|
GO TO MLC HOMEPAGE

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

Best of Irish Poetry 2010
Editor: Matthew Sweeney

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
SIMON Ó FAOLÁIN
Rugadh Simon Ó Faoláin i mBaile Átha Cliath agus thánaig sé chun coinbhlíochta in Iarthar Dhuibhneach. Foilsíodh a chuid filíochta i mórchuid irisí, Feasta, Comhar, An Guth, Cyphers, Irish Pages, The Stinging Fly agus Poetry Ireland Review ina measc. Bhuaigh sé Duais Cholm Cille sna blianta 2008 agus 2010. Bhuaigh a chéad chnuasach, Anam Mhadra (Coiscéim, 2008) Duais Glen Dimplex na Gaeilge agus Duais Eithne agus Rupert Strong. Bhuaigh a chéad dráma, ‘An Poll’ Duais Bhaitéar Uí Mhaicín 2010 ó Thaibhdhearc na Gaillimhe. Tá a tarna chnuasach filíochta, As Gaineamh, díreach foilsithe aige.
Éigrit
Do Zoё
Lá a ghealann gan aon ghile
Is ró-dhaingean mar chuing an bhaile,
Tacaíonn taibhsí frámaí doirse
Tábhairne is geallghlacadóra,
Ealta bád chun cé fé rabhadh
Stoirme, scailp cheo, síorsileadh,
Siúlaim siar le hais an inbhir.
Is faightear seoid i lár na láibe,
Giolla na gile nó a máistir,
Scáth bán coirre, scáthán gréine,
Poll éan-chruthach inár gcruinne
A scaoileann solas tríd orainne,
Coimhthíoch a neadaigh d’ainneoin doineann,
Maignéisiam ag dó na habhann.
©2011 Simon Ó Faoláín
Author Links
Filíocht le Simon Ó Faoláin ag Upstart.ie
Ó Faoláin ag Youtube
Ceannaigh Anam Mhadra le Ó Faoláin ag Coiscéim
|