|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
CAITRÍONA NÍ CHLÉIRCHÍN
Bhuaigh Caitríona Ní Chléirchín an chéad duais i gcomórtas na Scríbhneoirí Úra san Oireachtas i mbliana, as a chéad chnuasach Crithloinnir a foilsíodh i mí Iúil. Scríobhann sí léirmheasanna, ailt iriseoireachta agus acadúla chomh maith agus tá dánta foilsithe aici in Comhar, Feasta agus Blaiseadh Pinn, Cyphers agus An Guth. Léachtóir le Gaeilge í i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus tá dochtúireacht ar bun aici ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson. Chaith sí bliain i Lyon na Fraince, ag déanamh máistreachta ar an litríocht Fhrancach. Is as Scairbh na gCaorach i gCo. Mhuineacháin ó dhúchas í.
Lámha an dealbhóra
Tháinig cruth orm faoi do lámha
dhear tú mé le do shiséal
bhain tú píosaí díom
Chuir tú faobhar orm
bean chloiche anois mé
snoite as marmar –
dealbh
Shéan tú an bhoige
ba thú an saor cloiche
Idir do mhéara
d’éirigh
iomairí agus cuasacha
machairí
sliabhraon mo cholainne
Bhris tú an gheis
ag tabhairt saoirse don chruth
a bhí faoi shuan sa chloch
Cheartaigh tú mé
d’éirigh mé níos áille
ach bhí sé pianmhar
chaill mé píosaí díom féin
thit bloghra agus bloghanna uaim
ina smionagar
faoi do lámha dealbhóra
ach tá do lámha briste anois
criogánach, altach, cranraithe
mar a bheadh craobhacha ag dul in aois
fulaingíonn an dealbhóir trína lámha
níl teanga acu anois ach an tost
tá briseadh iontu nach féidir a leigheas
creimeadh na mblianta istigh go smior sa chnámh, is fuaire
céasadh na ngéag is é cromtha,
dearadh ná snoí ní dhéanfaidh sé a thuilleadh
ach a ghéaga crainn gan lúbadh ná bogadh iontu
seargtha, stompaithe stalctha is righin; na lámha.
Is níl fanta díom ach sceamhóga is scealpóga smiota.
Lán doirn, lán boise, lán glaice de neamhní.
©2012 Caitríona Ní Chléirchín
Author Links
Caitríona Ní Chléirchín ag léamh ag O'Bheal (MP3, 5.2 MB)
Ceannaigh Crithloinnir le Caitríona Ní Chléirchín ag Coiscéim.ie
|