|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
PROINSIAS MAC a' BHAIRD

De bhunadh Árainn Mhór i dTír Chonaill é Proinsias Mac a’ Bhaird. Tá cónaí air faoi láthair idir an t-oileán agus Leitir Ceanainn, áit a oibríonn sé mar mhúinteoir. Tá ocht leabhar Gaeilge dá chuid i gcló. Úrscéal darbh ainm “Rún an Bhonnáin” agus cnuasach filíochta “Faigh greim ar an ghrian” an dá leabhar is déanaí uaidh. Bhain sé amach an gearrliosta i gcomórtas filíochta Bhéal Átha na mBuilí sa bhliain 2008 agus bhain sé an chéad áit i gcomórtas filíochta Uí Néill sa bhliain 2010. Bronnadh an chéad duais d’úrscéal ar a shaothar ‘Rún an Bhonnáin’ ag Comórtas Liteartha Oireachtas 2011.
Míol mór Bhreandáin
Soitheach bheag más cruinn mo chuimhne
tarraingthe fríd an ghlaise ag géaga gaoithe
ag scoilteadh tonn, ag briseadh bán
idir tír is Inis Bó Finne.
Silín uisce sna cláraí a tharraing mo shúil
ó chlaise mara is ó chlupaideach seoil,
domhsa i mo sheacht mbliana ba rabharta ár mbáite é
is chrom mé ar thaomadh scáfar.
“Níl spút ag an ghasúr sin,” a dúirt fear an scóid
ach tharraing m’athair maidí rámha tharam
is coinnigh ina ucht mé go dtáinig muid i dtír,
droim gharbh an chladaigh ina thearmann domh.
Ag cuimhniú domh siar anois ar an doirling úd
gach cloch mar bhairneach ar mhuin míl mhóir
tuigim faoiseamh an mhanaigh a chroch éadach le gaoth
is a fuair talamh tirim faoi chos ar mhuir.
Ó shin is mé ag tabhairt aghaidhe ar na toinn
tarraingím aibíd mo bhráthair gaoil tharam
mar ghéaga an athar atá paidir an naoimh
a choinneos feasta is choíche ar an fharraige mé.
©2012 Proinsias Mac a' Bhaird
Author Links
Blog le Proinsias Mac a' Bhaird
Agallamh le Mac a' Bhaird ag Gaelchultúr
Mac a' Bhaird ag Siopa.ie
|