|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
AS GAINEAMH le SIMON Ó FAOLÁIN:
Léirmheas le hAingeal Ní Chualáin

Is as Carna í Aingeal Ní Chualáin. Chuaigh sí le gairm na múinteoireachta tar éis di céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. D’fhill sí ar an gcoláiste i 2006 chun máistreacht a dhéanamh. Mar thoradh ar a cuid taighde ar shaol agus shaothar Thomáis Bhairéid, rinne sí eagarthóireacht ar a chuid gearrscéalta a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht i 2010 faoin teideal Tomás Bairéad: Rogha Scéalta. Tá roinnt filíochta scríofa aici. Faoi láthair tá sí ag déanamh clár PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
As Gaineamh
Simon Ó Faoláin
(Coiscéim, 2011)
ISBN: 6660012110247
€7.50 paperback
Ceannaigh As Gaineamh ag Coisceim.ie
Déantar ceist na beatha agus an eisidh a iniúchadh i rabharta filíochta seo Uí Fhaoláin i mbealach a éilíonn aird. Is turas fionnachtana atá anseo i measc garbhchríocha na cruinne, na hintinne agus an anama chun teacht ar bhrí. Déantar an tóraíocht a shuíomh fothoinn nó leáitear na himill idir talamh agus spéir in iarracht míniú a fháil ar an duibheagán. In ainneoin na doininne músclaíonn ‘poll éan-chruthach’ a ‘scaoileann solas tríd orainn’ iontas, é ina ‘seoid i lár na láibe’ sa dán ‘Eigrit’. Is í an tseoid atá á lorg i ndomhan atá in ann a bheith aduain, bagrach. Is minic go mbaineann áilleacht na ndúl geit tobann as an bhfile, é ag teacht aniar aduaidh air, é mar shlánú, an t-aon slánú sa deireadh thiar b’fhéidir. Is é an dúlra a mhúsclaíonn an tsamhlaíocht chun plé a dhéanamh ar théama na fulaingthe sa dán ‘Do dhuine fén mBráca’ áit a ‘maireann neacha na samhlaíochta fén droighean’.
Tarraingíonn Ó Faoláin íomhánna go leor ón stair agus as a thaithí mar sheandálaí sa chnuasach a shaibhríonn friotal a chuid filíochta. In ‘As Gaineamh’ siúlann sé ‘grinneall nocht’ na farraige ‘go gcífinn brí’. Is san aimsir chaite atá cuid den bhrí sin le fáil:
Ach triallfam amárach ar inné arís
Tugann cíle Lochlannnach deis iniúchadh a dhéanamh ar ár agus cogaíocht an ama atá thart agus is deacair don fhile gan ‘smúit is luaith’ a dhéanamh do ‘dhún na hoibiachtúla’ rud a chaitheann léas ar nádúr an achrainn agus na coimhlinte go ginearálta. Léirítear amhras nach gcomhlíonfar mianta an fhile agus ‘taoide an ama’ ag trá sula dtosóidh an ‘Saol Mór ag cúlú is ag cúbadh’. In íomhá shuaithinseach feictear a ‘chuimhní deoiríocha’ ag filleadh ó imeall an chosmais:
Chun neadaithe an athuair ann laistigh dem’ chloigeann
Mar éan, nó aiséirí teibí gan Chríost gan choinne
Níl freagra ar an gceist a ardaítear ach déantar an duine daonna agus a mhianta a shuíomh sa Saol Mór luaineach a nochtann leochaileacht na beatha. Níl an duine neamhchiontach i gcreimeadh na cruinne rud is léir ón dán ‘Tyger’. Is siombal é an tíogar den bhfiántas atá á scrios go forleathan agus gan tada chun é ná an duine féin a shábháil:
