcás:
Cuimhní Cinn Daideo
I ngeimhreadh a shaoil, thaisteal
Daideo mo dhaideo,
An bóthar fada
Go Baile Átha Cliath
Le cuairt a thabhairt ar ‘specialist’
Nuair a d’fhill sé abhaile
Bhailigh sé clann agus comharsana
Timpeall na tine
Ag insint scéalta
a chuid eachtraíochta.
“Shiúil an dochtúir sin síos an
tslí go léir go dtí an príomhdhoras
Chun slán a fhágáil liom -
Fear uasal a bhí ann. ”
“D’imigh mé liom tamall de bhóthar
Stop mé seal ag éisteacht
Le hamhrán binn loin dhuibh ar shreang
Chomh ceolmhar le héan ar bith dar airíos riamh.
Scáileanna dubha dorcha
A bhí ar an spéir
Ach lonraigh ga geal gréine
Ar an éinín.”
Cé bhí ina sheasamh
Ag an doras, é fós ag breathnú i mo dhiaidh?
An specialist.
An gcreidfeá é sin anois?!”
Tá fírinne lom ag baint leis an eachtra féin agus fírinne fhileata ag baint lena hath-aithris. Iompraíonn sé ‘an tuath v an chathair’, ‘an t-oideachas v an tsaontacht’ ar bhealach neamhchiotach. Tá rud éigin á rá ach má tá, níl muid á bhodhrú leis. Ní duine de na filí pobail go díreach í Ní Ghríofa ach tá dáimh éigin aici leo. Tá an-éascaíocht faoina hinsint.
Dán de chineál eile is ea ‘Sinistère’, rud a léiríonn ilréimseacht an fhile. Taispeánann Ní Ghríofa sceimhle an duine ar bhealach an-bheo. Tá tabhairt faoi deara san fhile agus mar is réadúla an pictiúr a chruthaíonn sí den aerfort dáiríre, is ea is mó a aithníonn muid a tromluí teibí:
Sinistère
In aerfort geal gloiniúil
Sleamhnaím síos le fána …
Creathnaím
Le preabadh chroí.
Feicim í
An bhean thuaisceartach,
Mo leathchúpla.
Gach ribe gruaige dúdhorcha
Beo le haibhléis statach …
Éiríonn go maith leis an téarma ‘aibhléis statach’ i gcomhthéacs an dáin agus rachadh an léiriú in achrann ionat. Is deas an teideal é ‘Sinistère’ agus é á ramhrú ag na focail ‘tuathail’, ‘tuaisceartach’ i gcorp an dáin.
Tá ‘Beirt’(30) ar cheann de na dánta is snoite ar Résheoid agus níor mhiste é a thabhairt anseo ina iomláine:
Beirt
Is dá mba eilifintí sinn
I bhfásach lom na hAfraice
Ag spaisteoireacht linn go séimh
Dá dtitfeá go trom, gan anáil
Do phógfainn lúb do leiceann
Ciumhais do chluas
Do shúile faoi shuan
Le mo thrunc fada tais.
Thitfeadh deora malla, fliucha
Thar chraiceann te tirim
Ghalódh an ghrian iad,
sula mbuailfeadh siad gaineamh.
Dán úr, liriciúil is ea an ceann seo agus is maith liom go bhfuil débhríochas áirithe ag baint lena thuin. Tá sé idir mhagadh is … ach is milse é dá bharr.
File is ea Ní Ghríofa atá róthugtha d’aidiachtaí falsa, seans (e.g. ‘oíche dhubh dhorcha’, ‘Iarmhéirí an Mheán Oíche’, 21)); Ní i gcónaí go mbíonn pléasc agus athphléasc ag baint le buillí a cuid liodán (‘míthrócaireach – mícheart’, ‘Prozac’, 73) agus is rótheoranta an friotal go fóill. Sin ráite, is cinnte gur saibhre an t-ardán dá léiriú:
Coiscéim chun tosaigh.
Ionanálú.
Tosú.
©2012 Aifric Mac Aodha
Author Links
Aifric Mac Aodha ag Cork International Poetry Festival (Feb. 2012)
Mac Aodha ag Queen's University Belfast
|