s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

MUIRIS Ó MEARA

 

 

Muiris O'Meara photo

 

Rugadh agus tógadh Muiris Ó Meara i mBaile Átha Cliath. Dhein sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus dhein sé máistreacht sa Ghaeilge san institiúid sin chomh maith. Tá  ana-shuim aige i mbrobhanna agus i mbriathra -  go háirithe na brobhanna nach mbailíonn beart de réir a mbriathair. Bíonn sé ag scríobh ó am go chéilibh, leis.

 

 

 

 

 

 

Ciotóg

 

 

Níor mhaith liom bás a fháil anois díreach. Nó amárach. Nó amanathar. Nó amainiris, fiú. Ach rith sé liom inné gur mhaith liom bás a fháil uair éigin amach anseo. Más féidir liom sin a dhéanamh in aon chor. Ritheann an smaoineamh seo liom go minic anois. Ní chuireann sé náire ar bith orm. Déanta na fírinne, ní chuireann aon rud náire orm a thuilleadh. Níl rud ar bith eile agam. D’fhág mo pháirtí mé cúpla bliain ó shin. Ní fhaca m’iníon ó shin i leith. Ghlac sí trua dom ar dtúis. Chreid sí ionam. ‘Tá Dia láidir is tá máthair mhaith aige’ ar sí. Bhí sí i ngrá liom. Tá sí i ngrá liom agus beidh go deo na ndeor. B’in a dúirt sí nuair a bhailigh sí féin is m’iníon leo an doras amach.

 

Thosnaíodar ag gol nuair a bhriseas an scathán os cionn an tinteáin fhuair. Creidim gur thosnaigh gach rud an lá úd. Mʼanam don diabhal. Seacht mbliana a deirtear. A chonách sin orm. Tá súil agam nach bhfuil seacht mbliana eile i ndán dom. Bʼéigean dóibh imeacht, is dócha. Ní raibh rud ar bith san árasán nár dhíolas. Teilifís, ar dtúis. Tolg, fón, ceamara, cuisneoir... i ndeireadh na dála dhíolas a gcuid éadaigh. Gach rud. Ní raibh aon dul as agam. Ach ní thuigeann éinne é sin a thuilleadh.

 

Níor labhair mʼathair liom le blianta móra fada. Is cuma liom sa bhfoc faoin mbollacs liath sin. Ní raibh comhrá le dealramh eadrainn riamh. Chonac é an lá faoi dheireadh lasmuigh dʼamharclann na Mainistreach. Thóg sé sceit nuair a chonaic sé mé is bhailigh leis láithreach. Níl cara ar bith agam anois seachas mo mháthair. Cara! Ní thuigeann sise an tsáinn ina bhfuilim in aon chor. Mhíníos an scéal di arís is arís eile cheana féin ach ní thuigeann sí fós. Ní féidir grá máthar a thuiscint. Má thugaim suas don ól deir sí liom gur féidir liom teacht abhaile agus tosnú as an nua arís. Táim óg a dhóthain agus dʼfhéadfainn tosnú as an nua arís a deir sí liom i gcónaí. Canathobh nach rachainn isteach don óispidéal arís?

 

Má thugaim suas don ól arís! Mhíníos an scéal di cheana féin agus roimhe sin, leis, ach tá Dia láidir is máthair dhall aige. Tugann sí cúpla euro dom i gcónaí, áfach. Agus éadaigh anois is arís. Mʼathair a thugann an t-airgead di, déarfainn. Bollacs críochnaithe. Caid, caid, caid agus tuilleadh caide. Focáil leat agus beir leat do chuid caide! Níl faic eile sa cheann aige nó ní raibh riamh ó bhíos ar an mbunscoil. Ba mhaith liom sin a rá leis. Ach ní rabhas ábalta labhairt leis riamh. Níor éist sé liom ansin.

 

Nuair a bhíonn meadhrán aoibhinn an bháis ag coipeadh trím chuislí is cuma liom sa bhfoc faoin saol sin ar fad. Mʼathair nó mo mháthair nó aon duine eile. Ní bhainim leis an saol sin a thuilleadh. Ní dóigh liom go mbainimse leis na saolta seo ach chomh beag. Ach caithfidh go bhfuil saol éigin eile ann leathbhealach idir an saol seo agus neamh. Nirvana éigin. Leathscéal. Is ansin a bhí, is atá, is a bheidh mo thriall feasta go dtí deireadh na ndeor. Is geall le bás é an hearóin. An bás is aoibhne dá bhfuil ann. Ní féidir liom é a shéanadh. Filíocht is ea é. An dán is teolaí amuigh. Is cuma nó suantraí síoraí an gal soip sin. Maolaíonn ar an tsuantraíocht i gcónaí, áfach, agus fillim ar an domhan fealltach seo arís gan teip. Ach ar feadh an ama sin is síoraíocht gach soicind agus is soicind í an tsíoraíocht.

