|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
LIAM Ó MUIRTHILE

Ó chathair Chorcaí é Liam Ó Muirthile. Is scríbhneoir cónaithe i mbliana é i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Eolas cuimsitheach ar a shaothar: www.coislife.ie
Bearbóirí
Gheofá íde na muc
ón triúr deartháir,
bearbóirí Lána an tSeamlais,
is raghadh scréachaíl
na muc á sáthadh tríd
an gcroí ionat féin
ag dul thar tairseach
chucu isteach.
Strapaí leathair ar chrúcaí
chun faobhar a chur suas,
bhíodh na súile beaga muc
acu ag glinniúint le fonn
díoltais diablaí, is spréacha
ón lann faobhair cut-throat
a chuir an dinglis sa chloigeann
trí thine le sceimhle
roimh an gcinniúint fola
a bhearrfadh na cluasa
díot anois nó riamh.
Na Trí Mhuc
a thugamar orthu,
mar a bheidís féin
tar éis na crúba
a thabhairt leo
ó íde na scine,
is ba ídiú cine
buachaillí na sráide,
cloigeann ar chloigeann,
anois a ngnó.
An lá a chuireamar
an tríú muc, sheasas
ag bruach na huaighe
ag féachaint isteach.
Ní raibh slí don chónra
anuas ar na muca eile
is fágadh fén bhfód í
ag gobadh amach.
Chuala an ghnúsachtach
aníos as an uaigh:
“Hurrais, hurrais amach.”
©2012 Liam Ó Muirthile
Author Links
Liam Ó Muirthile ag Poetry International Web
Ó Muirthile ag Gallery Press
Ó Muirthile ag Aosdána
|