s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

PADDY BUSHE

 

 

Paddy Bushe photo

 

Tá ocht mbailiúcháin filíochta, idir Béarla agus Gaeilge, foilsithe ag Paddy Bushe, chomh maith le trí leabhar aistriúcháin. Le déanaí, dhein sé eagarthóireacht ar Voices at the World’s Edge: Irish Poets on Skellig Michael (Dedalus Press, 2010), leabhar dhátheangach. Is ball de Aosdána é agus tá cónaí air in Uíbh Ráthach i gCiarraí.

 


 

 

 

Splanc

            don tSiúr Colmcille

 

Ní raibh splanc céille agat, adúradar, ag d’aois-se,

Nuair a thug tú dúshlán fearthainne agus gaoithe,

Bróigíní gan dealramh ort in aghaidh láibe agus cloch

Ar bhóithrín sléibhe os cionn Loch Doire Ianna.

 

Ná ní raibh aon splanc agat, adúradar d’aonghuth –

Is an ceart ar fad acu – nuair a ghlacais greim uilleann

Ar bheirt fhear, ag díriú in aghaidh an tsléibhe

Trí aiteann agus plabar ar fhothrach Chill Ó Buaine.

 

Agus ba lú fós de splanc – munar splanc ó neamh é –

A bhí agat nuair a dhreapais céim ar chéim phianmhar

Go dtí mainistir na Sceilge crochta os cionn farraige,

Gearranál gáirdeach ort óna bun go dtína barr.

 

Anois, is tú ag dreapadh go mall lá i ndiaidh lae

Idir sheomra agus gáirdín, ag iompar do chuid ocsaigín,

Nár thaga, a chroí, aon chiall cheannaigh ort, ach gríosaigh

Splanc geal do chuimhne ina lasar misnigh don dturas.

 

 

 

©2011 Paddy Bushe

 

 

 

Author Links

 

'Yangshuo River Walk', filíocht le Bushe ag Magma

Filíocht le Bushe ag Southword

Bushe ag Dedalus Press.com

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15