 

Fuaireas suanáin leis an airgead a thug Mam dom inné. Cúpla Roche 10, leis. Ní fiú faic sa bhfoc iad déanta na fírinne. Bhíos ar tí mála stuif a cheannach ón déiléalaí seo lasmuigh dʼamharclann na Mainistreach nuair a chonaic an déileálaí mʼathair chuige. Cheap sé gur Garda a bhí ann. Bhí eagla air. Ní fhéadfainn faic a rá leis. Ní éistfeadh sé liom. Rith sé uaim ansin. An déiléalaí. Rith sé lemʼ chuid airgid agus leis an stuif. Ní fhaca an bastard ó shin i leith. Thosnaíos ag béicigh air. Rith mʼathair uaim ansin. Ní fhaca sé mé nó gur thosnaíos ag béicigh. Déarfainn gur cheap sé go rabhas ar an stártha! feckin comedy... an bollacs liath. Má thugaim suas don ól is féidir liom filleadh abhaile agus tosnú as an nua arís. Sin a deir Mam liom i gcónaí. Sin a deir mʼathair le Mam, déarfainn. Bhí a chuid airgid ag an mbastard eile seo is ní éistfeadh sé liom. Riamh. Níor éist an boc eile liom ach oiread. Ní éisteann éinne liom a thuilleadh. Is cuma liom sa bhfoc faoi éinne nó aon ní eile a thuilleadh. Bíodh acu. Chaitheas an chuid eile den lá ar bhruach na habhann ag béicigh orthu uile ansin.

 

Ná bíodh eagla ar bith ortsa romham. Ní gealt mé a thuilleadh. Chaitheas stáir istigh san óispidéal agus rannsaíodh mo cheann cipín faid is a bhíos istigh ansan. Ar deireadh, dúradar liom gur tháinig mé slán ón aimléis. Ní raibh sé de dhánaíocht ionam riamh an brach a bhaint dá súile. Santaím codladh grifíneach na síoraíochta i gcónaí. Ba mhaith liom clár dubh na beatha a bhánú agus gearróga dubha an tsaoil a shamhrú i mbroinn an aineolais siar go díle na ndeor. Agus níos sia anonn arís ansan. Más féidir. Éistim leis na fáinleoga go mion minic anois agus santaím caipín sonais dʼfhonn farraige cháite na beatha uile a shlogadh siar isteach im’ chuislí. Tá fúm filleadh ar an ngoirtín eornan bráthach lá breá éigin amach anseo. Tá an ghráin shíoraí agam ar neamh is ar thalamh. Is ar gach soicind eile den saol seo im’ thimpeall.

 

Is é an chuid is milse an chuid is measa. Is é an tús an deireadh agus is é an deireadh an sprioc. Ní thuigeann éinne é seo. Táim gafa i lúb ghuairdeallach na síoraíochta. Ag snámh in aghaidh easa. Táim báite i gcuilithe ghuairneánach an ama. Aoibh speile ag drannadh chugam go starrfhiaclach. Beidh cumann an bháis mar chéile leapan agam feasta. Le cúnamh Dé. Faoiseamh ansin. Líonfar mo sheolta le seoithín seó agus scaoilfead fé aon uair amháin eile. Tá mo bhás foghlamtha go maith agam. Gach lá beo ar éigean le blianta beaga bídeacha anuas. Ní thuigeann éinne é seo. Ní thuigimse ach oiread. Ach braithim go bhfuil iarrachtín éigin den eagla ag coipeadh trím chuislí aimlithe i gcónaí. Níl sé fuirist lámh a chur i do bhás féin. Is fusa go mór leanúint ar aghaidh seachas tabhairt suas don saol.

 

ʻAnois, a Dhaithíʼ arsa an dochtúir liom. An chéad lá istigh san óispidéal. ʻAbair liom cad tá ort?ʼ

 

Galamaisíocht chainte an dochtúra. Chuaigh an chaint sin lemʼ anáil agus théaltaigh fonn múisce orm gan choinne. Dʼéignigh siollaí beathaithe an dochtúra mo dhóchas is chuala mʼanam naíonda ag gol. Bhí craos an airgid ag siollgaireacht ó bhruasa an bhléithigh amach. Siollaí saile óna shoc anuas ar bhrat urláir ró- chluthar na hoifige. An praiseach ar fuaid na bhfuad. Bhí gach rud ró-néata san oifig. Bhí meadhrán an ghaothráin ró-fhileata, fiú. Screabh deannaigh seadánach amhail allas siogairlíneach ag mungailt na leabhar a bhí soiprithe go sochma ar leabhragán mórchúiseach an dochtúra. Bhíos san áit mícheart arís. Ní fhéadfainn rún mo chroí a roinnt le muc.

