s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

DAOINE A ITHEANN DAOINE le

MÍCHEÁL Ó RUAIRC:

Léirmheas le Ken Ó Donnchú

 

 

 

 

Kenneth O'Donoghue photo

 

Is as Corcaigh do Ken Ó Donnchú. Ceithre bliana caite aige ar an ollscoil i ngealchathair na Gaillimhe mar ar fhoghlaim sé Gaeilge. Tá cónaí air i bPrág le bliain go leith anuas agus é ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Sheárlais ansiúd. Éirithe as foghlaim na Seicise le déanaí chun tabhairt faoin bPortaingéilis mar go mbeidh sé ag imeacht go Mósaimbíc na hAfraice an samhradh seo. Suim mhór aige sa cheol agus i gcúrsaí spóirt.

 

 

 

 

 

 

 

Book cover image

Daoine a Itheann Daoine

Mícheál Ó Ruairc

(Cló Iar-Chonnachta, 2010)

ISBN: 9781905560622

€12 paperback

 

Ceannaigh ag Cló Iar-Chonnachta

 

Scríbhneoir Ciarraíoch é Mícheál Ó Ruairc a bhfuil tamall maith de bhlianta caite san ardchathair aige. Is é seo an chéad chnuasach gearrscéalta uaidh atá dírithe ar dhaoine fásta. Sé cinn déag de ghearrscéalta atá anseo, agus níl aon dabht ach gur saothar uaillmhianach é. Déanann an t-údar plé ar cheisteanna a bhaineann go dlúth le saol comhaimseartha na hÉireann agus ar thit amach ann le glúin anuas. Is iomaí sin téama eile a chuirtear os ár gcomhair sa chnuasach seo leis, meath an ghrá, an cathú, an dílseacht, fíorú físeanna agus tóraíocht an tsonais. Dhá cheann de ghearrscéalta atá ann is í an chosúlacht atá orthu gur cuimhní pearsanta nó scéalta scéil iad. Is doiligh a rá an fearr ann nó as iad.


Tá go leor curtha i gcló ag an údar seo cheana. Cuid mhaith dá shaothar is ar fhoghlaimeoirí agus ar dhaoine óga atá sé dírithe. Fágann taithí seo an scríbhneora a rian sainiúil féin ar an gcnuasach seo, agus is baolach nach aon mholadh atá ansin. Is ait liom sin mar is é is dóichí go bhfuil alt dá chuid san Irish Times léite ag roinnt den phobal cheana mar is minic píosa suimiúil aige ann. Faraor gur ríléir lorg an pháistiúlachais agus an róluí le simplíocht agus soiléire sa chnuasach seo. Ar ndóigh ní gá gur locht ar shaothar ar bith an tsimplíocht. Ní hionann scéal casta agus scéal maith i gcónaí.


Sampla maith de laigí an tsaothair trí chéile an scéal as a n-ainmnítear an cnuasach seo. Láthair thús an scéil seo "eastát galánta i ndeisceart Bhaile Átha Cliath... áit a raibh bréagthobar, bréagfhuarán agus bréagchaidéal spalltha curtha ag amadán de rachmasaí éigin gan réasún". Aon leathanach déag atá sa ghearrscéal seo. Alt amháin (an chéad alt sa scéal) a theastaíonn ón údar eithne a thuairime féin a nochtadh. Arís, ní gá gur locht é sin. Foirm theoranta atá sa ghearrscéal, agus ní mór don scríbhneoir srian a chur ar a bhfuil d'ábhar istigh ina chloigeann aige, agus scagadh a dhéanamh ar scoth an ábhair sin d'fhonn scéal maith fiúntach a cheapadh.