Ónár gcraos, ónár gcreach,
Ónár bhfíochmhaireacht,
Ónár ndéantús-in-íomhá-Dé
Tá neamhshuim an chine daonna le brath sa dán ‘Clabhsúr’ agus deireadh tagtha le turgnamh chun ‘meon an domhain a chlaochló’ i leith ainmhithe soghonta. Tá taibhse an tíogair eile le sonrú i mbaile fearainn sa dán ‘Thiar’agus an cúlú eacnamaíochta mar thoradh air. Is mínádúrtha iad na tithe folmha sa tírdhreach seo lena gcuid ‘clathacha comhthreormhara’. Thiar, i gcúinne den bhaile fearainn tá cuisle agus ‘croí ag bualadh fós’ ach gan aon chinnteacht gur amhlaidh i ndáiríre atá an scéal: ‘Nó tá dul amú orm’. Cruthaítear tírdhreach Trás-os Montes, tearmann na nGiúdach, sa dán dar teidil céanna áit a lonnaítear an scríbhneoir atá ina ‘choimhthíoch baoth’ i measc contúirtí na ndúl. Réabann tinte sléibhe ar feadh míosa san áit sin agus ‘Aithníodh créacht i bhfeoil an tsaoil’. Ach níl de fhreagra ag pobal an tsléibhe ach ‘fíon garbh ó chrócaí galún’ a ól agus an luaithe ag titim orthu ‘mar shneachta’. Samhlaítear fís apacailipteach i gcuid d’íomhánna an dáin. Ní sheachnaíonn an file an bás atá mar thoradh ar dhuine leochaileach ag cur lámh ina bhás féin in ‘Athghabháil’. Déantar scéal an dhuine mhairbh a athghabháil agus tugtar dínit dó sa bhás. Is go híogair, tuisceanach a dhéanann an file an t-ábhar seo a ionramháil. Is i riocht seanloinge atá imithe go tóin poill agus a bhfuil neamhaird á dhéanamh anois uirthi a dhéanann an file neamhaird agus easpa tuisceana na nglúnta nua ar an rud atá caite a cheistiú. An díomá a bheadh ar ‘taibhsí na sinsear’ faoina sliocht:
Nach dtuigeann a dán
Is nach gcaoineann a cás?
Is le greann a thugtar léargas ar an méid atá le foghlaim ó na seanóirí in ‘Dúil Tógálach’ chomh fada is a bhaineann sé le lámhseáil naomhóige lán d’éisc agus tréithe an dea-scríbhneora. Éiríonn le Ó Faoláin an mhír i lár na farraige agus pearsantacht a chomrádaí a chruthú go glé. Ardaítear ceisteanna faoin bhfiúntas atá le aitheantas don ealaíontóir in ‘Na Dúrúin’ agus ceistítear fiúntas na filíochta féin i ndán deiridh an chnuasaigh ‘Seachmall’. Ach is léir gur fiú í ón nóta dóchais ar a chríochnaíonn an dán: ‘Fóill a dhuine, is beidh uain...’ Tar éis amhras a chaitheamh ar ‘brí an fhocail féinig’ in Garbhchríocha’ agus go bhfuil gach smaoineamh dar leis, ‘scaoilte uaim leath-bhearrtha’ aithnítear gur gníomh fiúntach, gníomh dóchais iad na smaointe sin a chur ar phár. Ní mór tochailt faoi shraitheanna an dromchla chun teacht ar bhrí na bhfocal sa chnuasach seo ach ní tochailt gan tairbhe é. Seachas a bheith ina iarracht macánta athghabháil a dhéanamh ar fhórsaí dearfacha na cruinne, luíonn aoibhneas na ndánta seo sa teanga snoite agus sna meafair a chruthaíonn áilleacht an tsaoil inár dtimpeall as an nua.
©2012 Aingeal Ní Chualáín
Author Links
Aingeal Ní Chualáin ag Cló Iar-Chonnacht
Tomás Bairéad: Rogha Scéalta le Ní Chualáin: léirmheas le Pól Ó Muirí ag the Irish Times
|