 

Bhraitheas na deora ag sciúradh iomairí anchumtha ar mo ghrua ansin. Dʼfhéadfainn éalú uaidh. Theastaigh uaim éalú. Ach ní raibh aon ní eile déanta agam riamh seachas éalú. Bheartaíos fanacht ansin agus mo scéal a chur i gcéill dó. Nuair a dʼfhéachas idir an dá shúil air sa deireadh, áfach, theastaigh uaim a cheannaithe snoite a smísteadh lemʼ dhorn. Bhraitheas go mbeadh sé drochbhéasach gan smidín grabhógach éigin a thairscint dó agus chuireas ceist chuige ar deireadh.

 

“An dóigh leat gur gealt is ea mé, a dhochtúir?”

 

Paidir seachas ceist. Dá mbeadh míniú éigin agam ar nachaon diabhal rud a bhí déanta agam. An fuirseadh fairseadh críochnaithe ar dheineas riamh anall den uile ní. Bíonn daoine tuisceanach nuair atá ʻfadhbanna pearsantaʼ agat.

 

“Cad a cheapann tú féin” arsa an muc.

 

“Nʼfheadair, a dhochtúir. Ba mhaith liom...”

 

 

Ní rabhas ábalta aon ní eile a rá leis agus dʼéisteamar leis an uan ag múineadh méilí dá mháthair lasmuigh den bhfuinneog ansin.

Bhíos ag gol go ciúin. Táim fós. Bhraitheas go rabhas i scannán an lá úd. Dʼfhoghlaimíos gach rud ón teilifís. Mo chéad phóg, mó chéad ghrá, mo chéad slán.... Ní cuimhin liom cad é go díreach a dúirt an muc liom ach chaitheas cúpla grabhóg bhéasach eile chuige dʼfhonn is go dtuigfeadh sé nárbh aon ablálaí aineolgaiseach mé.

 

Ní rabhas ábalta an fhírinne a insint dó. Is é an fhírinne phearsanta it’ chroí istigh an rud is poiblí amuigh. Braithim ná raibh fadhb phearsanta ag duine ar bith riamh. Theastaigh uaim go ndéarfadh sé liom gur gealt ab ea mé. Dʼfhéadfainn tosnú as an nua ansin. ʻBhí fadhbanna pearsanta aigeʼ a déarfaidís. Chlaonfaidís uile a gcinn chipíneacha agus d’osclófaí na cuirtíní arís ansin. Leathscéal. Braithim nach bhfuil bun nó barr le pearsantacht phríobháideach. Níor thuigeas féin riamh cad a bhí i gceist ag na daoine seo nuair a déarfaidís liom go raibh fadhbanna agus deacrachtaí pearsanta le sárú agam. Bhraithfeá ait ceal tuisceana ar uairibh. Ní fhéadfainn an fhírinne a insint dóibh. Is é an rud is poiblí amuigh an fhírinne atá folaithe it chroí istigh.

 

Dá bhféadfainn an steallaire a líonadh go barra bachall uair amháin eile scaoilfinn fé. Uair amháin eile, sin uile... scaoilfinn fé cinnte. Láir aoibhinn an bháis ag sciúradh goirtín eornan mʼóige. Dʼfhágfadh sí deora fola ina diaidh. Chuirfeadh an smál sin náire orm. Cuireann gach diabhal rud náire orm anois. Ach ní féidir liom sin a rá le héinne. Ní thuigfeadh éinne sin a thuilleadh. Teastaíonn uaim titim imʼ chodladh agus éirí in athuair más féidir. Dʼfhonn is gur féidir liom an goirtín eornan pasáltha a bhaint agus an eorna a chur in athuair le deoiríní dé. Thóg sé fiche bliain ar an mbarr sin fás. Scór bliain ansin faoi bhláth. Agus siúd is go bhfuil fuirseadh fairseadh déanta agam den iomlán riamh anall braithim nach féidir liom lámh chiotógach a chur im’ bhás riamh arís. Táim tuirseach. Sé bliana ag gol im chodladh anois. Nó seacht. Ní cuimhin liom cathain a dʼimíodar uaim. Ach nuair a bheidh na síolta curtha agam arís luífimid uile siar i dteannta chéilibh.

 

Tabharfaimid aghaidh ar an tsíoraíocht arís ansin. Ar feadh soicind amháin eile.

 

 

 

©2011 Muiris Ó Meara

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15