Éiríonn leis gan dul thar fóir le hábhar agus le smaointe, ach is amhlaidh go gcruthaíonn agus go gcuireann sé síos dúinn ar shochaí nach bhfuil mórán doimhneachta inti. Sochaí í seo a bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní uilig ag aon dream santach aineolach míthrócaireach falsa amháin, agus earraíocht á baint acu as a ngliceas agus a neamhspleáchas chun an status quo a bhuanú, is chun a mianta craosacha féin a shásamh. Ní hé nach bhfuil bunús lena bhfuil á gcur in iúl aige (agus an tír sa riocht a bhfuil sí) ach ní théann an deighilt seo idir maith agus olc, dubh agus bán, i bhfeidhm ar an léitheoir. Is róshoiléir mar dheighilt í. Téann sé deacair ar an léitheoir aon cheo seachas leamhas a bhaint as scéalta dá shórt. Lán le 'clíséanna' é an scéal áirithe seo . i. rialtas a chuireann reachtaíocht ait i bhfeidhm, baill an rialtais chéanna agus saol an mhadra bháin acu, lucht an rachmais in ann an bac nua seo, an cosc ar ithe feola, a shárú. Ní fhágtar an Cumann Lúthchleas Gael ar lár ach chomh beag. Búistéir ar ball de Choiste Contae Chorcaí é a chuimhníonn ar sheift a chuireann leanaí imirceacha agus na mbocht araon chun báis le feoil, feoil dhaonna, a chur ar fáil in Éirinn an athuair.


An léitheoir óg, an foghlaimeoir fiú, d'aithneodh sé barraíocht simplíochta anseo. Seo údar agus a thuairimí féin á gcur ar phár aige ach gan aon fheoil a chur ar a chuid carachtar, ná téagar a chur ina chuid scéalta. Déantar faillí in insint na scéalta go minic. Tuairiscíocht nó tuairimíocht ghlan a thugtar ina hionad. An blas céanna atá ar na scéalta 'Suibhne na mBruachbhailte' (ar doiligh aon
raison d'être eile a bhaint as ach gur shantaigh an t-údar faill eile le dlíodóirí agus polaiteoirí agus eastáit tithíochta a lua) agus 'Gar don Líne'. An té atá thuas in Éirinn (lucht rachmais sna scéalta seo) ní náir leis aon chleas a úsáid leis an mír churaidh a choinneáil aige féin seachas a thuilleadh, gan trácht ar a roinnt.


Ní hé an Tíogar Ceilteach roimh thurnamh dó is téama amháin don chnuasach seo. Tá dhá scéal ann agus muca chun cinn iontu, ar scéal grinn agus ceacht morálta é, shílfeá, ceann acu (Deireadh na Muice). Ceacht morálta gan ghreann an ceann eile (Muiceolaíocht). Léiriú ar an saol réalaíoch é, ach oiread leis an scéal 'Staitistic', ina dtugann Beirtí Bolger aghaidh ar an tsíoraíocht gan aon rian suntasach fágtha aige ar an saol seo. Más truamhéalach mar charachtar é Beirtí, is truamhéalach mar fhriotal é béarlagar an scéil seo. Láthair uirbeach eile agus an códmheascadh ina chíor thuathail ann, an lomaistriúchán mar bhacaíl ar an scéal. Is "píosa cáca" é obair gan stró, caitear "an chos trasna" ar pháirtí leapa agus gníomh na collaíochta faoi lán seoil. Go deimhin ní "píosa cáca" é an cineál scríbhneoireachta seo. Is fada an díospóireacht seo ar bun faoi chumas na Gaeilge cur síos ar an saol nua-aimseartha. Mo léan nach fuirist caint an scéil seo a léamh, nach inchreidte an chaint í, is nach féidir muinín a chur i lucht a ráite dá dheasca seo. Is smál é seo ar chaint an leabhair trí chéile. Ní chuirtear leis an díospóireacht úd puinn ach oiread.


Cá bhfios nach scríobhfaidh an t-údar seo saothar nótálta amach anseo agus a thuilleadh ama caite aige i mbun cheird na gearrscéalaíochta? An Cadhnach féin thuig sé a raibh de mhíshlacht ar a chéad iarracht chun gearrscéalaíochta. Nó b'fhéidir nach í an fhoirm seo is feiliúnaí dá bhfuil le rá aige. Ach más é an cleachtadh an máistir is é mo ghuí go mbeidh ar chumas an údair seo a chuid lochtanna stíle a leigheas agus friotal níos oiriúnaí inchreidte a fhorbairt, go gcuire sé saothar fónta ar fáil.

 

©2011 Ken Ó Donnchú

 

 

 

 

Author Links

 

Céim ar Chéim (RTÉ)--25 Meán Fómhair 2008 (MP3, 44.4 MB)

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15